bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Isaiah 46
Isaiah 46
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 45
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 49
Chapter 50
Chapter 51
Chapter 52
Chapter 53
Chapter 54
Chapter 55
Chapter 56
Chapter 57
Chapter 58
Chapter 59
Chapter 60
Chapter 61
Chapter 62
Chapter 63
Chapter 64
Chapter 65
Chapter 66
Chapter 47 →
1
Tá Béil ar a ghlúine! Tá Neabó tar éis cúbadh chuige féin! Tá a n-íola ar dhroim ainmhithe agus beithígh iompair, ina n-ualach anuas ar bheithígh thraochta.
2
Cúbann siad agus cromann siad uile; gan ar a n-acmhainn a lucht iompair féin a shábháil, ag imeacht mar aon leo i mbraighdeanas iad féin.
3
«Éistigí liom, a theaghlach Iacóib, a iarmhair uile de theaghlach Iosrael! sibhse a bhí ar iompar agam ó saolaíodh sibh, a bhí mar chúram agam ó bhroinn na máthar i leith.
4
Go dtí bhur seanaois beidh mise mar atá mé, agus go liatha bhur gceann beidh mise i mo thaca agaibh. Is é a rinne mé cheana nuair a d' iompair mé sibh; beidh mé mar thaca agaibh agus mar fhuascailt.»
5
Cé leis a gcuirfidh sibh i gcomparáid agus i gcóimheas mé, cé leis a gcuirfidh sibh mé i gcomórtas agus i gcosúlacht?
6
Tá dream ann a dhoirteann ór go fial as a sparán agus meánn siad airgead ar an ainsiléad. Fostaíonn siad orcheard chun dia a dhéanamh dóibh sléachtann siad síos agus tugann adhradh dó!
7
Tógann siad suas ar a nguaillí agus iompraíonn siad é, cuireann siad é san ionad ar dual dó seasamh ann. As an ionad ina bhfuil sé ní féidir leis bogadh. An té a ghlaonn air, ní thugann sé freagra dó, óna thrioblóid ní fhéadann sé a shábháil.
8
Meabhraígí sin, a lucht an éirí in airde, déanaigí machnamh air agus tagaigí ar bhur gciall;
9
cuimhnigí ar rudaí atá thart le fada an lá. Is mise Dia agus níl m' athrach ann is mise Dia agus níl mo leithéid eile ar fáil!
10
Foilsím ón tús an deireadh a bheidh ann, foilsím riamh anall rudaí nár cuireadh i gcrích go fóill! Deirim: Déanfar mar a bheartaím agus gach is áil liom cuirfidh mé i gcrích.
11
Scairtim ar éan creiche anoir, ar fhear na cinniúna as tír i gcéin. Ní luaithe ráite ná déanta é! Ní luaithe beartaithe ná curtha i gcrích!
12
Éistigí liom, sibhse atá ag cailleadh misnigh agus ar fada libh an bua gan teacht.
13
Tá mo bhua á thabhairt i ngar agam, ní fada uaibh é, ní bheidh moill ar mo shlánú. Deonóidh mé an slánú i Síón, ar mhaithe le hIosrael mo ghlóir!
← Chapter 45
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 49
Chapter 50
Chapter 51
Chapter 52
Chapter 53
Chapter 54
Chapter 55
Chapter 56
Chapter 57
Chapter 58
Chapter 59
Chapter 60
Chapter 61
Chapter 62
Chapter 63
Chapter 64
Chapter 65
Chapter 66
Chapter 47 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36
37
38
39
40
41
42
43
44
45
46
47
48
49
50
51
52
53
54
55
56
57
58
59
60
61
62
63
64
65
66