bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Job 34
Job 34
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 33
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 35 →
1
Lean Eilíhiú air lena aitheasc agus dúirt:
2
Éistigí lena bhfuil le rá agam, a shaoithe, Agus tugaigí cluas dom, a lucht an eolais.
3
Óir déanann an chluas briathra a phromhadh, Mar a dhéanann an carball bia a bhlas.
4
Faighimis amach dúinn féin cá bhfuil an ceart; Agus deimhnímis eadrainn féin céard is cóir.
5
Dúirt Iób: «Táimse fíréanta, Ach dhiúltaigh Dia mo cheart dom.
6
Tá breitheamh mo chúise i bhfaltanas liom, Is tinn é mo chréacht cé nach ndearna mé coir.»
7
An bhfuil a lán de leithéid Iób ann, A shlogann an sciolladh mar uisce?
8
Agus a dhéanann caidreamh le lucht déanta an oilc Agus a shiúlann le hurchóidigh?
9
Mar nár dhúirt sé: «Saothar in aisce é Do dhuine a bheith ag iarraidh Dia a shásamh.»
10
Éistigí dá bhrí sin liomsa, a lucht na heagna; Is fada ó Dhia an choirpeacht Agus an éagóir ón Uilechumhachtach.
11
Déanann sé cúiteamh leis an duine de réir a oibreacha, Agus de réir bearta a shaoil a thugann sé luach saothair dó.
12
Is léir nach ndéanfaidh Dia éagóir, Agus ní chlaonann an tUilechumhachtach an bhreith;
13
Cé chuir an chruinne faoina chúram Agus an saol mór ina iontaoibh?
14
Dá dtarraingeodh sé a spiorad ar ais chuige féin, Agus a anáil a bhailiú chuige féin,
15
Gheobhadh gach feoil bás, Agus d' fhillfeadh an duine ar an gcré.
16
Má tá aon tuiscint ionat, éist leis seo, Agus tabhair cluas dá bhfuil á rá agam:
17
An mbeidh duine gur fuath leis an ceart i gceannas? An ndéanfaidh tú breitheamh na dtréan a dhaoradh?
18
An té a thabharfadh «suarachán» ar a rí, Agus «coirpeach» ar thaoiseach,
19
Agus nach mbeadh lé aige le flatha, Ná le saibhre thar na boicht, Mar gur óna láimh féin iad uile.
20
Faigheann siad bás i bprapadh na súl; Dá thábhachtaí iad, éagann siad i lár na hoíche, Ní [aon nath leis] tíoránach a chur ar an éadreoir;
21
Óir tá súil aige ar iompar an duine, Agus faireann gach coiscéim dá ngabhann.
22
Níl dorchadas ná scáil bháis ann, Ina bhféadfadh lucht an oilc dul i bhfolach.
23
Óir ní dhearna sé coinne d' aon duine Le dul i láthair Dé i mbreithiúnas.
24
Bascann sé cumhacht lucht an nirt gan fiosrú ina dtaobh, Agus cuireann dream eile ina n-áit.
25
Tá fios a mbeart aige, Agus treascrann sé faon ar lár iad san oíche.
26
Buaileann sé iad de bharr a gcoirpeachta, Agus [déanann cimí díobh] os comhair an tsaoil.
27
«D' iompaíodar óna sheirbhís,» a deir tú, «Agus níor thóg siad ceann dá bhealaí go léir,
28
I dtreo go dtáinig glao an duine bhoicht chun [Dé] Agus gur chuala sé glór an deibhleáin.
29
D' fhan sé socair gan aon duine a dhaoradh; Nuair a cheileann sé a aghaidh, cé ar féidir dó é a fheiceáil?» Ach bíonn trócaire aige ar náisiún agus ar dhaoine,
30
Agus saorann sé fiú an t-aindiaga ó ghreim na hainnise.
31
Má deir duine le Dia: «Mealladh mé, ní le hurchóid a rinne mé beart.
32
Má pheacaigh mé, cuir in iúl dom é! Má bhí mé éagórach, ní bheidh mé amhlaidh arís.»
33
Sa chás sin ar chóir dó, dar leat, é a phionósú, Ós rud é go ndiúltaíonn tú dá bhreitheanna? Ón uair nach agamsa ach agatsa atá an rogha le déanamh, Abair céard atá ar eolas agat.
34
An mhuintir thuisceanach go léir, Agus na saoithe i measc mo lucht éisteachta, déarfaidh siad liom:
35
«Briathra gan ghaois a labhraíonn Iób, Agus níl aon tuiscint ina chuid cainte.»
36
Ach déanfar Iób a phromhadh go ceann scríbe, Mar go bhfreagraíonn sé mar a dhéanfadh urchóidigh.
37
Óir cuireann sé ceannairc mar bhreis lena pheaca, Ag [caitheamh amhrais faoin gcoir inár measc] Agus ag tabhairt masla ar mhasla do Dhia.
← Chapter 33
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 35 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36
37
38
39
40
41
42