bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Isaiah 8
Isaiah 8
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 7
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 49
Chapter 50
Chapter 51
Chapter 52
Chapter 53
Chapter 54
Chapter 55
Chapter 56
Chapter 57
Chapter 58
Chapter 59
Chapter 60
Chapter 61
Chapter 62
Chapter 63
Chapter 64
Chapter 65
Chapter 66
Chapter 9 →
1
Dúirt an Tiarna liom: «Tóg séala mór agus scríobh air i ngnáthlitreacha: Machaer Seálál Hais Baz.
2
Ansin faigh finnéithe dom atá inmhuinín: an sagart Úiriá agus Zacairiá, mac Ibiricia.»
3
Chuaigh mé i leith an bhanfháidh. Ghabh sí agus shaolaigh mac. Dúirt an Tiarna liom: «Tabhair Machaer Seálál Hais Baz mar ainm air,
4
óir sula mbeidh an gasúr seo in ann ' daidí' na ' mamaí' a rá, iomprófar saibhreas na Damaisce agus creach na Samáire os comhair rí na hAsaíre.»
5
Labhair an Tiarna liom arís agus dúirt:
6
«As siocair go bhfuil an pobal seo ag cur suas d' uiscí Shileo a shileann go suaimhneach, agus go bhfuil sé ag creathnú roimh Reizín agus mac Ramailiá,
7
cuirfidh an Tiarna ag líonadh in bhur gcoinne uiscí tréana domhaine na hAbhann (rí na hAsaíre agus a ghlóir go hiomlán). Sceithfidh sí as a grinneall agus cuirfidh sí thar a bruacha ar fad;
8
beidh sí ina tuile ar fud Iúdá, á bhá, agus líonfaidh sí suas go dtí an muineál, agus beidh a sciatháin spréite thar leithead do dhúiche, a Ímeánuéil.»
9
Bíodh fhios agaibh é, a náisiúna, scriosfar sibh; éistigí, a chiníocha i gcéin, ceanglaígí oraibh bhur n-airm, ach scriosfar sibh, ceanglaígí oraibh bhur n-airm, ach scriosfar sibh.
10
Beart má cheapann sibh, tá sé ó rath; focal má labhraíonn sibh, níl aon bhrí ann, mar tá Dia linne.
11
Óir is amhlaidh seo a labhair an Tiarna liom, nuair a rug a lámh orm chun mé a cheapadh ó shlí an phobail seo a leanúint.
12
«Ná tabhair comhcheilg ar gach a dtugann an pobal seo comhcheilg air; an ní is eagal leo, ná bíodh eagla ortsa roimhe, ná uamhan.
13
Tiarna na Slua, is é nach mór a naomhú; roimhesean a bheidh eagla oraibh, agus uamhan.
14
Eisean an sanctóir agus an ceap tuisle eisean an charraig a bhainfidh leagan as dhá theaghlach Iosrael; é ina shás agus ina ghaiste do mhuintir Iarúsailéim.
15
Agus bainfear tuisle as mórán díobh, titfidh siad agus brisfear iad; rachaidh siad sa dol agus béarfar orthu.»
16
Tá an tiomna faoi chlúdach, an teagasc faoi shéala agam i gcroí mo dheisceabal.
17
Tá mé ag fanacht leis an Tiarna, atá ag ceilt a ghnúise ar theaghlach Iacóib, is ann atá mo dhóchas.
18
Mé féin agus an chlann a thug an Tiarna dom, is tuar agus mana sinn in Iosrael ó Thiarna na Slua, a bhfuil a chónaí ar Shliabh Shíón.
19
Agus beidh siad á rá libh: «Fiafraígí de na taibhsí agus de lucht feasa a bhíonn ag bíogarnach agus ag durdáil; cinnte, ní foláir do phobal dul i gcomhairle lena dhéithe agus ar mhaithe leis na beo, comhairle a ghlacadh ó na mairbh,
20
chun teagasc agus tiomna a fháil.» Nach cinnte gur mar sin a labhróidh siad, mar níl breacadh lae i ndán dóibh.
21
Beidh siad ag siúl na tíre, faoi anró agus faoi ocras agus leis an ocras tiocfaidh fearg orthu agus cuirfidh siad mallacht lena rí agus lena nDia; ag amharc in airde dóibh
22
nó ag breathnú síos ar an talamh, níl ann ach anbhroid agus dorchadas, gruamacht na hanbhuaine, agus ní fheicfidh siad ach an oíche.
← Chapter 7
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 49
Chapter 50
Chapter 51
Chapter 52
Chapter 53
Chapter 54
Chapter 55
Chapter 56
Chapter 57
Chapter 58
Chapter 59
Chapter 60
Chapter 61
Chapter 62
Chapter 63
Chapter 64
Chapter 65
Chapter 66
Chapter 9 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36
37
38
39
40
41
42
43
44
45
46
47
48
49
50
51
52
53
54
55
56
57
58
59
60
61
62
63
64
65
66