bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Isaiah 33
Isaiah 33
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 32
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 49
Chapter 50
Chapter 51
Chapter 52
Chapter 53
Chapter 54
Chapter 55
Chapter 56
Chapter 57
Chapter 58
Chapter 59
Chapter 60
Chapter 61
Chapter 62
Chapter 63
Chapter 64
Chapter 65
Chapter 66
Chapter 34 →
1
Och, a chreachadóir, agus tú féin gan creachadh, a fheallaire nach ndearnadh feall ort fós! nuair a bheidh deireadh le do chreachadh, déanfar creach ortsa; nuair a bheidh críoch le feall agat, déanfar feall ort féin.
2
A Thiarna, bí ceansa linn, is leatsa atá ár súil. Bí i do lámh shábhála againn gach maidin, slánaigh sinn in aimsir trioblóide.
3
Le torann do theacht teitheann na ciníocha, nuair a éiríonn tú, as go brách leis na náisiúin;
4
scuabtar suas a gcreach mar a scuabfadh lócaistí í, tugtar áladh uirthi ar nós áladh de chuid na míolta sin.
5
Tá an Tiarna in airde, mar tá a chónaí san aird thuas; líonann sé Síón le ceart agus le cóir.
6
Is é cúl taca na haimsire é; an eagna agus an t-eolas, is iad sin an stór a shlánaíonn, is í eagla an Tiarna is taisce dó.
7
Éist mar tá fir chalma ag glaoch ar chabhair os ard, na teachtaí a cuireadh ag lorg síochána, tá siad ag gol go léanmhar.
8
Tá na bealaí móra tréigthe, níl aon duine ag taisteal na mbóithre. Tá an conradh briste, agus drochmheas ar na finnéithe, ní thugtar aird ar an duine a thuilleadh.
9
Tá an tír ag mairgneach agus ag meath; tá an Liobáin feoite le náire. Is geall le gaineamhlach Seárón; tá Báiseán agus Cairmeil suaite lomtha.
10
«Anois,» arsa an Tiarna, «táimse ag éirí, anois éireoidh mé i mo sheasamh, anois ardóidh mé mé féin.
11
Caith is ea a ghabh sibh sa bhroinn, agus conlach a chuirfidh sibh ar an saol; tiocfaidh gaoth mar a bheadh tine ann chun sibh a alpadh.
12
Beidh na ciníocha á ngoradh go dtí go bhfágtar ina luaithreán iad, mar a bheadh dealgacha á ngearradh agus á gcur sa tine.
13
Sibhse atá i bhfad i gcéin, éistigí lena bhfuil déanta agam; agus a mhuintir anseo in aice liom, admhaígí mo chumhacht.»
14
Tá uamhan ar na peacaigh i Síón, tá na haindiagaigh ar bhall amháin creatha. Iad ag fiafraí: «Cé againn a sheasfaidh loisceadh na tine seo? Cé acu againn a sheasfaidh na lasracha síoraí?»
15
An té a mhaireann go fíréanta, a labhraíonn go hionraic, agus a chuireann suas do bhrabús na héagóra, a bhagraíonn a lámh chun an bhreab a dhiúltú, a dhúnann a chluas i gcoinne beartais fhola agus a dhruideann a shúile chun nach bhfeicfeadh sé an t-olc
16
beidh a chónaí siúd san aird thuas, dún suite ar charraig is ea a thabharfaidh dídean dó, soláthar cinnte aráin aige, agus uisce nach dtéann i ndísc.
17
Feicfidh do shúile an rí seo ina áilleacht, dearcfaidh siad ar dhúiche chianchríochach;
18
meabhróidh tú an rud a b' uafás croí duit: Cá bhfuil sé siúd a bhíodh ag cuntas? Cá bhfuil an té a dhéanadh an meá? Cá bhfuil fear comháirimh na seod?
19
Go deo arís ní fheicfidh tú an cine barbartha, cine na hurlabhra doiléire dothuisceana, cine na briotaíola gan bhrí.
20
Dearc ar Shíón, cathair ár gcuid féilte, luíodh do shúile ar Iarúsailéim, í ina háitreabh daingean, ina both nach dual di aistriú, nach stoithfear a cuaillí, nach mbrisfear a cordaí choíche.
21
Is ann is álainn don Tiarna inár bhfianaise, ceantar aibhneacha agus sruthán craobhach, mar nach dtriallann soitheach rámha ar bith, mar nach seolann aon árthach arrachtach; ABN: 21, 23a, 22, 23b, 24
22
Óir is é an Tiarna ár mbreitheamh, is é an Tiarna ár reachtóir, is é an Tiarna ár rí agus ár bhfuascailteoir.
23
23a tá a théada scaoilte, ní choinníonn siad an crann seoil níos mó, ní chrochann siad an comhartha in airde. 23b Roinnfear creach agus éadáil mhór ansin; go fiú na bacaigh, déanfaidh siad slad.
24
Níl áitreabhach a déarfaidh choíche arís: «Tá mé breoite»; an pobal a lonnóidh ann, maithfear dóibh a gcionta go léir.
← Chapter 32
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 49
Chapter 50
Chapter 51
Chapter 52
Chapter 53
Chapter 54
Chapter 55
Chapter 56
Chapter 57
Chapter 58
Chapter 59
Chapter 60
Chapter 61
Chapter 62
Chapter 63
Chapter 64
Chapter 65
Chapter 66
Chapter 34 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36
37
38
39
40
41
42
43
44
45
46
47
48
49
50
51
52
53
54
55
56
57
58
59
60
61
62
63
64
65
66