bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Job 37
Job 37
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 36
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 38 →
1
Suaitheann sé seo mo chroí féin, Agus preabann sé anonn ionam.
2
Éist le glór a ghutha, Agus leis an tormán a thagann as a bhéal.
3
Scaoileann sé a thintreach ar feadh stua na spéire, Agus sroicheann sí go himeall na cruinne.
4
Búireann a ghuth ina diaidh, Agus torann maorga a thoirní. Ní chuireann sé srian lena [thintreach], Go dtí nach mbíonn a ghlór le clos a thuilleadh.
5
Is éachtach mar a bhúireann Dia le tormán a ghutha, Agus is iontach na bearta dothuigthe a dhéanann sé.
6
Óir deir sé leis an sneachta: «Tit ar an talamh!» Agus leis an tulca báistí: «Treise ort!»
7
Cuireann sé an clabhsúr ar shaothar gach duine, I dtreo gurb eol do chách a oibreacha.
8
Téann gach ainmhí ar ais ina bpluais, Agus i bhfolach ina bpruchóg.
9
Tagann an t-anfa óna áras theas, Agus tugann an ghaoth aduaidh an fuacht léi.
10
Sí anáil Dé a thugann an leac oighir, Agus fágann sin na linnte lána téachta.
11
Cuireann sé an taise mar ualach ar na néalta; Agus scaipeann na scamaill toirní a thintreach.
12
Treoraíonn sé féin a gcúrsa timpeall, Agus stiúraíonn sé a n-athruithe sa séasúr. Géilleann siad dá orduithe go beacht Ar fud an domhain mhóir,
13
Cibé acu a [sheolann sé iad] d' fhonn ciníocha na cruinne a phionósú, Nó d' fhonn oibreacha trócaire a chur i gcrích.
14
Éist leis sin uile, a Iób! Stad agus machnaigh ar iontais Dé go léir!
15
An eol duit conas a dhéanann Dia iad a smachtú, Agus conas a spréachann a néal an tintreach uaidh?
16
An eol duit conas a dhéanann sé na scamaill a chothromú, Agus cad í an intlíocht lena ndéanann sé an t-iontas seo?
17
Tusa a mbíonn d' éadach te le do chneas, Agus an talamh ina chnap faoin ngaoth aneas,
18
An féidir leat cabhrú leis stua na spéire a leathadh Agus é chomh crua le scáthán de mhiotal leáite?
19
Múin dúinn cad tá le rá againn Mar nach féidir dúinn ár gcás a chur in iúl toisc an dorchadais.
20
An gcuirfear in iúl gur mian liom labhairt? An ndéanfar duine a shlogadh nuair a labhróidh sé?
21
Téann an solas ar ceal ar uaire Ar chúl na scamall dorcha; Ach tagann an ghaoth agus scuabann ar shiúl iad,
22
Agus leathann gile ón aird thuaidh. Tá maorgacht eaglach uime ag Dia;
23
Tá seisean, an tUilechumhachtach, i bhfad uainn. Is éachtach é a chumhacht agus a chothroime Agus ní chiapann sé an té a bhíonn ag cosaint a chirt.
24
Ní ionadh gurb eagal le daoine é, Agus go bhfuil urraim ag an muintir chiallmhar croí dó.
← Chapter 36
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 38 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36
37
38
39
40
41
42