bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Job 20
Job 20
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 19
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 21 →
1
Ansin d' fhreagair Zófar ó Namát agus dúirt:
2
Tá fonn ar mo smaointe freagra a thabhairt ar an méid sin; Agus ní ionadh mé a bheith do mo shuaitheadh go mífhoighneach;
3
Is beag orm an teagasc a fuaireas, Ach thug spiorad as mo thuiscint freagra orm:
4
Is eol [dom] seo ó na cianta, Ó cuireadh an duine ar talamh:
5
Gur gearr í caithréim an urchóidigh, Agus nach bhfuil ach gal soip i lúcháir an pheacaigh. ABN: 5, 11, 6-10, 12
6
Fág go mbeadh sé chomh hard leis an spéir Agus go sroichfeadh a cheann na néalta,
7
Rachaidh sé ar ceal go brách dála an chátha; Déarfaidh an mhuintir a chonaic é: «Cá bhfuil sé?»
8
Baileoidh sé leis ar nós brionglóide agus ní bheidh fáil air. Imeoidh sé leis dála aisling oíche.
9
An tsúil a chonaic é, ní luífidh sí air a thuilleadh, Agus ní bhfaighfear radharc air níos mó ina áit dhúchais.
10
Beidh a mhic faoi leatrom le barr bochtanais, Agus déanfaidh a chlann a mhaoin a aisíoc.
11
Tá lúth na hóige ag borradh ina chnámha, Ach luífidh sé leis sa chré
12
Ba mhilis é blas na hurchóide ina bhéal, Agus chuir sé i bhfolach í faoina theanga.
13
Níor mhian leis scaoileadh léi Ach moill a chur uirthi ina bhéal.
14
Ach téann athrú ar a chuid bia ina ghoile, Déanann nimh nathrach de ina bholg.
15
An mhaoin a shlog sé, ní foláir dó í a aiseag; Déanfaidh Dia iad a dhíbirt as a bholg.
16
Déanann sé nimh nathrach a dhiúl; Is í teanga na nathrach nimhe a mharóidh é.
17
Ní fhéachfaidh sé ar aibhneacha ola, Ar shlaoda meala agus ime.
18
Tá deireadh leis an aoibh ar a cheannaithe de bharr a shochair; Ní bheidh sásamh a thuilleadh aige as borradh a mhaoine.
19
Óir réab sé botháin na mbocht, Agus thóg seilbh ar theach duine eile in áit teach a thógáil dó féin.
20
Níorbh fhéidir saint a chroí a shásamh, Agus anois [ní shábhálfaidh a thoice é].
21
Ní dheachaigh aon ní slán óna ampla, Agus anois ní bheidh a chonách buan.
22
Luífidh an ghannchúis air agus flúirse ina thimpeall. Tiocfaidh gach sort anró sa mhullach air.
23
(Nuair a líon sé a bholg?) Scaoilfidh Dia fraoch loiscneach a fheirge go léir air, Agus fearfaidh sé neascóidí ar a chorp.
24
Má theitheann sé ón arm iarainn, Aimseoidh an bogha cré-umha go paiteanta é.
25
Tiocfaidh an crann amach trína dhroim, Agus an rinn trí mháilín a dhomlais. Tá stór uafas i ndán dó.
26
Agus tá an dorchadas go léir ar a thí. Tá tine gan bhoilg lena alpadh; Agus sloigfidh sí a bhfuil fágtha ina bhoth.
27
Nochtfaidh na flaithis a urchóid, Agus éireoidh an talamh ina choinne.
28
Scuabfaidh díle a theach ar shiúl, Mar thuile lá na feirge.
29
Sin é cuid roinne an urchóidigh ó láimh Dé Agus oidhreacht a uaille ó Dhia.
← Chapter 19
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 21 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36
37
38
39
40
41
42