bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Isaiah 28
Isaiah 28
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 27
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 49
Chapter 50
Chapter 51
Chapter 52
Chapter 53
Chapter 54
Chapter 55
Chapter 56
Chapter 57
Chapter 58
Chapter 59
Chapter 60
Chapter 61
Chapter 62
Chapter 63
Chapter 64
Chapter 65
Chapter 66
Chapter 29 →
1
Foláireamh faoi choinne na Samáire
2
Féach, seo chugainn duine cumhachtach tréan ón Tiarna, mar bheadh siabadh clocha sneachta ann, mar bheadh stoirm dhíobhálach, mar bheadh díle d' uiscí tréana ag cur thar bruach; agus caithfidh sé síos lena láimh iad ar lár.
3
Satlófar faoi chosa iad, coróin dhíomasach sin phótairí Eafráim
4
agus bláth feoite a háilleachta agus a huabhair, in airde mar atá siad os cionn an ghleanna mhéith. Mar bheadh fige luath i dtús an tsamhraidh: an té a fheiceann é, stoitheann é agus ní luaithe ina láimh é ná tá sé slogtha aige.
5
An lá sin, coróin ghlóire a bheidh i dTiarna na Slua, mionn ríoga álainn i gcomhair fuílleach a phobail;
6
anáil an chirt a bheidh ann faoin té atá i gcathaoir an bhreithiúnais, agus anáil na calmachta faoi lucht ruaigthe an namhad ón ngeata.
7
Tá siad siúd ag stangaireacht faoi oibriú an fhíona, tá siad ar seachrán ag an bpóit. Tá meadhrán sna sagairt agus sna fáithe le barr dí, tá mearbhall orthu le fíon; tá siad ar seachrán ag an bpóit, tá siad ag stangaireacht agus ag aislingíocht, tá siad ag tuisliú agus iad ag tabhairt a mbreithiúnas.
8
Óir tá na boird go léir clúdaithe le horla, oiread agus ball glan amháin níl le fáil.
9
«Cé atá sé ag iarraidh a chur ar an eolas, an fáidh seo? Cé dhó ab áil leis a shoiscéalaíocht a mhíniú? Do pháistí, an ea, nua-choiscthe ón mbainne, do leanaí atá á mbaint den chíoch?
10
Níl aige ach: ' Reacht i ndiaidh reachta, reacht i ndiaidh reachta, ceacht i ndiaidh ceachta, ceacht i ndiaidh ceachta, breis bheag anseo, breis bheag ansiúd.'»
11
Is ea cinnte, is le beola stadacha agus i dteanga eachtrannach atá sé ag dul a labhairt leis an bpobal seo,
12
pobal ar dhúirt sé leo uair: «Seo scíth daoibh! Tabhair scíth don duine tuirseach! Is é seo an suaimhneas!» Ach níorbh áil leo éisteacht.
13
Agus sin é an fáth gur mar seo atá an Tiarna ag labhairt leo: «Reacht i ndiaidh reachta, reacht i ndiaidh reachta, ceacht i ndiaidh ceachta, ceacht i ndiaidh ceachta, breis bheag anseo, breis bheag ansiúd,» sa chaoi go dtitfidh siad i ndiaidh a gcúil as a gcoiscéim, go mbrisfear iad, agus go sáinneofar agus go ngabhfar.
14
Éistigí le briathar an Tiarna, a lucht na hábhachta, atá ag rialú an phobail seo in Iarúsailéim!
15
Deir sibh: «Tá conradh déanta againn leis an mBás, agus le Seól tá muid tagtha ar réiteach. Rabharta an aimhlis, nuair a thiocfaidh sé thart, ní shroichfidh sé fad linne; mar tá dídean faighte againn sa bhréag, agus sa chealg fuaireamar foscadh.»
16
Is uime sin a labhraíonn an Tiarna Dia mar seo: «Féach, tá cloch á leagan agam i Síón, cloch dhearfa, cloch choirnéil luachmhar, cloch bhoinn: an té a bhfuil creideamh aige, ní chlisfidh sé.
17
Agus is í an chóir a bheas ina dorú ingir agam agus an fhíréantacht mar leibhéal agus mé á leagan. Ach scuabfaidh an clochshneachta dídean na mbréag leis agus cartfaidh na huiscí bhur bhfoscadh chun siúil»;
18
brisfear bhur gconradh leis an mBás, agus bhur réiteach le Seól ní sheasfaidh. Nuair a thagann rabharta an aimhlis, brúfaidh sé síos lena thoirt sibh;
19
gach uair a dtagann, sroichfidh sé sibh. Maidin in aghaidh na maidne tiocfaidh sé ar a chuairt, tiocfaidh de lá agus d' oíche; agus cúis scéine a bheidh ann a scéal a scaoileadh.
20
Beidh an leaba róghairid le síneadh uirthi, agus an clúdach róchaol chun tú féin a shoipriú ann.
21
Is ea, éireoidh an Tiarna mar a d' éirigh sé ar shliabh Parazaím; tiocfaidh riastradh air mar a tháinig i ngleann Ghibeón chun a ghníomh a chur i gcrích agus is ait an gníomh é! chun a shaothar a shaothrú agus is aduain an saothar sin!
22
Dá bhrí sin, scoirigí den ábhacht, ar eagla go dteannfaí bhur gcuibhreacha oraibh; óir chuala mé anois scrios na tíre go hiomlán á fhógairt thar ceann an Tiarna Dia na Slua.
23
Tugaigí cluas agus éistigí le mo ghlór, bígí aireach agus tugaigí libh a bhfuil á rá agam.
24
An é nach ndéanann an treabhdóir dada seachas treabhadh, seachas an talamh a bhriseadh agus a fhuirseadh?
25
An amhlaidh, nuair a bhíonn sé cothrom aige, nach gcraitheann sé lus mín air, nach gcuireann sé coimín, agus cruithneacht agus eorna ina dhiaidh sin, agus an spealt ar an imeall amuigh?
26
An té a mhúineann an riail sin dó, iséa Dhiaé atá á theagasc.
27
Agus ar ndóigh, ní bhuailtear an lus mín le carr sleamhnáin, ná coimín le roth cairte; ach buailtear an lus mín le slat agus coimín le súiste.
28
Ná ní dhéantar arbhar an aráin a bhrú go hiomlán; an té a thiomáineann rothaí na cairte air, buaileann sé amach é, ach ní dhéanann sé a bhrú.
29
Ó Thiarna na Slua an méid sin freisin; is iontach é le haghaidh comhairle agus is cumasach a chríonnacht.
← Chapter 27
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 49
Chapter 50
Chapter 51
Chapter 52
Chapter 53
Chapter 54
Chapter 55
Chapter 56
Chapter 57
Chapter 58
Chapter 59
Chapter 60
Chapter 61
Chapter 62
Chapter 63
Chapter 64
Chapter 65
Chapter 66
Chapter 29 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36
37
38
39
40
41
42
43
44
45
46
47
48
49
50
51
52
53
54
55
56
57
58
59
60
61
62
63
64
65
66