bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Isaiah 51
Isaiah 51
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 50
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 49
Chapter 50
Chapter 51
Chapter 52
Chapter 53
Chapter 54
Chapter 55
Chapter 56
Chapter 57
Chapter 58
Chapter 59
Chapter 60
Chapter 61
Chapter 62
Chapter 63
Chapter 64
Chapter 65
Chapter 66
Chapter 52 →
1
Éistigí liom, sibhse go léir atá ar lorg an chirt, atá ag iarraidh an Tiarna. Breathnaígí an charraig as ar gearradh sibh, agus an cairéal ar tochlaíodh sibh amach as.
2
Breathnaígí Abrahám bhur n-athair agus Sárá a thug ar an saol sibh. Óir bhí sé ina aonar nuair a ghairm mise é agus bheannaigh mé é agus rinne mé líonmhar é.
3
Is ea, tá trua ag an Tiarna do Shíón, tá trua aige di ina ballóga ar fad mar atá. As an díthreabh sin aici déanfaidh sé Éidin, agus as a gaineamhlach gairdín don Tiarna. Cloisfear gártha áthais agus lúcháire ann, altú buíochais agus siansa ceoil.
4
Tugaigí aird orm, a chiníocha; a náisiúna, cuirigí cluas oraibh le héisteacht liom. Óir is uaimse a thagann an reacht agus beidh mo bhreithiúnas ina sholas do na ciníocha.
5
Tabharfaidh mé mo cheart i láthair go tobann, tiocfaidh mo shlánú ar nós an tsolais. Tá mo lámh ar tí breith a thabhairt ar na ciníocha. Tá súil ag insí na farraige liom agus iad muiníneach as neart mo láimhe.
6
Ardaígí bhur súile i dtreo na spéire agus breathnaígí ar an talamh síos. Scaipfidh na spéartha ar nós deataigh, imeoidh an talamh ina scifleoga mar a bheadh giobal éadaigh ann, gheobhaidh lucht a áitrithe bás ar nós na míoltóg. Ach mo shlánúsa, beidh sé buan, agus mo chumhacht chun cirt ní rachaidh i léig.
7
Éistigí liom, sibhse a bhfuil eolas an chirt agaibh, a phobal a mheabhraíonn mo dhlíthe in bhur gcroí. Ná bíodh eagla oraibh roimh mhasla daoine ná anbhuain de bharr a gcuid achasán.
8
Óir creimfidh an leamhan iad ar nós giobal éadaigh, mar bheadh olann iontu íosfaidh na péisteoga iad. Ach mo chumhachtsa chun cirt, mairfidh sí buan agus mo shlánú ó ghlúin go glúin!
9
Múscail, múscail, cuir umat do neart, a lámh an Tiarna, Múscail mar a dhéantá sa seanam, in aimsir na nglún a d' imigh. An ea nach tusa a scoilt Ráhab, a pholl an Dragan ina lár?
10
An ea nach tusa a thriomaigh an fharraige, uiscí an Aigéin mhóir, chun bealach mór a dhéanamh as duibheagáin na farraige, le go bhféadfadh an dream a fuasclaíodh dul trasna?
11
An pobal atá saortha ag an Tiarna, tá siad ag filleadh, tá siad ag teacht go Síón ag liúireach le gairdeas. Tá aoibhneas síoraí ina choróin ar a gceann, áthas agus aoibhneas ag triall ina gcuideachta, casaoid agus crá bailithe leo ar shiúl.
12
Mise mé féin, is mé a thugann sólás duit. Cé hé tusa go bhfuil eagla ort roimh an duine, an duine ar dual dó an bás, an duine seo nach buaine é ná an féar?
13
Tá dearmad déanta agat ar an Tiarna a rinne thú, a spréigh na spéartha amach agus a chuir bun faoin talamh; agus tá crith ort i gcónaí agus gach uile lá roimh fhraoch an aintiarna agus é faoi réir le tú a scrios. Ach cá bhfuil sé, an fraoch seo an aintiarna?
14
Tá an cime ar tí a scaoilte amach; ní bhfaighidh sé bás i dtóin díge agus ní bheidh ganntanas aráin air.
15
Is mise an Tiarna do Dhia a chorraíonn an fharraige agus a chuireann a tonnta ag torann; Tiarna na Slua is ainm dom.
16
Chuir mé mo chuid focal i do bhéal, ar scáth mo láimhe chuir mé i bhfolach thú, nuair a spréigh mé amach na spéartha agus chuir mé bun faoin tálamh agus dúirt le Síón: «Is tú mo phobal.»
17
Dúisigh, dúisigh suas! Bí i do shuí, a Iarúsailéim! Tusa a d' ól ó láimh an Tiarna cupán a fheirge. Corn an mhearbhaill, d' ól tú é, d' ól tú siar é ar fad.
18
Níl agat feasta chun tú a chinnireacht duine ar bith den chlann mhac a shaolaigh tú, ná chun tú a choinneáil suas lena láimh duine ar bith den chlann mhac a thóg tú.
19
Tá an dá olc seo tar éis teacht ort cé a bheadh ag maíomh do dhóigh ort? Creach agus scrios, claíomh agus gorta, cé a thabharfadh sólás duit?
20
Tá do mhic ina luí gan lúth ar choirnéal gach uile shráide chomh lag le heilit i mbarrach, ar meisce le fearg an Tiarna, le bagairtí do Dhé.
21
Ar an ábhar sin, éist leis seo, a chreatúir chráite, atá ar meisce cé nach le fíon é;
22
seo mar a deir Dia do Thiarna, do Dhiasa agus curadh cosanta do mhuintire: Seo, tá mé á thógáil as do láimh, an cupán sin an mhearbhaill; corn mo chuid feirge, ní ólfaidh tú as níos mó.
23
Cuirfidh mé isteach i lámha lucht do chéasta é, iad sin a deireadh leat: «Luigh fút, agus siúlfaimid sa mhullach ort.» Agus dhéantá cabhsa as do dhroim, mar a bheadh bealach mór ann le haghaidh lucht siúil.
← Chapter 50
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 49
Chapter 50
Chapter 51
Chapter 52
Chapter 53
Chapter 54
Chapter 55
Chapter 56
Chapter 57
Chapter 58
Chapter 59
Chapter 60
Chapter 61
Chapter 62
Chapter 63
Chapter 64
Chapter 65
Chapter 66
Chapter 52 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36
37
38
39
40
41
42
43
44
45
46
47
48
49
50
51
52
53
54
55
56
57
58
59
60
61
62
63
64
65
66