bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Job 22
Job 22
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 21
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 23 →
1
Cúitíonn Dia
2
An féidir d' aon duine tairbhe a dhéanamh do Dhia Le go ndéanfadh an t-eagnaí tairbhe dó?
3
An aon bhuntaiste é don Uilechumhachtach thú a bheith fíréanta? Nó an aon mhaith dó thú a bheith gan locht i do bhearta?
4
An de bharr do dhúthrachta a chuireann sé pionós ort Agus a théann sé chun breithiúnais leat?
5
Nach mór í d' urchóid, Agus nach bhfuil do choireanna gan teorainn?
6
Bhítheá ag éileamh geall gan chúis ar do bhráithre, Agus ag sciobadh a gcuid éadaigh ón mbocht.
7
Níor thug tú deoch uisce don tuirseach, Agus dhiúltaigh tú arán don ocrach. ABN: 7, 9-14, 8, 18, 15-17, 19
8
Ach is ag an tréan atá seilbh ar an talamh, Agus tá cónaí ar an gcumasach ann.
9
Lig tú na baintreacha uait folamh Agus bhasc tú géaga na ndílleachtaí.
10
Uime sin tá gaistí i do thimpeall Agus uafás tobann do do sceimhliú.
11
Dorchaíodh do sholas agus dalladh thú, Agus tá an díle do do bhá.
12
Nach bhfuil cónaí ar Dhia in uachtar neimhe [Ag féachaint anuas] ar na réaltaí is airde?
13
Ach deir tú: «Cén t-eolas atá ag Dia? Agus an féidir leis breith a thabhairt tríd an dorchadas?
14
Tá na néalta mar bhrat tiubh dó agus ní féidir leis feiceáil, Agus siúlann sé ar stua na speire.
15
An gcloífidh tusa leis an seanchosán, A ghabh na hurchóidigh?
16
Sciobadh iadsan ar shiúl in antráth, Agus scaoileadh abhainn thar a láithreacha boinn.
17
Dúradar le Dia: «Imigh uainn!» Agus «Cad is féidir don Uilechumhachtach a dhéanamh linne?»
18
Líonann sé a dtithe le hiolmhaitheasaí, Agus is cian uaidh comhairle na n-urchóideach.»
19
Feiceann na fíréin an méid sin agus bíonn áthas orthu, Agus bíonn na neamhchiontaigh ag fonóid fúthu:
20
«Scriosadh a [réim] go dearfa, Agus loscadh a gconách le tine!»
21
Déan réiteach le Dia agus bíodh síocháin agat Agus rachaidh sin go mór i dtairbhe duit.
22
Cuir fáilte roimh bhriathra a bhéil, Agus taiscigh a theagasc i do chroí
23
Más áil leat filleadh ar an Uilechumhachtach agus tú a thógáil aníos, Díbir an urchóid ó do bhoth,
24
Agus caith an t-ór sa luaithreach, Agus ór Óifír ar ghrinneall na habhann;
25
Ansin beidh an tUilechumhachtach agat mar ór, Nó mar airgead ina charnáin.
26
Beidh an tUilechumhachtach agat mar ábhar lúcháire, Agus ardóidh tú do ghnúis chun Dé.
27
Guífidh tú chuige, agus éistfidh sé leat, Agus comhlíonfaidh tú do mhóide.
28
Má bheartaíonn tú cúrsa, rithfidh leat, Agus lonróidh solas ar do bhealaí.
29
Óir leagann sé ar lár lucht na mbriathar uallach, Agus slánaíonn sé lucht na súl uiríseal.
30
Fuasclaíonn sé an neamhchiontach, Agus tiocfaidh [tusa] slán trí ghlaine do lámh.
← Chapter 21
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 23 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36
37
38
39
40
41
42