bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Job 36
Job 36
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 35
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 37 →
1
Lean Eilíhiú air ag caint agus dúirt:
2
Bí foighneach go fóill, agus taispeánfaidh mé duit, Óir tá breis le rá agam ar son Dé.
3
Beidh argóintí liom ag teacht ón imigéin Agus mé á dheimhniú go bhfuil mo cruthaitheoir sa cheart.
4
Níl bréag i mo ráite, bí deimhin de, Tá duine atá foirfe ina chuid eolais ag plé leat.
5
Ní dhiúltaíonn Dia don té atá glan ó chroí;
6
Ná ní fhágann an peacach i mbláth a chumhachta. Tugann sé a chuid don bhocht,
7
Agus cosnaíonn cearta an fhíréin. Nuair a ardaíonn sé ríthe chun na corónach, Agus go dtagann díomas orthu de bharr a réime gan chrích,
8
Cuireann sé i ngéibheann geimhleach iad, Go daingean i mbraighdeanas an anró.
9
Fógraíonn sé a mbearta dóibh, Agus peacaí an uabhair a rinne siad.
10
Cuireann sé cogar ina gcluais, Á áiteamh orthu casadh ó chosán a bpeacaí.
11
Má éisteann siad agus rud a dhéanamh air, Bíonn an rath ar dheireadh a saoil, Agus a mblianta deiridh go sochma.
12
Ach mura ndéanann siad, maraítear le faobhar claímh íad, Agus buaileann an bás iad gan choinne.
13
Déanann na héagráifigh ó chroí an fhearg a chothú Agus ní ghlaonn siad ag lorg cabhrach nuair a chraplann sé iad.
14
Faigheann siad bás ina n-óige, Nó caitheann siad saol náireach;
15
Ach saorann sé an mhuintir umhal lena n-ainnise, Agus osclaíonn a gcluasa le cruatan.
16
Tá faoiseamh á bheartú aige duitse freisin; Bhí cónaí ort tráth i só gan teorainn, Agus sólais mhéithe ar do bhord.
17
Ach ní dhearna tú na coirpigh a dhaoradh; Rinne tú slad ar chearta na ndílleachtaí.
18
Seachain agus ná mealladh maoin thú, Agus ná déanadh breabanna teanna thú a chur amú.
19
Cúisigh lucht na maoine chomh maith leis na boicht, Lucht an lámh láidir chomh maith leis an dream lag.
20
Ná satail ar na daoine nach aithnid duit D' fhonn do ghaolta a chur ina n-áit.
21
Seachain agus ná claon leis an olc, Mar sin é is cúis dáiríre le d' anró.
22
Féach! tá Dia á mhóradh lena neart, Cé is teagascóir mar é?
23
Cé a dúirt leis riamh céard a bhí le déanamh aige? Nó go raibh sé de dhánaíocht ann a rá: «Rinne tú éagóir»?
24
Féach chuige go mórfaidh tú a oibreacha; Bhí siad go minic ina n-ábhar molta ag daoine.
25
Is soiléir iad don saol mór, Agus tá radharc orthu ón imigéin.
26
Is éachtach é Dia, agus sáraíonn sé ár n-eolas; Níl áireamh ar líon a bhlianta.
27
Eisean a chuireann srian leis an mbáisteach Agus déanann sé na ceathanna a scaipeadh ina gceo;
28
Bíonn na scamaill á sceitheadh Ina dtuilte ar an gcine daonna. ABN; 28, 31, 29, 30, 32
29
Cé a thuigfeadh conas a leathann sé na scamaill, Nó a bhriseann an toirneach óna phailliún?
30
Leathann sé a cheo ina thimpeall, Agus clúdaíonn sé barr na gcnoc.
31
Leosan a dhéanann sé na pobail a chothú, Agus a dháileann sé bia go fial.
32
Cnuasaíonn sé an tintreach ina mhám, Agus tugann treoir di i leith na sprice.
33
Tugann an toirneach rabhadh é bheith ag teacht; Faigheann an fhearg an lámh in uachtar ar an urchóid.
← Chapter 35
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 37 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36
37
38
39
40
41
42