bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Isaiah 24
Isaiah 24
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 23
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 49
Chapter 50
Chapter 51
Chapter 52
Chapter 53
Chapter 54
Chapter 55
Chapter 56
Chapter 57
Chapter 58
Chapter 59
Chapter 60
Chapter 61
Chapter 62
Chapter 63
Chapter 64
Chapter 65
Chapter 66
Chapter 25 →
1
An Breithiúnas
2
idir chléir agus thuath, idir uasal agus íseal, máistreás agus searbhónta, díoltóir agus ceannaitheoir, iasachtóir agus iasachtaí, creidiúnaí agus féichiúnaí.
3
Creachta agus seanchreachta atá sí, mar thalamh; sladaithe agus deargshladaithe a bheidh, mar a d' ordaigh an Tiarna.
4
Tá an talamh faoi bhrón agus in ísle brí, tá an domhan ag meath agus in ísle brí, tá neamh agus talamh ag meath.
5
Tá an talamh truaillithe faoi chosa a cuid áitreabhach, óir sháraigh siad na dlíthe, bhris na reachtanna, choill an conradh síoraí.
6
Is ar an ábhar sin atá crann smola ag alpadh na talún agus a háitreabhaigh ag íoc as a gcionta. Is uime sin atá áitreabhaigh na talún ina ngualach dóite, agus gan ach beagán den chine daonna fágtha.
7
Tá an fíon faoi bhrón, an fhíniúin ag meath, agus lucht an ghliondar croí ag osnaíl.
8
Tá deireadh le meadhar na mbodhrán, agus críoch le callán lucht gairdis; tá deireadh le meadhar na gcláirseach.
9
Ní ólann siad fíon níos mó agus iad ag ceol, agus is searbh leis na pótairí an bhiotáille.
10
Tá cathair an neamhní ar lár, tá gach teach dúnta agus níl dul isteach iontu.
11
Táthar ag mairgneach sna sráideanna cheal fíona; tá deireadh leis an uile lúcháir, tá an t-áthas díbeartha ón tír.
12
Níl fágtha sa chathair ach léirscrios, tá an geata briste ina chonamar.
13
Is amhlaidh sin a bheidh an talamh ar fad, i gcás na gciníocha uile, mar a bhíonn na crainn olóige nuair a chraitear an toradh astu, mar a bheadh deasca na fíniúna agus fómhar an fhíona déanta.
14
Gáireann daoine amach in ard a gcinn, liúnn siad le barr áthais; canann siad mórgacht an Tiarna ó chois na farraige thiar.
15
Sna hoileáin freisin táthar ag glóiriú an Tiarna, agus i gcríocha na farraige ainm an Tiarna, Dia Iosrael.
16
Ó chríocha na cruinne cloisimid iad ag ceol: «Glóir don Fhíréan!» Ach deirimse: «Is leor, is leor sin! Drochrath ar lucht fill a dhéanann feall, ar lucht fill a dhéanann feall go fealltach!»
17
Scéin agus clais agus gaiste is ea do chuid, a dhuine atá i do chónaí ar talamh!
18
Óir tá fuinneoga na bhflaitheas ar leathadh, agus bunsraith na talún ar crith. An té a theitheann ó thorann na scéine,
19
Tá an talamh briste ina smionagar, tá an talamh á scoilteadh agus á scáineadh, tá an talamh ag crith agus ag creathnú.
20
Tá an talamh ag stangadh mar bheadh fear meisce ann, tá sé ag longadán mar bheadh scáthlán ann; is trom é an t-ualach air a chuid peacaí, titeann sé gan éirí i ndán dó.
21
An lá sin, léasfaidh an Tiarna slua na spéire sa spéir, agus abhus ar talamh ríthe na talún.
22
Baileofar i dtoll a chéile iad ar nós cimí i bpluais, caithfear isteach sa charcair iad agus i ndiaidh na mblianta fada gheobhaidh siad a bpionós.
23
Beidh náire ar an ngealach, agus ceann faoi ar an ngrian, óir déanfar rí de Thiarna na Slua ar shliabh Shíón in Iarúsailéim agus foilseofar a ghlóir i láthair a sheanóirí.
← Chapter 23
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 49
Chapter 50
Chapter 51
Chapter 52
Chapter 53
Chapter 54
Chapter 55
Chapter 56
Chapter 57
Chapter 58
Chapter 59
Chapter 60
Chapter 61
Chapter 62
Chapter 63
Chapter 64
Chapter 65
Chapter 66
Chapter 25 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36
37
38
39
40
41
42
43
44
45
46
47
48
49
50
51
52
53
54
55
56
57
58
59
60
61
62
63
64
65
66