bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Isaiah 19
Isaiah 19
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 18
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 49
Chapter 50
Chapter 51
Chapter 52
Chapter 53
Chapter 54
Chapter 55
Chapter 56
Chapter 57
Chapter 58
Chapter 59
Chapter 60
Chapter 61
Chapter 62
Chapter 63
Chapter 64
Chapter 65
Chapter 66
Chapter 20 →
1
Fáistine i gcoinne na hÉigipte. Seo an Tiarna ag teacht, ag marcaíocht go mear ar scamall; chun na hÉigipte atá a thriall. Tá íola na hÉigipte ar crith roimhe, tá tuirse chroí ar mhuintir na hÉigipte.
2
Dreasóidh mé na hÉigiptigh in éadan a chéile, beidh siad ag troid bráthair in aghaidh bráthar, cara in aghaidh carad, baile in aghaidh baile, ríocht in aghaidh ríochta.
3
Beidh mearbhall ar an Éigipt, mar cuirfidh mé a gcomhairle trí chéile; beidh siad ag lorg faisnéise ó dhéithe bréige agus ó dhraoithe, ó lucht feasa agus asarlaíochta.
4
Tá mé chun an Éigipt a thabhairt isteach i lámha aintiarna, agus beidh réimeas ag rí danartha orthu. Seo é briathar Thiarna Dia na Slua.
5
Rachaidh uiscí na mara i ndísc, beidh an abhainn spalptha tirim,
6
beidh boladh bréan ó na díogacha, agus srutháin na Níle ag titim agus ag triomú. Seargfaidh na feagacha agus na giolcacha,
7
agus gach a bhfásann ar bhruacha na Níle. Críonfaidh plandaí na Níle go léir, siabfar ar shiúl agus ní fheicfear iad níos mó.
8
Beidh na hiascairí ag mairgneach agus lucht caite duan sa Níl ag caoineadh; lucht spréite eangacha ar an uisce, beidh siad ag olagón.
9
Bainfear siar as lucht saothraithe an lín, as lucht cardála fós agus lucht fite an éadaigh bháin.
10
Beidh alltacht ar na sníomhadóirí agus beaguchtach ar lucht ceirde ar fad.
11
Amadáin chríochnaithe iad, prionsaí Zoan; na comhairleoirí is críonna atá ag Forann, tá siad dobhránta. Conas a leomhann sibh a rá le Forann: «Dalta de chuid na saoithe is ea mise, de shliocht na seanríthe anallód»?
12
Cá bhfuil siad, na saoithe seo agaibh? Amach leo anois agus léiríodh siad duit a bhfuil socraithe ag Tiarna na Slua a bhfuil i ndán aige don Éigipt.
13
Amadáin iad prionsaí Zoan; tá prionsaí Nof á mealladh féin. Tá an Éigipt ar seachrán acu, ag ceannairí seo a cuid cúigí.
14
Chuir an Tiarna isteach iontu meadhrán agus mearbhall intinne. Tá an Éigipt ag tuisleadh acu i ngach rud a dhéanann sí, mar a bheadh fear meisce ag tuisleadh ina chuid orla.
15
Ní bheidh dada san Éigipt gur féidir leo a dhéanamh, le ceann ná le heireaball, le pailm ná le giolcach.
16
Sa lá sin, beidh na hÉigiptigh mar mhná, scaoll agus scanradh iontu ó bhagairt na láimhe atá an Tiarna a bhagairt orthu.
17
Beidh dúiche Iúdá ina hábhar uamhain ag an Éigipt. Gach uair a luafar leo í, tiocfaidh eagla orthu de bharr na seifte atá ceaptha ag Tiarna na Slua ina gcoinne.
18
Sa lá sin, beidh cúig bailte i dtír na hÉigipte agus teanga Chanán á labhairt acu, a thabharfaidh mionn dar Tiarna na Slua; beidh Cathair na Gréine ar cheann acu.
19
Sa lá sin, beidh altóir in onóir don Tiarna i lár thír na hÉigipte agus gallán coisricthe dó in aice na teorann.
20
Beidh siad ina gcomhartha agus ina bhfianaise do Thiarna na Slua i dtír na hÉigipte. Nuair a ghlaofaidh siad ar an Tiarna in am an leatroim, cuirfidh sé slánaitheoir chucu á gcosaint agus á bhfuascailt.
21
Agus cuirfidh an Tiarna é féin in aithne do na hÉigiptigh agus admhóidh siad é agus déanfaidh umhlóid dó le híobairtí agus le hofrálacha. Déanfaidh siad móideanna don Tiarna agus comhlíonfaidh iad.
22
Ansin, má bhuail an Tiarna na hÉigiptigh go crua féin, leigheasfaidh sé iad. Iompóidh siad i leith an Tiarna agus tabharfaidh sé toradh ar a nguí agus leigheasfaidh iad.
23
Sa lá sin, beidh bealach mór ann ón Éigipt go dtí an Asaír. Tiocfaidh an Asaír chun na hÉigipte, agus an Éigipt chun na hAsaíre. Beidh an Éigipt agus an Asaír ag adhradh Dé le chéile.
24
24a Sa lá sin, beidh beannacht ar Iosrael, mar aon leis an Éigipt agus an Asaír, a dtriúr, i lár na talún.
25
24b Beannóidh Tiarna na Slua iad, á rá: «Bíodh beannacht ar mo phobal, an Éigipt, ar an Asaír, déantús mo lámh, agus ar Iosrael, m' oidhreacht.»
← Chapter 18
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 49
Chapter 50
Chapter 51
Chapter 52
Chapter 53
Chapter 54
Chapter 55
Chapter 56
Chapter 57
Chapter 58
Chapter 59
Chapter 60
Chapter 61
Chapter 62
Chapter 63
Chapter 64
Chapter 65
Chapter 66
Chapter 20 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36
37
38
39
40
41
42
43
44
45
46
47
48
49
50
51
52
53
54
55
56
57
58
59
60
61
62
63
64
65
66