bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Isaiah 36
Isaiah 36
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 35
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 49
Chapter 50
Chapter 51
Chapter 52
Chapter 53
Chapter 54
Chapter 55
Chapter 56
Chapter 57
Chapter 58
Chapter 59
Chapter 60
Chapter 61
Chapter 62
Chapter 63
Chapter 64
Chapter 65
Chapter 66
Chapter 37 →
1
Sa cheathrú bliain déag de réimeas an rí Hiziciá, thug Sanaichéiríb, rí na hAsaíre, faoi dhúnbhailte Iúdá agus ghabh sé iad.
2
Ó Láicis chuir rí na hAsaíre an tArdoifigeach mar aon le slua mór saighdiúirí ag triall ar Hiziciá rí in Iarúsailéim. Thóg siad ionad in aice le sileán na Linne Uachtair ar an mbóthar go Gort an Úcaire.
3
Chuaigh reachtaire an pháláis Eiliácaím mac Hilcíá, Seabná an rúnaí, agus Ióách mac Ásáf an callaire, chuaigh siad amach ina airicis.
4
Dúirt an tArdoifigeach leo: «Abraigí le Hiziciá gurb í seo teachtaireacht an rí mhóir, rí na hAsaíre: Cad is bun leis an muinín seo agat?
5
An dóigh leat gur fiú focail bhaotha comhairle agus laochas chun cogaidh? Cé air a bhfuil tú ag brath anois gur éirigh tú amach i m' éadan?
6
Ar an Éigipt? Más ea, tá tú ag brath ar shifín briste nach ndéanann ach lámh aon duine atá ag baint taca as a tholladh is a threaghdadh. Mar sin atá ag Forann, rí na hÉigipte, le daoine a chuireann a muinín ann.
7
Déarfaidh sibh liom, b' fhéidir: 'Is sa Tiarna ár nDia atá ar muinín,' ach nár leis siúd na hardáin bheannaithe agus na haltóirí a thóg Hiziciá chun siúil, á rá le muintir Iúdá agus Iarúsailéim: 'Is os comhair na haltóra seo amháin a sléachtfaidh sibh.'
8
Seo anois, cuir an geall seo le mo thiarna rí na hAsaíre: Tabharfaidh mé dhá mhíle each duit ach tú marcaigh a chur ar fáil dóibh.
9
An gcuirfidh tú suas fiú don duine is lú de shearbhóntaí mo thiarna, agus tú ag brath ar an Éigipt le haghaidh carbad agus marcach?
10
Rud eile fós, an dóigh leat gur gan fhios agus ar neamhchead don Tiarna atá mé i ndiaidh a theacht chun an tír seo a ionsaí agus a scrios? Ní amhlaidh; ach an Tiarna féin a dúirt liom: 'Gabh suas i gcoinne na tíre sin agus scrios í!'»
11
Dúirt Eiliácaím, Seabná agus Ióách leis an Ardoifigeach: «Má is é do thoil é, labhair linn do sheirbhísigh in Aramais, óir tuigimid í; ná labhair linn in Eabhrais in éisteacht an phobail atá ar na ballaí.»
12
Ach dúirt an tArdoifigeach leo: «An le do thiarna agus leatsa a chuir mo thiarnasa uaidh mé le seo á rá? Ní hea, ach leis na daoine seo atá ina suí ar na ballaí agus gur dual dóibh a gcac féin a ithe agus a mún féin a ól bhur ndála féin?»
13
Ansin d' éirigh sé ina sheasamh agus scairt sé amach in ard a chinn in Eabhrais: «Éistigí le teachtaireacht an rí mhóir, rí na hAsaíre!
14
Seo iad focail an rí: Ná cuireadh Hiziciá an dallamullóg oraibh! Ní bheidh sé in ann sibh a shábháil.
15
Ná bíodh muinín agaibh as an Tiarna ar chomhairle Hiziciá, agus é á rá: Tiocfaidh an Tiarna ár dtarrtháil cinnte, ní ghéillfear an chathair seo suas do rí na hAsaíre.
16
Ná héistigí le Hiziciá, óir seo iad focail rí na hAsaíre: Déanaigí síocháin liomsa,
17
géilligí domsa agus beidh gach duine agaibh ag ithe toradh a fhíniúna féin agus a chrann figí féin, agus ag ól uisce a umair féin, go dtí go dtaga mise chun sibh a thabhairt go tír cosúil le bhur dtír féin, tír gráin agus fíona, tír aráin agus fíonghort.
18
Ná cuireadh Hiziciá amú sibh, á rá: 'Sábhálfaidh an Tiarna sibh.' An bhfuil dia ar bith de dhéithe na náisiún a bhí in ann a thír a shábháil ar rí na hAsaíre?
19
Cá bhfuil déithe Hamát agus Arpád? Cá bhfuil déithe Shafaravaím? Cá bhfuil déithe thír na Samáire? Ar shábháil siad an tSamáir orm?
20
De dhéithe na dtíortha uile, cé acu a shábháil a dtír orm? Agus cén chaoi a bhfuil an Tiarna le Iarúsailéim a shábháil?»
21
D' fhan na daoine ina dtost gan focal astu, óir ba é a d' ordaigh an rí dóibh: «Ná tugaigí freagra air.»
22
Tháinig reachtaire an pháláis Eiliácaím mac Hilcíá, Seabná an rúnaí agus Ióách mac Ásáf an callaire, tháinig siad ar ais i láthair Hiziciá agus a gcuid éadaigh stróicthe acu, agus d' inis dó ar dhúirt an tArdoifigeach.
← Chapter 35
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 49
Chapter 50
Chapter 51
Chapter 52
Chapter 53
Chapter 54
Chapter 55
Chapter 56
Chapter 57
Chapter 58
Chapter 59
Chapter 60
Chapter 61
Chapter 62
Chapter 63
Chapter 64
Chapter 65
Chapter 66
Chapter 37 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36
37
38
39
40
41
42
43
44
45
46
47
48
49
50
51
52
53
54
55
56
57
58
59
60
61
62
63
64
65
66