bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Job 29
Job 29
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 28
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 30 →
1
Lean Iób air lena aitheasc ansin agus dúirt:
2
Uch nach bhfuil an scéal agam mar a bhí sna míonna atá thart, Agus sna laethanta ina raibh Dia i mo chúram.
3
Nuair a bhí a lampa ag taitneamh os mo chionn, Agus a sholas mar threoir agam sa dorchadas,
4
Mar a bhí mé i laethanta mo shéin, Nuair a chuir Dia fál timpeall mo bhotha;
5
Nuair a bhí an tUilechumhachtach fós faram, Agus mo chlann i mo thimpeall;
6
Nuair a bhí mo chosa á ní le huachtar, Agus ola ina slaoda ó na carraigeacha!
7
Nuair a ghabh mé amach go geata na cathrach, Nuair a shuigh mé in áit an mhargaidh,
8
Chonaic na hógánaigh mé agus chuaigh siad i leataobh, Agus d' éirigh na seanóirí ina seasamh.
9
Scoir na flatha den chaint. Agus leag méara ar a mbeola.
10
D' éist glór na dtaoiseach, Agus níor bhog a dteanga ón gcarball.
11
Nuair a chuala an chluas mé, chuir sí a beannacht orm, Agus nuair a chonaic an tsúil mé thug sí fianaise orm.
12
Óir d' fhuascail mé an bocht nuair a ghlaoigh sé, Agus an dílleachta a bhí gan lámh chúnta.
13
Tháinig beannacht orm ón té a bhí ag saothrú an bháis Agus chuir mé lúcháir ar chroí na baintrí.
14
Chuir mé an fhíréantacht umam mar bhrat; Ba gheall le caidhp agus clóca agam an ceart.
15
Ba shúile mé don dall, Agus cosa don bhacach.
16
Ba athair mé don bhochtán, Agus d' iniúch mé cúis an duine anaithnid.
17
Bhris mé giall an éagóraigh Agus sciob mé a chreach óna fhiacla.
18
Dúirt mé liom féin: «Gheobhaidh mé bás faoi onóir; Rachaidh mo laethanta i líonmhaire dála an chrann pailme,
19
Agus mo fhréamha leata i dtreo na n-uiscí, Agus an drúcht ag luí ar mo dhuilliúr san oíche.
20
Ní rachaidh mo cháil ar gcúl, Agus beidh neart úr sa bhogha i mo láimh.»
21
D' éisteadh daoine liom go foighneach, Agus thugaidís cluas do mo chomhairle gan focal astu.
22
Nuair a bhíodh deireadh ráite agam ní labhraidís arís, Agus thit mo fhocla orthu ceann ar cheann.
23
Bhídís ag feitheamh liom mar a bheidís leis an mbáisteach. Agus d' osclaídís a mbéal mar a dhéanfaidís don bháisteach dhéanach.
24
Dá ngairfinn fúthu, ní chreidfidís; Dá réiteoinn, ní chuirfidís ina choinne.
25
Dhéanainnse a gcúrsa a roghnú, agus shuínn mar thaoiseach; Agus bhínn mar rí i measc a shluaite, Agus mar shólásaí do lucht an chaointe.
← Chapter 28
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 30 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36
37
38
39
40
41
42