bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Job 9
Job 9
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 8
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 10 →
1
Ansin d' fhreagair Iób agus dúirt:
2
Is eol dom go deimhin gurb amhlaidh atá; Agus conas is féidir do dhuine bheith fíréanta os comhair Dé?
3
Dá mb' áil leis conspóid a dhéanamh leis Ní fhéadfadh sé freagra as an míle a thabhairt air.
4
Is críonna é ó chroí agus is cumhachtach é ó neart. Cé a thug a dhúshlán riamh gan bheith thíos leis?
5
Eisean a d' aistrigh na sléibhte gan fhios dóibh; Agus déanann sé iad a threascairt ina fhraoch.
6
Eisean a chroitheann an chruinne as a hionad, Ionas go gcritheann a colúin go léir.
7
Eisean a thugann ordú don ghrian ionas nach n-éiríonn sí, Agus a chuireann na réaltaí i bhfolach.
8
Eisean amháin a leath na spéartha amach, Agus a shatail ar thonnta na mara.
9
Eisean a rinne an Camchéachta agus Slat an Rí, An Treighdín agus Réaltaí Lána an Deiscirt.
10
Eisean a dhéanann éachtaí thar cuimse Agus iontais thar áireamh.
11
Féach! Gabhann sé tharam, agus ní fheicim é; Gluaiseann sé thar bráid, agus ní thugaim faoi deara é.
12
Féach! beireann sé creach leis, agus cé dhéanfaidh é a thoirmeasc? Cé a déarfaidh leis: «Cad tá á dhéanamh agat»?
13
Ní fhéadfadh fiú dia a fhraoch a chloí Agus luigh lucht cúnta Ráhab faoina sháil.
14
Nach lú ná sin fós a d' fhéadfainnse freagra a thabhairt air, Agus mo bhriathra a roghnú ina aghaidh?
15
Fág go bhfuilim sa cheart, ní fhéadfainn freagra a thabhairt. Óir an té a chúisím, is é freisin is breitheamh.
16
Dá gcuirfinn toghairm air agus go bhfreagródh seisean mé, Ní chreidim go n-éistfeadh sé le mo bhriathar.
17
Eisean a bhascann mé [ar thráithnín,] Agus a ghonann mé, créacht ar chréacht, gan chúis.
18
Eisean nach ligeann dom anáil a tharraingt Agus a líonann mé le dobrón.
19
Más neart atá i gceist siúd é an tUilechumhachtach! Más cúirt bhreithiúnais, cé dhéanfaidh é a sheirbheáil?
20
Cé go mbeinn sa chóir, dhaorfaí as mo bhéal féin mé; Dá mbeinn gan choir, d' áiteodh sé coir orm.
21
Mé a bheith neamhchiontach ní bheadh a fhios sin agam. Chaithfinn uaim m' anam féin. ABN: 21, 29, 22-28, 30.
22
Sé an dá mhar a chéile é, uime sin a deirim: Scriosann sé idir neamhurchóideach agus choirpeach.
23
Dá dtitfeadh tubaiste mharaitheach go tobann, Gháirfeadh sé faoi chinniúint an neamhchiontaigh.
24
Tá an tír tugtha i lámha na gcoirpeach; Cuireann sé folach ar aghaidh a bhreithiúna. Nó murab eisean, cé heile?
25
Is mire mo laethanta ná teachtaire reatha; Teitheann siad, ní fheiceann siad aon sonas.
26
Sleamhnaíonn siad ar aghaidh mar naomhóga giolcaí, Mar iolar ag teacht de ruathar ar a sheilg.
27
Má deirim: «Déanfaidh mé dearmad de mo ghearán, Cuirfidh mé malairt cuntanóis orm féin, agus beidh mé gealgháireach»;
28
Tagann eagla mo phianta go léir sa mhullach orm, Mar tá a fhios agam nach nglacfaidh tú liom mar neamhchiontach.
29
Is mise a dhaorfaí, Cad ab áil liom ag obair in aisce?
30
Dá nífinn mé féin le huisce sneachta, Agus mo lámha a ghlanadh le buac,
31
Ansin do thumfá mé sa cheachair, Agus ba ghráin le mo chuid éadaigh féin mé.
32
Óir ní fear é, mo dhála-sa, le go dtabharfainn freagra air, Agus go bpléifí ár gcúis le chéile.
33
Níl aon idirghabhálaí eadrainn, A leagfadh a lámh orainn araon.
34
Baineadh sé díom a shlat, Agus ná bíodh a scéin do mo sceonú;
35
Ach labhroidh mé ansin gan eagla roimhe, Ní mar sin a thaibhsím dom féin ar aon chor.
← Chapter 8
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 10 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36
37
38
39
40
41
42