bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Job 23
Job 23
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 22
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 24 →
1
Ansin d' fhreagair Iób agus dúirt sé:
2
Is ceannairceach mo chasaoid fós inniu, Cé go bhfuil mo lámh ag luí ar m' osnaíl.
3
Uch gan a fhios agam cá bhfaighinn é, Le go rachainn faoi bhráid a shuí breithimh.
4
Chuirfinn mo chás in iúl os a chomhair Agus bheadh clab orm le hargóintí.
5
D' fhoghlaimeoinn gach focal cosanta a labhródh sé, Agus thuigfinn gach a ndéarfadh sé liom.
6
An rachadh sé chun aighnis liom le lán a chumais? Ní dhéanfadh! Níorbh fholáir dó éisteacht a thabhairt dom.
7
Is duine ionraic a bheadh ag argóint leis Agus bhuafainn mo chás go dearfa.
8
Féach! Má ghabhaim soir, níl sé ann; Nó siar, ní bhfaighim radharc air.
9
Má chuardaím thuaidh é, níl fáil air; Má chasaim ó dheas, ní fheicim é.
10
Ach dá mbeadh eolas aige ar mo bhealaí, Dá ndéanfadh sé mé a phromhadh sa soitheach leá is mar ór a thiocfainn as.
11
Lean mo chos go dlúth dá chéimeanna, Chloígh mé lena bhealach gan casadh i leataobh.
12
Níor chlaon mé ó aithne a bheola, Agus thaiscigh mé briathra a bhéil.
13
Ach tá a rogha déanta aige, agus cé a d' fhéadfadh é a chur ar mhalairt treo? Cibé ní a bheartaíonn sé ina chroí, cuirfidh sé i gcrích é.
14
Comhlíonfaidh sé cibé rud a shocraigh sé dom, Dála a lán beartas eile atá socair aige.
15
Uime sin, tá uafás orm ina láthair; Agus dá mhéid a mhachnaím, is ea is mó a bhíonn scanradh orm roimhe.
16
Scaip Dia mo mhisneach, Agus chuir an tUilechumhachtach sceimhle orm.
17
Óir déanann an dorchadas mise a cheilt air, Agus cuireann an ghruaim brat idir é agus mé.
← Chapter 22
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 24 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36
37
38
39
40
41
42