bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Job 13
Job 13
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 12
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 14 →
1
Féach! Chonaic mé é sin go léir le mo shúile cinn! Chuala mo chluas é, agus thug mé aird air.
2
An ní is eol daoibhse, is eol domsa freisin; Níl an tosach agaibh orm!
3
Ba mhian liom labhairt leis an Uilechumhachtach; B' áil liom áiteamh le Dia.
4
Maidir libhse, níl ionaibh ach lianna bréige; Lucht leighis gan tairbhe sibh go léir!
5
Uch nach gcoimeádfadh sibh bhur mbéal dúnta! Ba chríonna an mhaise daoibh é!
6
Éistigí anois, le bhur dtoil, le mo ghearán, Agus tugaigí aird ar na hargóintí ó mo bhéal:
7
An ndéanfaidh sibh cúis Dé a chothú le héitheach, Agus bréag a insint ar a shon.
8
An mbeidh sibh ag déanamh leathchuma ar a shon? An mbeidh sibh mar abhcóidí aige?
9
An mbeidh an scéal ar fónamh nuair a dhéanfaidh sé sibh a phromhadh? An meallfaidh sibh eisean, mar a mheallfaí daoine?
10
Déanfaidh sé sibh a cheartú gan amhras, Má dhéanann sibh leathchuma faoi cheilt.
11
Nach gcuirfidh a mhórgacht scanradh oraibh? Agus nach dtitfidh a uafás sa mhullach oraibh?
12
Níl in bhur seanfhocail ach nathanna luaithrí, Agus freagraí cré bhur bhfreagraí!
13
Cuirigí uaibh! Ligigí dom agus labhróidh mise freisin, Is cuma cad a thiocfaidh as dom!
14
Cuirfidh mé m' anam i gcúl mo dhoirn, Agus rachaidh mé sa seans leis!
15
Maraíodh sé mé más áil leis, níl de dhóchas agam Ach mo bhealaí a chosaint ina láthair.
16
Sé a bheidh mar shlánú agam, Nach coirpeach atá ag teacht os a chomhair.
17
Tugaigí aird ar a bhfuil le rá agam, Agus cluas ghéar do mo bhriathra:
18
Féach, dá bhféadfainn mo chúis a agairt, Tá a fhios agam gur mise a thiocfadh slán.
19
Cé rachaidh chun aighnis liom? Mar is gearr go mbeidh mé i mo thost agus in éag.
20
Deonaigh dhá achainí dom, sin uile, Agus ansin ní rachaidh mé i bhfolach ó do ghnúis.
21
Bog díom do lámh, Agus ná bím ar crith le heagla romhat!
22
Glaoigh ansin agus tabharfaidh mé freagra ort! Nó cead cainte domsa agus freagairse mé!
23
Cé mhéad coir agus peaca a rinne mé? Inis dom mo locht agus m' éagóir.
24
Cad ab áil leat ag ceilt do ghnúise Agus gan ach meas namhad agat orm?
25
An ndéanfaidh tú duilleog ghaoithe a chiapadh, Agus dias chríon a thóraíocht?
26
Óir scríobhann tú nithe searbha i m' aghaidh, Agus greamaíonn tú cionta m' óige díom;
27
Cuireann tú mo chosa i gceap, Agus faireann tú mo bhealaí go léir, Agus tugann tú aird ar rian mo chos.
28
[Tá mo shaol] go léir ag creimeadh mar chríonach, mar bhrat ite ag leamhain.
← Chapter 12
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 14 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36
37
38
39
40
41
42