bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Job 40
Job 40
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 39
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 41 →
1
Ansin dúirt an Tiarna le Iób:
2
An bhfuil céile comhraic an Uilechumhachtaigh ar tí géilleadh? An bhfuil freagra tagtha chun an té atá ag áiteamh le Dia?
3
Ansin d' fhreagair Iób an Tiarna:
4
Féach! Is beag le rá mise; cén freagra a thabharfaidh mé ortsa? Is fearr dom mo lámh a leagan ar mo bhéal, dá bhrí sin.
5
Aon uair amháin a labhair mé, agus ní [labhróidh mé] athuair. Arís eile ní dhéanfaidh mé a thuilleadh.
6
Ansin d' fhreagair an Tiarna Iób as an anfa gaoithe agus dúirt:
7
Cuir do chrios faoi do choim go fearúil; Cuirfidh mise na ceisteanna anois agus tabhairse na freagraí.
8
An dteastaíonn uait mo bhreith a bhréagnú, Mise a chur san éagcóir d' fhonn thú féin a chur sa chóir?
9
An bhfuil neart Dé i do láimhse, An bhfuil glór toirní agat mar atá aigesean?
10
Gabh chugat do dhínit agus do mhaorgacht más ea! Cuir umat do ghlóir is do loinnir!
11
Scaoil le fraoch d' fheirge, Ísligh gach uaibhreach le silleadh do shúl.
12
Treascair gach díomasach le silleadh do shúl, Agus leag ar lár na hurchóidigh ar an bhfód ina bhfuil siad.
13
Adhlaic le chéile sa chré iad, Agus iaigh sa charcair íochtarach iad, gan focal as a mbéal.
14
Beidh mise ar an gcéad duine ansin lena admháil, Gur féidir do do lámh dheas féin an bua a bhreith duit.
15
Féach Bahaemót! rinne mé é mar aon leat; Itheann sé féar mar an damh
16
Nach aige atá an neart ina leasracha, Agus an cumas i bhfeithleoga a bhoilg!
17
Tá a eireaball chomh teann le crann céadair, Agus tá féithleoga a cheathrúna go daingean le chéile.
18
Is cuma nó píopaí práis a chnámha, Agus is cuma a ghéaga nó sparaí iarainn.
19
Eisean sárshaothar Dé, Ach bhagair a chruthaitheoir an claíomh air,
20
Á chosc ó arda na sléibhte, Mar a mbíonn na hainmhithe allta go léir ag súgradh.
21
Luíonn sé dá bhrí sin faoin loiteog, Agus téann i bhfolach i measc ghiolcach an bhogaigh;
22
Faigheann sé scáth ó dhuilliúr na loiteoige, Agus fothain ó shaileoga an tsrutháin.
23
Má sceitheann abhainn thar a bruacha, ní chuireann sé mairg air. Dá mbrúchtfadh an Iordáin [ina chraos], ba chuma leis.
24
Cé a bhéarfaidh air ina uachais, Nó a chuirfidh bacán ar a chaincín?
← Chapter 39
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 41 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36
37
38
39
40
41
42