bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Job 39
Job 39
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 38
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 40 →
1
An eol duit conas a bheireann an gabhar sléibhe a mheannán? Ar thug tú faoi deara na heilití ag breith?
2
An eol duit an iomaí mí a bhíonn siad ag tórmach? An eol duit cathain a bheireann siad?
3
Cúbann siad chucu ag breith a lao Agus saolaítear a n-óg dóibh [gan scáth san fhásach].
4
Nuair a bhíonn toirt agus neart sna laonna, Imíonn siad leo, gan filleadh ar ais orthu.
5
Cé a scaoil leis an asal fiáin? Cé a bhain an laincis den ghlamaire mear?
6
Thug mé an fásach dó mar dhúchas, Agus na machairí salainn mar áit lonnaithe.
7
Is beag air trácht na cathrach, Agus ní éisteann le glaonna tiománaí.
8
Na sléibhte raon an fhéaraigh a thaistealann sé, Agus is ansiúd a lorgann sé aon ní glas.
9
An bhfuil an damh allta sásta oibriú duit, Nó an oíche a chaitheamh ag do mhainséar?
10
An féidir duit é a cheangal sa scríob le téada Nó an ndéanfaidh sé an gleann a fhuirseadh i do dhiaidh?
11
An féidir duit a bheith ag brath air de bharr a nirt éachtaigh, Agus ligean dó do thromshaothar a dhéanamh?
12
An féidir duit a bheith ag brath air go bhfillfidh sé, Agus do ghrán a thabhairt chun d' urlár buailte?
13
An bhfuil aon dul ag sciathán na hostraise Ar chlúmh an chorr éisc agus an tseabhaic?
14
Óir ligeann sí a huibheacha uaithi ar an talamh, Agus fágann ansiúd le gor ag an gcré iad,
15
Gan cuimhneamh air go satlódh cos orthu, Nó go mbrúfadh ainmhí allta iad.
16
Is garg a bhíonn sí lena gearrcaigh, amhail is nár léi iad; Is cuma léi más saothar in aisce a saothar.
17
Óir rinne Dia ar bheagán céille í, Agus níor thug aon chuid di sa tuiscint.
18
Ach nuair a bhíonn sí ag breith chuici féin agus go mbaineann sí feidhm as a hairde, Is féidir di gáire faoin each agus a mharcach.
19
An tusa a thugann a chumas don each, Agus a chuireann an mhaing scuabach mar bhrat ar a mhuineál?
20
An tusa a chuireann ag léim é mar an dreoilín teaspaigh? Nach mór an scanradh é a sheitreach maorga!
21
Bíonn sé ag crúbáil sa ghleann le bród as a neart. Téann sé i ngleo an chatha le pramsáil íogair.
22
Gáireann sé faoin scéin, gan mairg ar bith air; Ní thugann sé a chúl leis an gclaíomh.
23
Bíonn an bolgán saighead ag cleatráil ar a dhroim, Agus an tsleá lonrach, agus an ga.
24
Cuireann sé na mílte de go mear le fraoch is cufach; Nuair a shéidtear an stoc ní féidir cosc a chur leis.
25
Le gach séideadh den stoc, deir sé: «Hupsaí!» Faigheann sé boladh an chatha i bhfad i gcéin, Agus cloiseann liúireach na dtaoiseach agus an gheoin.
26
An le comhairle d' eagnasa a éiríonn an seabhac sa spéir, Agus a leathann sé a sciatháin don turas ó dheas?
27
An le hordú uaitse a eitlíonn an t-iolar in airde Agus a dhéanann sé a nead sna harda?
28
Lonnaíonn sé agus neadaíonn ar an gcarraig, I ndaingean clochach na haille.
29
Bíonn sé ag faire na seilge ón áit sin, Agus a shúile á spíonadh i bhfad uaidh.
30
Déanann a ghearrcach fuil a shúrac; Mar a mbíonn na corpáin, ansiúd a bhíonn sé.
← Chapter 38
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 40 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36
37
38
39
40
41
42