bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Isaiah 40
Isaiah 40
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 39
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 49
Chapter 50
Chapter 51
Chapter 52
Chapter 53
Chapter 54
Chapter 55
Chapter 56
Chapter 57
Chapter 58
Chapter 59
Chapter 60
Chapter 61
Chapter 62
Chapter 63
Chapter 64
Chapter 65
Chapter 66
Chapter 41 →
1
Leabhar Shólás Iosrael «Sólás, beirigí sólás chuig mo mhuintir,» a deir bhur nDia.
2
«Labhraigí le croí Iarúsailéim agus fógraígí di go bhfuil aimsir a seirbhíse istigh, go bhfuil a peaca maite, go bhfuair sí ó láimh an Tiarna pionós faoi dhó ina cionta go léir.»
3
Tá glór ag fógairt: «Réitigí cosán san fhásach le haghaidh an Tiarna. Déanaigí díreach thar an machaire bealach mór dár nDia.
4
Líontar isteach gach gleann, agus íslítear gach sliabh agus gach cnoc; déantar achréidh de na hailteanna agus míntír den gharbhchríoch.
5
Ansin foilseofar glóir an Tiarna agus feicfidh an uile fheoil í in éineacht. Óir tá béal an Tiarna tar éis labhairt.»
6
Deir glór: «Glaoigh!» agus deirimse ar ais: «Cad a ghlaofaidh mé?» «Tá an uile fheoil mar an féar agus a scéimh ar fad mar bhláth an mhachaire.
7
Feonn an féar, tréigeann an bláth, nuair a shéideann anáil an Tiarna orthu. (Is ea, is é an pobal an féar.)
8
Feonn an féar, tréigeann an bláth, ach seasann briathar ár nDé go deo.»
9
Suas leat ar shliabh ard, a challaire an dea-scéala chuig Síón. Ardaigh do ghlór go láidir, a challaire an dea-scéala chuig Iarúsailéim. Ardaigh do ghlór gan eagla, abair le bailte Iúdá: «Seo é bhur nDia.»
10
Féach an Tiarna Dia ag teacht lena neart, agus a lámh ag smachtú roimhe! Tá a luach saothair leis ina sheilbh, agus a éadáil ag dul roimhe amach.
11
Mar a dhéanfadh aoire ag aoireacht a thréada dó, ag bailiú na n-uan chuige ina bhaclainn, á n-iompar ar chlár a uchta agus ag fosaíocht na gcaorach tórmaigh.
12
Cé a thomhais i gcroí a bhoise uiscí na farraige agus a leag amach na spéartha lena réise? a chruinnigh cré na talún i miosúr, a rinne na sléibhte a mheá sna scálaí agus na cnocáin in ainsiléad?
13
Cé a thabharfadh treoir do spiorad an Tiarna nó cén comhairleoir a thabharfadh teagasc dó?
14
Cé air a d' iarrfadh sé comhairle chun breithiúnas, chun eolas a chur ar bhealach na córach, chun slí na tuisceana a aimsiú?
15
Féach, tá na ciníocha mar bheadh braon i mbuicéad aige! níl iontu ach deannach ar an ainsiléad. Tógann sé suas na hoileáin mar nach mbeadh iontu ach dúlagáin.
16
Níor leor an Liobáin ar fad le haghaidh connaidh, ná níor leor a hainmhithe le haghaidh íobairt loiscthe.
17
Is cuma na ciníocha nó neamhní ina láthair; is baoth leis iad agus is lú ná neamhní.
18
Cé leis mar sin a chuirfidh sibh Dia i gcosúlacht? Cén tsamhail a thabharfaidh sibh dó?
19
Íol, an ea? Rud a theilgeann ceardaí i múnla, a gcuireann gabha screamh óir air, agus a ngaibhníonn sé slabhraí airgid dó.
20
Lorgann snoíodóir cliste adhmad crann pailme dó, adhmad nach lobhann, chun dealbh théagartha a chur suas. ABN: 40:20, 41:6-7, 40:21-41:5, 41:8
21
An ea nárbh eol daoibh? An ea nár chuala sibh? An ea nár insíodh daoibh é ón tús? An ea nach bhfuil sé tuigthe agaibh ó bunaíodh an domhan?
22
Tá cónaí air in airde os cionn roth na cruinne, agus a muintir sin ar nós dreoiliní teaspaigh. Leath sé amach na spéartha mar a bheadh brat iontu, spréigh sé amach iad ar nós both chónaithe.
23
Cuireann sé na huachtaráin ó chrích, agus breithiúna na talún ar neamhní.
24
Ní luaithe beangán nó síol uathu i dtalamh, ní luaithe fréamh curtha síos ag a ngas ná séideann sé orthu. Seargann siad ar an toirt agus tugann an stoirm ar shiúl iad ar nós coinlín.
25
«Cé leis a shamhlóidh sibh mé, nó an bhfuil mo leithéid eile ann,» a deir an Neach Naofa.
26
Tógaigí bhur súile in airde ansin agus breathnaígí: Cé a chruthaigh na réanna úd murarb é an té a scarann amach in eagar slua iad agus a ghlaonn orthu go léir ina n-ainm? Tá a chumhacht chomh mór sin agus a neart chomh láidir nach bhfuil aon cheann acu a loiceann air.
27
Cén fáth a ndeir tú, a Iacóib, agus a maíonn tú, a Iosrael: «Tá mo chinniúint ceilte ar an Tiarna agus mo cheart scaoilte thairis ag mo Dhia»?
28
An ea nach bhfuil fhios agat? An ea nach eol duit é? Dia síoraí is ea an Tiarna, is é a chruthaigh críocha na talún. Ní thagann tuirse air ná traochadh agus níl léamh ar a eagna.
29
Tugann sé neart don té atá tuirseach, cuireann fuinneamh arís sa té atá lag.
30
Fiú an t-aos óg, bíonn siad tuirseash traochta, agus baintear tuisliú as fir óga chomh maith.
31
Ach an dream a bhfuil a súil leis an Tiarna, tagann neart úr iontu, éiríonn siad ar eití mar a bheadh iolair. Ritheann siad gan a bheith cortha, siúlann siad rompu gan tuirse a theacht orthu.
← Chapter 39
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 49
Chapter 50
Chapter 51
Chapter 52
Chapter 53
Chapter 54
Chapter 55
Chapter 56
Chapter 57
Chapter 58
Chapter 59
Chapter 60
Chapter 61
Chapter 62
Chapter 63
Chapter 64
Chapter 65
Chapter 66
Chapter 41 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36
37
38
39
40
41
42
43
44
45
46
47
48
49
50
51
52
53
54
55
56
57
58
59
60
61
62
63
64
65
66