bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Isaiah 7
Isaiah 7
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 6
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 49
Chapter 50
Chapter 51
Chapter 52
Chapter 53
Chapter 54
Chapter 55
Chapter 56
Chapter 57
Chapter 58
Chapter 59
Chapter 60
Chapter 61
Chapter 62
Chapter 63
Chapter 64
Chapter 65
Chapter 66
Chapter 8 →
1
Agus tharla in aimsir Áchaz, mac Iótám, mac Uiziá, rí Iúdá, go ndeachaigh Reizín, rí Arám, mar aon le Peacach, mac Ramailiá rí Iosrael, suas go Iarúsailéim lena hionsaí, ach níor éirigh leis a gabháil.
2
Tugadh an scéala seo chuig teaghlach Dháiví: «Tá Arám tar éis dul isteach in Eafráim.» Agus tháinig crith ar chroí an rí agus ar chroí an phobail mar a thagann ar chrainn na coille roimh an ghaoth.
3
Agus dúirt an Tiarna le hÍseáia: «Seo, gabhaigí in airicis Áchaz, tú féin agus do mhac Seár Iáisiúb, go bun chlais na Linne Uachtair, go bealach Pháirc an Úcaire,
4
agus déarfaidh tú leis: Aire dhuit, ná bíodh imní ort, ná eagla; ná bíodh do chroí anbhann, de bharr an dá ghal soip úd,
5
as siocair Arám, Eafráim agus mac Ramailiá, a bheith ag beartú thú a mhilleadh, á rá:
6
Téimis suas in éadan Iúdá chun scéin a chur ann agus chun a ghabháil dúinn féin, agus déanfaimid rí ann de mhac Thaibéal.'
7
Mar seo a deir an Tiarna Dia: ' Ní tharlóidh, ní mar sin a bheidh.
8
8a Is í an Damaisc ceann Arám, agus Reizín, ceann na Damaisce; 8b Ach i gcionn a sé, ní hea, i gcionn a cúig de bhlianta, beidh Arám scriosta, agus Eafráim caite síos. ABN: 8a, 9a, 8b, 9b
9
9a is í an tSamáir ceann Eafráim, agus mac Ramailiá ceann na Samáire. 9b Ach mura seasann sibhse liomsa, níl seasamh i ndán daoibh.'»
10
Agus labhair an Tiarna le hÁchaz arís agus dúirt:
11
«Iarr comhartha duit féin ar an Tiarna do Dhia, as duibheagáin Sheól aníos nó thuas in arda na spéartha.»
12
D' fhreagair Áchaz: «Ní iarrfaidh, níl mé chun dúshlán an Tiarna a thabhairt.»
13
Ansin dúirt sé: «Éistigí mar sin, a theaghlach Dháiví, an é nach beag daoibh sárú ar dhaoine go gcaithfidh sibh mo Dhia a shárú ina theannta sin?
14
Is é an Tiarna féin mar sin a thabharfaidh comhartha daoibh. Seo, tá an ógbhean ag iompar agus ar tí mac a shaolú, agus tabharfaidh sí Ímeánuéil mar ainm air.
15
Bleacht agus mil a chothóidh é go dtí go mbeidh a fhios aige diúltú don olc agus an mhaith a roghnú.
16
Óir sula mbeidh fhios ag an bpáiste seo diúltú don olc agus an mhaith a roghnú, beidh an tír úd ina díthreabh, agus eagla ortsa anois roimh a beirt rí.
17
Tabharfaidh an Tiarna ort féin agus ar do phobal agus ar theaghlach d' athar laethe nár tháinig a leithéid ón am a scar Eafráim le Iúdá (rí na hAsaíre).
18
Sa lá sin, ligfidh an Tiarna fead ar na mioltóga as bun abhann na hÉigipte, agus ar na beacha ó thír na hAsaíre,
19
chun go dtiocfaidís go léir a thuirling ar na haltáin chrochta agus ar scailpeacha na gcarraigeacha, ar sceacha agus ar thalamh féaraigh.
20
Sa lá sin, beidh an Tiarna ag bearradh le rásúr a fruilíodh taobh thall den Abhainn (rí na hAsaíre); an ceann agus fionnadh an choirp, go fiú an fhéasóg is ea lomfaidh sé.
21
Sa lá sin, tógfaidh gach duine aon bhó amháin agus dhá chaora,
22
agus de bharr flúirseacht an táil, bia bleachta agus mil a chothóidh a bhfuil fágtha sa tír.
23
Sa lá sin, gach áit a bhfuil míle fíniúin, arbh fhiú míle píosa airgid iad, ní bheidh ann ach driseacha agus sceacha.
24
Beidh gá le bogha agus le saigheada ag dul isteach ann, óir driseacha agus sceacha a bheidh sa talamh ar fad.
25
Na sléibhte a romhraíodh le rámhainn, ní rachaidh aon duine iontu níos mo, le heagla roimh na driseacha agus na sceacha; fearann eallaigh a bheidh ann, agus réimse do chaoirigh.»
← Chapter 6
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 49
Chapter 50
Chapter 51
Chapter 52
Chapter 53
Chapter 54
Chapter 55
Chapter 56
Chapter 57
Chapter 58
Chapter 59
Chapter 60
Chapter 61
Chapter 62
Chapter 63
Chapter 64
Chapter 65
Chapter 66
Chapter 8 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36
37
38
39
40
41
42
43
44
45
46
47
48
49
50
51
52
53
54
55
56
57
58
59
60
61
62
63
64
65
66