bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Job 24
Job 24
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 23
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 25 →
1
Cén fáth nach bhfuil a thaisce tráthanna féin ag an Uilechumhachtach? Agus cén fáth nach bhfeiceann lucht a aitheantais a laethanta?
2
Tógann na [coirpigh] marcanna teorann chun siúil; Fuadaíonn siad idir chaoirigh agus [aoire].
3
Tiomáineann siad asal an dílleachta chun siúil, Agus tógann siad damh na baintrí mar gheall.
4
Seachnaíonn lucht déirce anois na bóithre móra, Agus téann bochta na tíre go léir i bhfolach.
5
Imíonn siad amach faoin bhfásach ar nós na n-asal fiáin, Agus ocras a gclainne [á ngriogadh] Chun bia a lorg sna steipeanna loma.
6
Ní mór dóibh fómhar a bhaint i ngort duine eile, Agus na caora fáin a phiocadh i bhfíonghort an urchóidigh.
7
Caitheann siad an oíche tarrnocht, gan éadach, Gan brat lena gcosaint ón bhfuacht.
8
Fliuchtar go craiceann iad ó fhearthainn na sléibhte, Agus le heaspa fothana, síneann siad le taobh carraige. ABN: 8, 10, 11, 12, 9, 14a, 14b, 15, 14c, 16, 13, 17
9
Baintear a dtalamh de leanaí gan athair, Agus tógtar [brat] an bhochtáin mar gheall.
10
Téann siad timpeall tarrnocht le heaspa éadaigh, Agus iompraíonn siad na punanna agus iad gan bhia.
11
Caitheann siad brothall an mheán lae idir sraitheanna na bhfíniúna. Déanann siad na cantaoirí fíona a phasáilt agus tart orthu féin.
12
Bíonn osnaíl na mbásachán le cloisteáil ón gcathair, Agus screadann an duine gonta ó chroí. Ach ní thugann Dia cluas [dá nglao].
13
Is cuma iad nó naimhde an tsolais; Ní eol dóibh a bhealaí, Agus seachnaíonn siad a chosáin.
14
14a Éiríonn an dunmharfóir roimh lá, 14b Leis an mbocht agus an dealbh a mharú. 14c Téann an gadaí timpeall san oíche,
15
Bíonn an t-adhaltrach ag tnúth leis an gcamhaoir, Á rá: Ní bhfaighfear radharc orm, Agus cuireann sé brat thar a aghaidh.
16
Agus briseann isteach i dtithe sa dorchadas. Sa lá téann siad i bhfolach; Ní eol dóibh siúd an solas.
17
Dóibh go léir, sí an mhaidin an tráth is dorcha, Mar is eol dóibh a huafáis.
18
Deir sibh: «Is tapa a scuabfaí ar shiúl iad ar dhromchla na n-uiscí; Bheadh mallacht ar a gcuid den talamh. Ní thabharfadh a bhfíonghort toradh uaidh cheal uisce.
19
Scuabfadh uiscí an tsneachta a ngairdíní le fána. Dá scrúdódh Dia an peacach,
20
Dhéanfadh an bhroinn a dhealbhaigh é dearmad air, Agus ní thabharfaí a ainm chun cuimhne a thuilleadh. Mar sin a bhascfaí an urchóid mar a dhéanfaí crann.»
21
Mhaslaigh sé an bhean aimrid nár iompair leanbh, Agus ní raibh sé cneasta leis an mbaintreach.
22
Ach cuirtear fad le laethanta an tíoránaigh, Agus beireann sé bua le barr nirt, Nuair a chailleann sé a mhuinín ina bheatha,
23
Tugtar dó socracht agus taca. Dá mbeadh [Dia] ag faire a mbealaí,
24
D' ardófaí iad ar feadh tamaillín, agus ansin theipfidís. Thitfidís ar lár, agus threigfidís ar nós na leamhaí buí, D' fheofaidís ar nós diasa arbhair.
25
Muran mar sin atá, cé a chruthóidh gur thugas m' éitheach, Nó cé a thaispeánfaidh nach fíor iad mo ráite?
← Chapter 23
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 25 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36
37
38
39
40
41
42