bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Isaiah 16
Isaiah 16
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 15
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 49
Chapter 50
Chapter 51
Chapter 52
Chapter 53
Chapter 54
Chapter 55
Chapter 56
Chapter 57
Chapter 58
Chapter 59
Chapter 60
Chapter 61
Chapter 62
Chapter 63
Chapter 64
Chapter 65
Chapter 66
Chapter 17 →
1
Cuirigí uain mar bhronntanas chuig rialtóir na tíre, ón gCarraig ar thaobh na díthreibhe go sliabh iníon Shíón.
2
Ag cleitearnach anonn is anall mar a bheadh nead scolamán tréigthe, is amhlaidh atá iníonacha Mhóáb cois áthanna an Arnón.
3
«Tabhair comhairle dúinn, tabhair breith ar ár gcas. Sín amach do scáth mar bheadh coim na hoíche ann i lár an lae ghil. Cuir iad siúd atá scaipthe i bhfolach, ná déan brath ar an teifeach.
4
Lig dóibh cur fúthu i do theach, muintir scaipthe sin Mhóáb; bí i do thearmainn acu i gcoinne an chreachadóra. Nuair a bheidh deireadh leis an ansmacht, críoch leis an gcreachadóireacht, agus lucht chosarbolg imithe as an tír,
5
is ann a bhunófar an chathaoir ríoga faoi chineáltas, agus beidh ina shuí inti faoi dhílseacht, i mboth Dháiví, breitheamh ar mór leis an ceart agus ar luath chuige cíocras na córach.»
6
Chualamar trácht ar uabhar Mhóáb, uabhar as miosúr, uaillmhian agus borr agus bród, mórtas tóin gan taca.
7
Dá dheasca sin, tá muintir Mhóáb ag caoineadh Mhóáb. Tá siad go léir ag caoineadh le chéile. i ndiaidh cístí rísín Chír Harasait tá siad ag mairgneach go cráite.
8
Óir tá tailte Heisbeon faoi chrann smola agus fíniúin Shibmeá, a mbeireadh a gcrobhaingí bua ar thiarnaí na náisiún. Shroiseadh siad fhad le Iazaer, bhíodh siad spréite amach chomh fada leis an bhfásach; bhí a gcraobhacha ag leathadh amach thar farraige anonn.
9
Uime sin, tá mé ag caoineadh mar a chaoineann Iazaer, i ndiaidh fíniúin Shibmeá; silfidh mé mo dheora oraibh go fras a Heisbeon agus a Eileálae. Óir thar do thorthaí agus thar fhómhar an fhíona chualathas gáir chatha;
10
tá an t-áthas agus an lúcháir imithe as gort agus garraí. Sna fíonghoirt níl ceol ná liú áthais le cloisint; níl aon fhíon á fháscadh sna cantaoirí, tá an húrla-hárla ina thost.
11
Dá bharr sin, ar son Mhóáb tá mo chliabh mar chláirseach ar crith, agus mo chroí istigh ar son Chír Harasait.
12
Saothar in aisce ag Móáb a theacht chun teampaill, á thraochadh féin ag scrínte na n-ardán; a dhul isteach ina shanctóir a ghuí, níl gar ann dó.
13
Gurb é sin an focal a labhair an Tiarna i gcoinne Mhóáb fadó.
14
Ach anois deir sé: «I gcionn trí bhliain, ag áireamh mar a dhéanfadh fear aimsire, beidh maise agus mórgacht Mhóáb ina ndíol tarcaisne d' ainneoin líon a mhuintire, agus beidh a bhfuílleach tearc, tanaí, gan acmhainn.»
← Chapter 15
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 49
Chapter 50
Chapter 51
Chapter 52
Chapter 53
Chapter 54
Chapter 55
Chapter 56
Chapter 57
Chapter 58
Chapter 59
Chapter 60
Chapter 61
Chapter 62
Chapter 63
Chapter 64
Chapter 65
Chapter 66
Chapter 17 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36
37
38
39
40
41
42
43
44
45
46
47
48
49
50
51
52
53
54
55
56
57
58
59
60
61
62
63
64
65
66