bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Isaiah 42
Isaiah 42
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 41
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 49
Chapter 50
Chapter 51
Chapter 52
Chapter 53
Chapter 54
Chapter 55
Chapter 56
Chapter 57
Chapter 58
Chapter 59
Chapter 60
Chapter 61
Chapter 62
Chapter 63
Chapter 64
Chapter 65
Chapter 66
Chapter 43 →
1
Seo é mo ghiolla a bhfuil mé ag tabhairt taca dó, mo rogha a bhfuil páirt mo chléibhe leis. Tá mo spiorad curtha anuas agam air chun go bhfoilsí sé an ceart do na ciníocha.
2
Glaoch ná gáir ní chuireann sé as, ná ní chloistear a ghlór sa tsráid amuigh.
3
Ní bhriseann sé an sifín brúite, ná ní mhúchann an lasair chreathanach. Soláthraíonn sé an ceart go dílis,
4
ní chreathann sé féin ná ní bhrúitear síos é nó go mbeidh an ceart bunaithe ar talamh, óir tá críocha na farraige ag dréim lena reacht.
5
Is amhlaidh a deir an Tiarna Dia, an té a chruthaigh na spéartha agus a spréigh amach iad, a phasáil amach an talamh agus a thug toradh ann, a chuir anáil sna daoine atá ina gcónaí air agus meanma sa dream a shiúlann é:
6
Mise, an Tiarna, ghlaoigh mé ort san fhíréantacht, rug mé ar láimh ort agus rinne mé thú a mhúnlú, agus cheap mé thú i do chonradh leis an bpobal agus i do sholas do na ciníocha,
7
chun súile na ndall a oscailt, chun na cimí a scaoileadh as an gcarcair agus as an bpríosún an dream atá ina suí sa dorchadas.
8
Mise, arb é an Tiarna is ainm dom, ní ligfidh mé mo ghlóir le haon dia eile ná m' onóir leis na híola.
9
Na fáistiní túis, seo tagtha chun críche iad. Anois tá rudaí úra á bhfoilsiú agam; sula dtagann siad i ngeamhar, tá siad á bhfógairt agam.
10
Canaigí don Tiarna amhrán úr! Moladh leis ó cheann ceann na talún! Móradh an fharraige é agus gach a bhfuil ann, insí na farraige agus a muintir go léir!
11
Ardaíodh an fásach agus a chathracha a nglór, agus na campaí mar a gcónaíonn clann Chéadar! Tógadh muintir Charraig Sheala liú agus gártha ar mhullach na mbeann!
12
Tugadh siad glóir don Tiarna agus in insí na farraige déanadh siad a mholadh!
13
Tá an Tiarna ag triall amach mar bheadh laoch ann, tagann riastradh air mar a thiocfadh ar ghaiscíoch; cuireann sé an gháir chatha as, tógann sé liú, agus ar aghaidh leis ina laoch i gcoinne a naimhde.
14
«Le fada riamh bhí mé i mo thost, d' fhan mé ciúin agus choinnigh smacht orm féin? Ach anois tá mé ag olagón ar nós mná seolta, tá cneadach agus saothar anála orm.
15
Tá mé ag dul sléibhte agus cnocáin a chríonadh agus a nduilliúr ar fad a sheargadh; déanfaidh mé locháin dá n-aibhneacha agus triomóidh mé a linnte go léir.
16
Ach treoróidh mé na daill ar an mbealach mór agus deánfaidh mé iad a chinnireacht ar bhóithre nach eol dóibh. Athróidh mé an dorchadas ina sholas rompu agus cosáin chama ina siúlóid réidh. Sin iad na gealltanais a chomhlíonfaidh mé, ní bheidh dul siar orthu.»
17
Druidfidh siad ar gcúl agus náire orthu, iad siúd a bhfuil a muinín in íola, iad siúd a deir leis na dealbha leáite seo: «Sibhse ár ndéithe.»
18
Sibhse atá bodhar, éistigí anois! A dhalla, breathnaígí go bhfeice sibh!
19
Cé atá dall, murab é mo shearbhónta é, nó cé atá chomh bodhar leis an teachtaire a chuir mé uaim? Cé atá chomh dall le fear muiníne Dé nó chomh bodhar le giolla an Tiarna?
20
Chonaic tú mórán gan sonrú a chur ann, bhí do chluasa ar oscailt gan dada a chloisteáil!
21
Is áil leis an Tiarna, ar son na fíréantachta, a reacht a mhóradh agus a onórú.
22
Ach is pobal é seo a creachadh agus a scriosadh, tá siad go léir sáinnithe i bprochóga agus faoi bhraighdeanas i bpríosúin. Táthar á gcreachadh agus gan duine lena saoradh, á slad agus gan duine lena rá: «Tabhair ar ais é.»
23
An bhfuil aon duine in bhur measc ag éisteacht? Aon duine a chuirfidh cluas air le haghaidh an am atá ag teacht?
24
Cé thug Iacób ar láimh don chreachadóir agus Iosrael do lucht a scriosta? Nárbh é an Tiarna é? Ó rinne muid peaca ina aghaidh agus nár mhian linn a bhealaí siúd a leanúint, ná éisteacht lena reacht.
25
Sa dóigh gur dhoirt sé fraoch agus fearg air agus fíoch an chogaidh. Agus chuir an fhearg sin trí thine é thart timpeall gan fhios dó, loisc sí é, agus ní dhearna sé a mhachnamh air.
← Chapter 41
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 49
Chapter 50
Chapter 51
Chapter 52
Chapter 53
Chapter 54
Chapter 55
Chapter 56
Chapter 57
Chapter 58
Chapter 59
Chapter 60
Chapter 61
Chapter 62
Chapter 63
Chapter 64
Chapter 65
Chapter 66
Chapter 43 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36
37
38
39
40
41
42
43
44
45
46
47
48
49
50
51
52
53
54
55
56
57
58
59
60
61
62
63
64
65
66