bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Job 19
Job 19
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 18
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 20 →
1
Ansin d' fhreagair Iób agus dúirt:
2
An fada a bheidh sibh do mo chiapadh Agus do mo bhascadh le focail?
3
Thug sibh tarcaisne dom deich n-uaire Agus mhaslaigh sibh mé go mínáireach.
4
Fág go ndeachaigh mé amú, Nach bhfanann mo locht faram féin? [Labhair mé focail gan tairbhe, Ba trí dhearmad a labhair mé, agus le barr aineolais.]
5
Má bhíonn sibh uaibhreach liom, Agus argóint i mo choinne a dhéanamh de mo náire,
6
Bíodh a fhios agaibh gurb é Dia a chuir san éagóir mé, Agus a dhún a líon i mo thimpeall.
7
Féach! glaoim in aghaidh an éigin, ach ní thugtar freagra orm. Iarraim cabhair, ach ní bhíonn ceart le fáil agam.
8
Chuir sé bac ar mo bhóthar agus ní féidir dom gabháil thairis. Chuir sé an dorchadas ina bhrat ar mo chosán.
9
D' fhuadaigh sé mo ghlóir, Agus bhain an choróin de mo cheann.
10
Rinne sé mé a bhascadh ó gach taobh, agus ghéill mé. Stoith sé mo dhóchas mar phlanda as an talamh.
11
D' adhain sé a fhearg i m' aghaidh, Agus d' áirigh sé mé mar namhaid dó.
12
Tháinig a fhorsaí i m' aghaidh in éineacht, Thug siad ruathar fúm, Agus chuir léigear ar mo bhoth.
13
Thréig mo bhráithre mé, Agus scar mo lucht aitheantais liom ar fad.
14
D' imigh mo ghaolta agus mo chairde cumainn chun siúil uaim, Agus rinne m' aíonna i mo theach dearmad orm.
15
Is strainséar mé dar le mo bhanseirbhísigh; Níl ionam ach duine deoranta dar leo.
16
Glaoim ar mo sheirbhíseach, ach freagra ní thugann sé; Ní foláir dom dul ag tathant air.
17
Is bréan le mo bhean an anáil asam, Agus is gráin le mo bhráithre cíche mé.
18
Tá drochmheas ag na leanaí féin orm; Nuair a thagaim i láthair labhraíonn siad i mo choinne.
19
Is fuath le mo chairde cléibh mé, Agus an mhuintir dá dtug mé grá, d' iompaigh siad i m' aghaidh.
20
Tá mo chuid feola ag lobhadh faoi mo chraiceann, Tá mo chnámha ag gobadh amach ar nós fiacal.
21
Bíodh trua agaibh dom, a chairde liom, bíodh trua agaibh dom, Óir threascair lámh Dé mé.
22
Cad chuige a ndéanann sibh mé a chiapadh ar nós Dé? Nach bhfuil bhur sáith de m' fheoil ite agaibh?
23
Mo mhairg nár scríobhadh síos mo bhriathra, Nár inscríobhadh iad ar scrolla,
24
Nár greanadh iad, le peann iarainn agus le luaidhe, Ar charraig go brách.
25
Is eol dom go maireann mo chosantóir beo, Agus go seasóidh seisean, an neach deireanach, an fód go daingean ar talamh.
26
Dá bhfeicfinn é ar scaradh le mo chneas, Dá bhfaighinn radharc ar mo Dhia agus mé díchollaithe,
27
An té a d' fheicfinn, bheadh sé ar mo thaobh, An té a bhfeicfeadh mo shúile é, ní bheadh sé eascairdiúil liom. Tá mo leasracha á gcnaí!
28
Sibhse a deir: «Cén chaoi a rachaimid sa tóir air? Cén leithscéal atá againn ina aghaidh?»
29
Bíodh eagla oraibh féin anois roimh an gclaíomh, Mar adhanfar fraoch na feirge in aghaidh na hurchóide, Le go mbeadh a fhios agaibh go bhfuil breithiúnas ann dáiríre.
← Chapter 18
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 20 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36
37
38
39
40
41
42