bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Job 18
Job 18
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 17
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 19 →
1
Ansin d' fhreagair Bildead ó Shiúach agus dúirt:
2
An gcuirfidh tú srian go deo le do theanga? An gcaithfimid éisteacht, agus gan labhairt go pras?
3
Cén fáth nach bhfuil ach meas madra agat orainn, Agus gur cuma leat sinn nó [ainmhí éigiallda]
4
A stollann é féin le barr feirge? An gcaithfear an tír a bhánú ar do shon Agus an charraig a chur as a leaba?
5
Ní foláir, ambasa, solas an choirpigh a mhúchadh, Agus lasair a thine a dhul in éag.
6
Lagófar an solas ina bhoth Agus múchfar an lampa os a chionn.
7
Déanfar a choiscéimeanna daingne a chrapladh, Agus leagfaidh a chomhairle féin ar lár é.
8
Óir tugann a chosa féin isteach sa líon é, Agus siúlann sé i measc na sás.
9
Béarfaidh gaiste ar sháil air Agus greamóidh sé sa dol.
10
Beidh súil ribe i bhfolach ina chomhair sa talamh, Agus gaiste roimhe ar an gcosán.
11
Beidh scanradh air ó uafáis ina thimpeall, Agus iad á leanúint go dlúth ar a shála.
12
Beidh an gorta aige mar [pháirtí] Agus an mí-ádh go dlúth lena thaobh.
13
Déanfaidh galar a chraiceann a chnaí, Agus céadghin an bháis a ghéaga a chreimeadh.
14
Scuabfar é óna bhoth mar ar bhraith sé slán sábháilte. Agus tabharfar é i láthair rí na n-uafás. ABN: 14, 18, 15-17, 19
15
Lonnóidh [Lilit] faoina dhíon, Agus scaipfear ruibh ar a ghabháltas.
16
Seargfaidh a fhréamha laistíos, Agus feofaidh a chraobha lastuas.
17
Rachaidh gach cuimhne air sa tír ar ceal, Agus ní mhairfidh a thásc ina dhúiche.
18
Tiomáinfear é ó sholas go dorchadas, Agus ruaigfear as an saol é.
19
Ní bheidh síol ná sliocht air i measc a chine, Ná comharba air ina áit chónaithe.
20
Cuirfidh a chríoch uafás ar an domhan thiar, Agus scéin ar an domhan thoir.
21
B' áit chónaithe choirpigh an áit seo go dearfa, Áitreabh duine nárbh eol dó Dia.
← Chapter 17
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 19 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36
37
38
39
40
41
42