bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Job 27
Job 27
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 26
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 28 →
1
Agus lean Iób air lena aitheasc agus dúirt:
2
Dar Dia beo a bhain díom mo cheart, Agus dar an Uilechumhachtach a chuir gruaim ar m' anam,
3
Fad tá an dé ionam, Agus spiorad Dé i mo pholláirí,
4
Ní labhróidh mo bheola focal éithigh go brach Ná ní thiocfaidh bréag as mo bhéal!
5
Gura fada uaim a admháil go bhfuil tú sa cheart! Go lá mo bháis ní shéanfaidh mé m' ionracas.
6
Seasaim ar fhód m' fhíréantachta, agus ní bhogfaidh mé. Níl ábhar gearáin ag mo choinsias orm de bharr mo shaoil.
7
Droch-chríoch ar m' eascara, dála an urchóidigh, Agus ar mo namhaid, dála an éagráifigh.
8
Óir cén dóchas atá ag an aindiaga ag [guí] dó, Agus ag ardú a anama chun Dé?
9
An n-éistfidh Dia lena ghlao Nuair a thagann an mí-ádh sa mhullach air?
10
An é an tUilechumhachtach is gean leis? An gcuireann sé a ghuí i gcónaí chun Dé?
11
A mhalairt! Taispeánfaidh mé daoibh cé mar oibríonn cumhacht Dé, Gan aon chuid de bheartais an Uilechumhachtaigh a cheilt.
12
Dá dtuigfeadh sibh féin go léir iad, Ní chuirfeadh sibh bhur n-anáil amú ar bhriathra baotha.
13
Sé seo atá i ndán ag Dia don choirpeach, Agus an oidhreacht a bhronnann an tUilechumhachtach ar an tíoránach.
14
Dá líonmhaire iad a chlann mhac, sé an claíomh is dán dóibh; Agus beidh a sliochtsan ar an ngannchuid bia.
15
Déanfaidh an bás an mhuintir a bheidh fágtha a adhlacadh, Agus ní dhéanfaidh a mbaintreacha olagón.
16
Cruinníodh sé airgead mar luaithreach, Agus cnuasaíodh sé éadach mar chré.
17
Bíodh aige! Ach is duine cóir a chaithfidh, Agus roinnfear a chuid airgid ar an muintir ionraic.
18
Thog sé nead damhán alla dó féin, Agus seantán fhear faire.
19
Luíonn sé síos saibhir, ach ní bheidh sé amhlaidh arís, Nuair a dhúiseoidh sé beidh gach ní imithe.
20
Tiocfaidh uafáis sa mhullach air mar thuile, Agus fuadóidh stoirm é san oíche.
21
Ardóidh an ghaoth anoir ón talamh é, agus béarfaidh sí léi é, Sciobfaidh sí é óna áit chónaithe.
22
Déanfar sprioc lámhaigh de gan trua ná taise; Caithfidh sé teitheadh ó lucht a bhagartha.
23
Buailfear bosa nuair a leagfar ar lár é, Agus beifear ag drannadh air ó gach aird.
← Chapter 26
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 28 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36
37
38
39
40
41
42