bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Isaiah 47
Isaiah 47
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 46
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 49
Chapter 50
Chapter 51
Chapter 52
Chapter 53
Chapter 54
Chapter 55
Chapter 56
Chapter 57
Chapter 58
Chapter 59
Chapter 60
Chapter 61
Chapter 62
Chapter 63
Chapter 64
Chapter 65
Chapter 66
Chapter 48 →
1
Síos leat! Buail fút sa láib, a mhaighdean, a iníon na Bablóine! Anuas leat ó do chathaoir ríoga agus suigh ar an talamh, a iníon na gCaildéach! Óir ní thabharfar ort níos mó maoth ná muirneach.
2
Chuig na clocha brón leat agus meil an mhin! Scaoil díot do chaille; tóg suas do sciortaí, taispeáin do chosa, siúl tríd na haibhneacha.
3
Taispeáin tú féin tarnocht go bhfeice daoine do náire! Tá mé ar son díoltais agus ní chuirfear isteach orm.
4
Deir ár slánaitheoir, arb é Tiarna na Slua is ainm dó Neach Naofa Iosrael:
5
Suigh fút, bí i do thost, agus isteach sa dorchadas leat, a iníon na gCaildéach. Óir ní thabharfar ort níos mó choíche máistreás na ríochtaí.
6
Bhí colg orm chuig mo mhuintir, agus d' fhág mé smál ar m' oidhreacht. Lig mé isteach i do lámhasa iad, ach ní dhearna tú trua dá laghad díobh. Ar an seanduine bhuail tú anuas do chuing go róthrom.
7
Bhí sé ina dheilín agat: «Choíche is go brách beidh mise i mo mháistreás.» Níor mhachnaigh tú ar na rudaí seo i do chroí, ná níor chuimhnigh ar an deireadh a bheadh orthu.
8
Anois, éist leis seo, a chailín an mhacnais, atá i do shuí go te á rá leat féin i do chroí: «Mise, mé féin amháin! Ní bheidh mise i mo bhaintreach choíche, ná ní dual dom mo chlann a chailliúint.»
9
Tiocfaidh an dá rud seo díreach sa mhullach ort d' aon iarraidh agus in aon lá amháin. Caill do chlainne agus baintreachas, tiocfaidh siad ort go tobann, d' ainneoin do chuid asarlaíochta go léir agus ilchumas do dhraíochta.
10
Bhí tú muiníneach as do mhailís, á rá: «Ní fheiceann aon duine mé.» Do chríonnacht agus d' eolas, is iad a mhearaigh thú. Bhítheá á rá leat féin i do chroí istigh: «Mise, mé féin amháin!»
11
Ach tiocfaidh tubaiste ort nach mbeidh dul agat [a chur faoi chónaí]; titfidh matalang ort nach mbeidh tú in ann a chur díot; bainfidh míchríoch díot nach bhfuil coinne agat léi.
12
Fan i mbun d' asarlaíochta mar sin agus d' ildraíochta, ar chaith tú do dhua leo ó d' óige i leith. B' fhéidir go mbainfidh tú tairbhe astu! B' fhéidir go spreagfaidh tú scéin fós!
13
Ach tá tú tuirseach d' iomad do lucht comhairle. Seasadh siad amach anois le tú a shábháil, lucht chomhaireamh na spéartha, lucht scrúdaithe na réaltaí, an dream a fhoilsíonn in aghaidh na míosa cad tá le titim amach.
14
Beidh siad ar nós na gcoinlíní a dhónn an tine. Ní shábhálfaidh siad a mbeo ar ghreim na lasrach. Ná ní aon ghríosach í seo chun do ghoradh a dhéanamh, ní aon teallach é le suí os a chomhair.
15
Sin agat anois do lucht draíochta, lenar chaith tú do dhua ó d' óige i leith! Imeoidh siad leo, gach aon acu ag dul roimhe, gan de chumas iontu tú a shábháil.
← Chapter 46
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 49
Chapter 50
Chapter 51
Chapter 52
Chapter 53
Chapter 54
Chapter 55
Chapter 56
Chapter 57
Chapter 58
Chapter 59
Chapter 60
Chapter 61
Chapter 62
Chapter 63
Chapter 64
Chapter 65
Chapter 66
Chapter 48 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36
37
38
39
40
41
42
43
44
45
46
47
48
49
50
51
52
53
54
55
56
57
58
59
60
61
62
63
64
65
66