bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Isaiah 38
Isaiah 38
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 37
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 49
Chapter 50
Chapter 51
Chapter 52
Chapter 53
Chapter 54
Chapter 55
Chapter 56
Chapter 57
Chapter 58
Chapter 59
Chapter 60
Chapter 61
Chapter 62
Chapter 63
Chapter 64
Chapter 65
Chapter 66
Chapter 39 →
1
Sna laethanta sin, buaileadh Hiziciá tinn agus bhí sé le bás. Tháinig an fáidh Íseáia mac Ámóz chuige agus dúirt leis: «Seo mar a deir an Tiarna: Déan do thiomna le do theaghlach, mar tá an bás agat; níl téarnamh i ndán duit.»
2
D' iompaigh Hiziciá a aghaidh ar an mballa agus chuir sé suas an phaidir seo chuig an Tiarna:
3
«Uch, a Thiarna, cuimhnigh, impím ort, mar a d' iompair mé mé féin i d' fhianaise le dílseacht agus faoi chroí mór maith, agus an rud a bhí maith i do shúile á dhéanamh agam.» Agus chaoin sé uisce a chinn.
4
Ansin ligeadh briathar an Tiarna le hÍseáia:
5
«Gabh agus abair le Hiziciá: Seo mar a deir an Tiarna, Dia Dháiví do shinsear: Tá d' urnaí cloiste agam agus do dheora feicthe agam. Tá mé chun tú a leigheas; faoi chionn trí lá, rachaidh tú suas go Teampall an Tiarna. Cuirfidh mé cúig bliana déag le do shaol.
6
Scaoilfidh mé saor thú as láimh rí na hAsaíre, agus déanfaidh mé an chathair seo a chumhdach.»
7
D' fhreagair Íseáia: «Seo duit ón Tiarna an comhartha go ndéanfaidh sé an rud a dúirt sé.
8
Bí ag coimhéad scáth na gréine ar chéimeanna Áchaz, tabharfaidh mé air filleadh deich gcéimeanna ar ais.» Agus d' fhill an ghrian ar ais na deich gcéimeanna a bhí sí tar éis a dhul síos.
9
Duan Hiziciá, rí, Iúdá, ar ócáid a leigheasta ón ngalar a bhí air.
10
Bhí mé á rá: i mbláth mo mhaitheasa ní foláir dom imeacht liom go geataí Seól síos; is ann a choinneofar mé ar feadh a bhfanann agam de bhlianta.
11
Bhí mé á rá: Ní fheicfidh mé an Tiarna níos mó i dtír na mbeo, ní fheicfidh mé a thuilleadh aon duine de mhuintir an tsaoil seo.
12
Tá m' áit chónaithe bainte dhíom, tá sí stoite ar nós an phubaill a bhíonn ag aoirí; mar a dhéanfadh fíodóir, tá mo shaol cornta suas agat, agus tú ar tí an uige a ghearradh. Ó mhaidin go faoithin tá tú do mo thabhairt chun críche,
13
agus mé ag screadaíl ansin go teacht na maidine; tá mo chnámha ina gconamar, mar bhrisfeadh leon iad, ó mhaidin go faoithin tá tú do mo thabhairt chun críche.
14
Mar a bheadh fáinleog ann, tá mé ag bíogarnach, tá mé ag olagón ar nós colúir; tá mo shúile á n-iompú agam i dtreo na n-ard, amharc i mo dhiaidh agus bí i d' urra agam.
15
Cad is féidir liom a rá, ná a chaitheamh suas leis an Tiarna, ó tharla gurb é féin a rinne an beart seo; beidh mé ag fánaíocht romham an dá lá a mhairfidh mé, agus m' anam go goirt ionam istigh.
16
Ach, a Thiarna, ina dhiaidh sin beidh m' anam beo i do chuideachta; is tú a thabharfaidh suaimhneas do mo spiorad. Beidh fáil ar théarnamh agam agus fadú saoil.
17
Óir an donas seo, tá sé á chlaochlú ina shéan; is tú a shábháil mé ar dhuibheagán an neamhní, óir chaith tú ar do chúla mo pheacaí go léir.
18
Ní thugann Seól moladh duit, ní féidir don Bhás tú a cheiliúradh; an dream a théann síos sa duibheagán, níl dóchas acu as do dhílseacht níos mó.
19
An beo, an beo amháin a cheiliúrann thú, mar a dhéanaim féin inniu. Athair mé ag meabhrú do dhílseachta dá chlann.
20
Tá an Tiarna i ngar chun mé a shábháil; mar sin seinnfimid ceol molta ar théada laethanta uile ár saoil os comhair Theampall an Tiarna.
21
Dúirt Íseáia: «Cuirigí ceirín figí ar an neascóid agus tiocfaidh biseach air.» ABN: 6, 21, 22, 7, 8, 9, 10, 11, 12, 13, 14, 15, 16, 17, 18, 19, 20
22
Dúirt Hiziciá: «Cén comhartha a bheidh agam go rachaidh mé suas go Teampall an Tiarna?»
← Chapter 37
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 49
Chapter 50
Chapter 51
Chapter 52
Chapter 53
Chapter 54
Chapter 55
Chapter 56
Chapter 57
Chapter 58
Chapter 59
Chapter 60
Chapter 61
Chapter 62
Chapter 63
Chapter 64
Chapter 65
Chapter 66
Chapter 39 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36
37
38
39
40
41
42
43
44
45
46
47
48
49
50
51
52
53
54
55
56
57
58
59
60
61
62
63
64
65
66