bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Isaiah 1
Isaiah 1
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 49
Chapter 50
Chapter 51
Chapter 52
Chapter 53
Chapter 54
Chapter 55
Chapter 56
Chapter 57
Chapter 58
Chapter 59
Chapter 60
Chapter 61
Chapter 62
Chapter 63
Chapter 64
Chapter 65
Chapter 66
Chapter 2 →
1
Fáistiní ó roimh an gCogadh Fís Íseáia mhic Ámóz a chonaic sé i dtaobh Iúdá agus Iarúsailéim in aimsir Uiziá, Iótám, Áchaz agus Hiziciá, ríthe Iúdá.
2
Éistigí, a fhlaitheasa, agus cuir cluais ort, a thalaimh, óir tá an Tiarna ag labhairt: «Thóg mé agus d' oil mé clann mhac, ach d' éirigh siad amach i mo choinne.
3
Tá aithne ag an mart ar a úinéir, agus ag an asal ar chliabhán a mháistir, ach ní aithníonn Iosrael aon ní, ní thuigeann mo phobal dada.»
4
Och, a phobal na bpeacaí, a chine atá crom le drochbhearta, a shliocht na míghníomh, a chlann thruaillithe! Thréig siad an Tiarna, thug tarcaisne do Neach Naofa Iosrael, d' iompaigh siad uaidh i leith.
5
Cá háit is féidir buille a bhualadh oraibh arís, agus an feall ar siúl agaibh fós? Tá an cloigeann uile breoite, an croí meata ar fad;
6
ó bhonn na gcos go baithis, níl ball folláin ann: créachtaí, fearbacha, cneánna oscailte nach ndeachaigh bréid ná ceangal orthu, ná cógais ola.
7
Tá bhur dtír ina fásach, tá bhur gcathracha loiscthe, bhur dtailte, tá siad á gcreachadh os comhair bhur súl ag strainséirí; díthreabh atá ann, mar a bhí nuair a scriosadh Sodom.
8
Ta iníon Shíón fágtha mar bheadh bothán faire i bhfíonghort, mar bheadh scáthlán i gcuibhreann cúcamar, mar bheadh cathair faoi léigear.
9
Ach gur fhág Tiarna na Slua fuíoll áir, ba chuma sinn nó Sodom, ba le Gomorá ár samhail.
10
Éistigí le briathar an Tiarna, a thaoisigh Shodom; tugaigí cluas do reacht ár nDé, a phobal Ghomorá!
11
«Nach cuma liomsa bhur n-íobairtí gan áireamh?» a deir an Tiarna. «Tá mé dóthanach de reithí loiscthe agus de shaill na ngamhna, níl dúil agam i bhfuil mhart agus phocán gabhair.
12
Nuair a thagann sibh i mo láthair, cé a d' iarr oraibh urlár mo thí a shiúl?
13
Éirigí as ofrálacha gan mhaith a thabhairt chugam; cuireann an toit atá uathu déistin orm. Féilte na ré nua, sabóidí, comhthionóil? ceiliúradh ná sollúntas níl dul agam a bhfulaingt níos mó.
14
Bhur réanna nua agus bhur n-oilithreachtaí, is gráin liom iad i m' anam istigh. Is ualach orm iad agus tá mé tuirseach á n-iompar.
15
Nuair a shíneann sibh amach bhur lámha, iompaím mo shúile uaibh. A liacht paidreacha a deir sibh, níl mise ag éisteacht. Tá bhur lámha lán fola.
16
Nígí, glanaigí sibh féin. Tógaigí bhur n-urchóid as mo radharc. Éirigí as an olc a dhéanamh!
17
Foghlaimígí an mhaith a dhéanamh, lorgaigí an rud cóir, cuirigí in éadan ansmachta, tugaigí a cheart don dílleachta, agraigí cúis na baintrí.
18
Gabhaigí i leith ansin agus pléimis an scéal, a deir an Tiarna. Má bheadh bhur bpeacaí ar nós craoraig, déanfar níos gile iad ná sneachta; má bheadh siad chomh dearg leis an gcorcra, amhail olann a dhéanfar iad.
19
Má thoilíonn sibh a bheith umhal, íosfaidh sibh de thoradh na talún;
20
ach má leanann sibh sa stailc agus sa cheannairc, is é béal an chlaímh a íosfaidh sibhse.» Tá béal an Tiarna tar éis labhairt.
21
Conas a rinne striapach di, an chathair dhílis? Síón, a bhí lán de dhílseacht, mar a raibh an ceart ina chónaí, níl intí anois ach lucht dúnmharfa.
22
Tá d' airgead i ndiaidh athrú ina shal, tá uisce trí do chuid fíona.
23
Tá do phrionsaí ina lucht ceannairce, le gadaithe atá a gcaidreamh. Tá gach aon duine cíocrach chun brabúis agus ag sodar i ndiaidh síneadh láimhe. Ní thugann siad a cheart don dílleachta, ná ní ghlaoítear cúis na baintrí choíche.
24
Ar an ábhar sin, is í seo fáistine Thiarna Dia na Slua, Neach Láidir Iosrael: «Ha! beidh an ceann is fearr agam ar mo chéilí comhraic, bainfidh mé sásamh as mo naimhde.
25
Iompóidh mé mo lámh i do choinne, glanfaidh mé an tsal asat san fhoirnéis, agus tógfaidh mé uait an drochmhianach ar fad.
26
Cuirfidh mé do bhreithimh ar ais mar bhí siad cheana, do chomhairleoirí mar bhí siad anallód. As sin amach, glaofar cathair na córach ort, an chathair fhíréanta.»
27
Déanfar Síón a athcheannach le hionracas, agus le ceart an dream dá muintir a iompóidh ar ais.
28
Lucht ceannairce agus peacaigh, brisfear i dteannta a chéile iad agus an dream a thréigeann an Tiarna, rachaidh siad in éag.
29
Sea, beidh náire oraibh de bharr na gcrann teiribinte a bhfuil bhur sólás iontu, agus beidh ceann faoi oraibh de bharr na ngairdíní a chuireann cluain oraibh.
30
Óir beidh sibh cosúil le teiribint a bhfuil a duilliúr feoite agus le gairdín nach bhfuil uisce leis níos mó.
31
Déanfar barrach den duine teann agus lasóg dá shaothar. Loiscfear iad i dteannta a chéile agus ní bheidh duine ann lena múchadh.
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 49
Chapter 50
Chapter 51
Chapter 52
Chapter 53
Chapter 54
Chapter 55
Chapter 56
Chapter 57
Chapter 58
Chapter 59
Chapter 60
Chapter 61
Chapter 62
Chapter 63
Chapter 64
Chapter 65
Chapter 66
Chapter 2 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36
37
38
39
40
41
42
43
44
45
46
47
48
49
50
51
52
53
54
55
56
57
58
59
60
61
62
63
64
65
66