bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Isaiah 22
Isaiah 22
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 21
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 49
Chapter 50
Chapter 51
Chapter 52
Chapter 53
Chapter 54
Chapter 55
Chapter 56
Chapter 57
Chapter 58
Chapter 59
Chapter 60
Chapter 61
Chapter 62
Chapter 63
Chapter 64
Chapter 65
Chapter 66
Chapter 23 →
1
Fáistine in aghaidh Ghleann Hionnom. Cad tá ort go bhfuil tú imithe suas ar fad ar bharr na dtithe,
2
a chathair an challáin, a bhaile na círéibe, agus tú lán de ghairdeas? Ní coscar claímh do choscar, ná ní sa chath a thit do chuid marbh;
3
tá do cheannfoirt uile i ndiaidh a thabhairt do na boinn, ina bpríosúnaigh gan bogha a lúbadh. An chuid is cróga agaibh, tá siad ina bpríosúnaigh, tar éis gur theith siad i bhfad ar shiúl.
4
Is ar an ábhar sin a deirim: «Iompaígí uaim go gcaoine mé go goirt; ná bígí ag brú sóláis orm i ndíothú iníon mo mhuintire.»
5
Óir lá trioblóide agus treascartha agus tranglaim atá chugainn, agus is é an Tiarna Dia na Slua faoi deara é. Sa ghleann sin Hionnom tá ballaí á leagan, táthar ag scairteadh ar chabhair ar an sliabh.
6
Tá Éalám ag breith chuige a bholgán saighead, agus Arám ag dul sa diallait; tá Cír ag baint an chumhdaigh dá sciath.
7
An chuid is áille de do ghleannta, tá siad breac le carbaid; tá an marcshlua in ionad os coinne na ngeataí.
8
Bhí do shúil an lá sin le harmlann Áras na Foraoise. Agus sin críoch le cosaint Iúdá.
9
Bhreathnaigh sibh chomh líonmhar agus bhí na bearnaí i múr chathair Dháiví. Cheap sibh uiscí na Linne Íochtair.
10
Rinne sibh tithe Iarúsailéim a chuntas, agus leag sibh cuid acu chun an múr a dhaingniú.
11
I lár báire, rinne sibh obair idir an dá mhúr faoi choinne uisce na Seanlinne. Ach níor chuimhnigh sibh ar an gCruthaitheoir ná ní fhaca an Té a mhúnlaigh an t-iomlán fadó riamh.
12
Bhí an Tiarna Dia na Slua ag glaoch oraibh an lá sin chun caoineadh a dhéanamh agus mairgneach, chun sibh féin a bhearradh agus éadach róin a chur oraibh.
13
Ina ionad sin, siamsa atá ar siúl agus sult, mairt á marú agus caoirigh á gcoscairt, feoil á halpadh agus fíon á ól; agus sibh ag ceapadh: «Ithimis agus ólaimis, mar beidh an bás againn amárach.»
14
Fuair mo chluasa an foilsiú seo ó Thiarna na Slua: «Ní dhéanfar sásamh sa pheaca seo go deo, go dtí go bhfaighe sibh bás,» a deir an Tiarna Dia na Slua.
15
Seo mar a deir an Tiarna Dia na Slua: «Imigh leat chuig an feidhmeannach seo, chuig Seabná, maor an pháláis, agus abair leis:
16
' Cén ceart nó cén gnó atá agat anseo go bhfuil tú ag gearradh tuama duit féin ann, ag gearradh amach tuama ar an ard, ag snoí seomra duit féin sa charraig?'
17
Féach, steallfaidh an Tiarna amach thú d' aon steall amháin; tá sé ag dul i ngleic agus i ngreim leat.
18
Corann agus cornann sé thú i do chorna, agus caitheann i do cheirtlín thú i dtír leitheadach amach. Is ann a gheobhaidh tú bás, agus is ann a fhágfar na carbaid a bhfuil tú chomh teann astu; tusa atá i do chúis náire do theaghlach do thiarna.»
19
Brisfidh mé as do phost thú, as d' ionad stróicim thú anuas;
20
agus an lá céanna glaoim ar mo sheirbhíseach, Eiliácaím mac Hilciá.
21
Tá mé chun a ghléasadh i d' ionarsa, chun é a fheistiú le do shursaing, agus tugaim do chumhacht isteach ina láimh, agus beidh sé ina athair ag muintir Iarúsailéim, agus ag teaghlach Iúdá.
22
Tá mé ag leagan eochair theach Dháiví ar a ghualainn; má osclaíonn sé, ní dhúnfar; má dhúnann, ní osclófar.
23
Cuirim i bhfostú é mar bheadh tairne in áit dhaingean: déanfar cathaoir onóra de i gcomhair theaghlach a athar.
24
Beidh maoin theaghlach a athar ar fad crochta as idir shíol agus shliocht na mionghréithe go léir, idir choirn agus chrúisciní.
25
Sa lá sin briathar Thiarna na Slua tabharfaidh sé uaidh, an tairne sin a cuireadh i bhfostú san áit dhaingean. Ropfar amach é agus titfidh sé. Agus an t-ualach iomlán atá ag crochadh as, brisfear é, óir tá an Tiarna tar éis labhairt.
← Chapter 21
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 49
Chapter 50
Chapter 51
Chapter 52
Chapter 53
Chapter 54
Chapter 55
Chapter 56
Chapter 57
Chapter 58
Chapter 59
Chapter 60
Chapter 61
Chapter 62
Chapter 63
Chapter 64
Chapter 65
Chapter 66
Chapter 23 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36
37
38
39
40
41
42
43
44
45
46
47
48
49
50
51
52
53
54
55
56
57
58
59
60
61
62
63
64
65
66