bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Isaiah 5
Isaiah 5
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 4
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 49
Chapter 50
Chapter 51
Chapter 52
Chapter 53
Chapter 54
Chapter 55
Chapter 56
Chapter 57
Chapter 58
Chapter 59
Chapter 60
Chapter 61
Chapter 62
Chapter 63
Chapter 64
Chapter 65
Chapter 66
Chapter 6 →
1
Canaim thar ceann mo chara duan a ghrá dá fhíonghort. Bhí fíonghort ag mo chara ar chnocán torthúil.
2
Rinne sé a romhar agus a ghlanadh ó chlocha, agus chuir sé togha na bhfíniúnacha ann, thóg sé túr faire ina lár, agus thochail cantaoir ann leis. Agus bhí sé ag dréim le caora fíona uaidh, ach thug sé fiachaora dó.
3
Agus anois, a phobal Iarúsailéim agus a mhuintir Iúdá, tugaigí breithiúnas idir mé féin agus an fíonghort seo liom.
4
Cad a d' fhéadfainn a dhéanamh ar son m' fhíonghoirt nach bhfuil déanta agam? Bhí mé ag dréim le caora fíona. Cén fáth na fiachaora amháin?
5
Tá, cuirfidh mé in iúl daoibh anois cad tá mé chun a dhéanamh le m' fhíonghort: an claí a bhaint as chun go mbeidh sé ina fhéarach, an balla a leagan chun go satlófar air.
6
Déanfar slad air, agus beidh sé gan bearradh gan saothrú, agus sceacha agus driseacha ag fás air. Crosfaidh mé ar na néalta an fhearthainn a fhearadh air.
7
Óir, fíonghort Thiarna na slua, is é teaghlach Iosrael é, agus is iad muintir Iúdá an planda is rogha leis ann. Bhí sé ag dréim le riar ceart agus seo fuilbheart, le fíréantacht agus seo caoi léanmhar.
8
Drochrath orthu siúd a cheanglaíonn teach le teach, agus a chuireann páirc i gcionn páirce, go dtí go dtógann suas an láthair ar fad agus gurb iad amháin atá lonnaithe sa tír.
9
Is amhlaidh a mhionnaigh Tiarna na Slua le mo chluasa: «Is iomaí teach a leagfar! Tithe breátha mórtasacha, ní bheidh cónaí iontu;
10
deich n-acraí d' fhíonghort, ní thabharfaidh siad ach bairille amháin, agus deich mbuiséal síl, ní thabharfaidh ach aon bhuiséal amháin.»
11
Is mairg dóibh siúd a mbíonn tóir acu ó mhaidin moch ar an bpóit, agus a shuíonn déanach san oíche ag súmaireacht fíona.
12
Níl ar a n-aire ach cláirseacha agus cruitcheol, bodhráin agus feadóga, agus fíon a gcuid meisceoireachta. Ach obair an Tiarna, is beag a n-aird uirthi, agus a bhfuil á dhéanamh aige, imíonn sé gan fhios dóibh.
13
Dá bharr sin seolfar mo mhuintir ar deoraíocht de cheal tuisceana, a n-uaisle stiúgtha ag an ocras, agus an slua spalptha le tart.
14
Sea, leathfaidh Seól a chraos, osclóidh sé a bhéal as miosúr, agus síos ann leis an gcólp ghalánta, agus iad ag liúireach le lúcháir!
15
Ísleofar an duine, agus an daonnaí, tabharfar céim síos dó agus beidh ceann faoi ar lucht díomais.
16
Ardófar Tiarna na Slua as ucht ceart a bhreithiúnais, agus foilseofar naofacht an Dé Naofa trína fhíréantacht.
17
Beidh uain ag iníor mar bheadh siad ar thalamh féaraigh, beithígh bheathaithe agus mionnáin ag innilt i measc na bhfothracha.
18
Is mairg dóibh siúd a tharraingíonn creach orthu féin le teaghrán eallaigh, agus an peaca mar bheadh tarraingeáil chairte orthu!
19
Iad siúd a deir: «Brostaíodh sé! Déanadh sé deifir lena ghníomh ionas go bhfeicfimid é; bearta Neach Naofa Iosrael, tagadh siad in aice linn agus cuirtear i gcrích iad, chun gurb eol dúinn iad.»
20
Is mairg a ghaireann maith den olc, agus olc den mhaith, a dhéanann solas den dorchadas agus dorchadas den solas, a dhéanann milseacht den searbhas agus searbhas den mhilseacht!
21
Is mairg a bhfuil meas saoithe acu orthu féin, agus a cheapann go bhfuil siad thar a bheith glic!
22
Is mairg do ghaiscígh na pótaireachta, agus do na laochra a mheascann an bhiotáille!
23
Is mairg a scaoileann saor an ciontach ar bhreab, ach a bhaineann a cheart den duine cóir!
24
Mar alpann na lasracha an coinleach agus mar a chailltear an cháith sa tine, is amhlaidh a bheidh a bhfréamh siúd ag dreo agus a shiabfar a bpéacán ar siúl ina dheannach, as siocair gur dhiúltaigh siad do reacht Thiarna na Slua agus gur chaith drochmheas ar bhriathar Neach Naofa Iosrael.
25
Is é sin an fáth ar tháinig fearg ar an Tiarna lena phobal agus ar thóg sé a lámh lena mbascadh; tá na taoisigh marbh aige, agus a gcorpáin ina luí mar bheadh dramhaíl sna sráideanna. Ach níl a racht ligthe faoi ina dhiaidh sin, tá a lámh ag bagairt go fóill.
26
Déanfaidh sé comhartha do náisiún i gcéin, ligfidh fead air ó imeall an domhain, agus seo chugainn é go héadrom agus go huallach.
27
Níl duine díobh atá traochta ná tuirseach, ná duine atá ceanntrom ná codlatach; a chrios níl scaoilte dá chorróig ag aon duine acu ná iall a chuid cuarán briste.
28
Tá faobhar i gceart ar a shaigheada agus tá na boghanna uile rite aige; is crua ná scileach crúba a chuid capall, agus rothaí a charbad ar nós guairneán gaoithe.
29
Búirthíl leoin bhaininn atá aige, agus béicíl mar bheadh coileán leoin ann; ligeann sé glam agus beireann ar a chreach, ardaíonn sé leis í agus níl duine ann chun í a bhaint de.
30
Beifear ag búiríl ina éadan an lá sin mar bheadh búiríl na farraige ann. Beifear ag breathnú na tíre: dorchadas, duainéis, agus an solas ag dul faoi smúit agus faoi ghruaim.
← Chapter 4
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 49
Chapter 50
Chapter 51
Chapter 52
Chapter 53
Chapter 54
Chapter 55
Chapter 56
Chapter 57
Chapter 58
Chapter 59
Chapter 60
Chapter 61
Chapter 62
Chapter 63
Chapter 64
Chapter 65
Chapter 66
Chapter 6 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36
37
38
39
40
41
42
43
44
45
46
47
48
49
50
51
52
53
54
55
56
57
58
59
60
61
62
63
64
65
66