bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Isaiah 29
Isaiah 29
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 28
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 49
Chapter 50
Chapter 51
Chapter 52
Chapter 53
Chapter 54
Chapter 55
Chapter 56
Chapter 57
Chapter 58
Chapter 59
Chapter 60
Chapter 61
Chapter 62
Chapter 63
Chapter 64
Chapter 65
Chapter 66
Chapter 30 →
1
Och, a Airéal, a Airéal, a chathair ba longfort do Dháiví. Cuir bliain i gceann bliana, tagadh na féilte thart ina gcúrsa;
2
ansin cuirfidh mé Airéal i ngéibheann, beidh éagaoin ann agus éagnach. Beidh tú i d' Airéal agam go dearfa, i do thóiteán tine;
3
suífidh mé campa i do choinne mar a rinne Dáiví, cuirfidh mé túir léigir thart timpeall ort, tógfaidh mé claíocha léigir i d' éadan.
4
Beidh tú leagtha ar lár do ghlór ag labhairt ón talamh agus do chaint ag teacht go húiríseal ón láib. Tiocfaidh do ghlór as an talamh aníos mar bheadh glór taibhse ann, agus do chaint as an láib ina gíogarnach.
5
5a Ar nós deannach mín a bheidh slua do naimhde ansin 5b agus mar lóchán á shiabadh le gaoth an slua danartha. 5c Agus go tobann, gan choinne,
6
beidh cuairt agat ó Thiarna na Slua, le toirneach, le torann agus le fuaim ollmhór, le doineann agus le hanfa agus lasair de thine loiscneach
7
Mar bhrionglóid agus mar fhís de chuid na hoíche do shluaite na gciníocha agus iad ag cur cogaidh ar Airéal.
8
Amhail duine ocrach a dhéanann brionglóid go bhfuil sé ag ithe, músclaíonn sé agus a bholg folamh; nó duine tartmhar ag brionglóideach go bhfuil sé ag ól, músclaíonn sé go fannlag agus é spallta; is amhlaidh a bheidh le sluaite na gciníocha a chuireann comhrac ar shliabh Shíón.
9
Bígí bómánta agus dobhránta, bígí dall agus caoch; bígí ar meisce, ach ní le fíon, ag tuisliú, ach ní le tréan póite.
10
Óir tá an Tiarna tar éis toirchim suain a dhoirteadh sa mhullach oraibh; thug sé dúnadh ar bhur súile, na fáithe, agus chuir sé dallóg ar bhur gceann, an lucht físe.
11
Tá fís agus fáistine mar bheadh na focail i leabhar séalaithe agaibh anois. Tabhair a leithéid sin de leabhar do dhuine a bhfuil léamh aige agus abair leis: «Léigh sin.» Is é a fhreagraíonn sé: «Ní féidir liom, mar tá an leabhar faoi shéala.»
12
Nó tabhair an leabhar do dhuine nach bhfuil léamh aige agus abair leis: «Léigh sin.» Is é a fhreagra: «Níl léamh agam.»
13
Deir an Tiarna: «De bharr nach dtaobhaíonn an pobal seo mé ach ina gcaint, agus nach dtugann onóir dom ach ó bheola, san áit gur fada uaim atá a gcroí agus nach bhfuil ina gcráifeacht ach aitheanta daonna atá de ghlanmheabhair acu,
14
mar sin féach, seo arís mé i gcionn éachta leo, éacht i ndiaidh éachta agus eachtra. Cuirfear eagna a lucht eagna ar ceal, tiocfaidh claochló ar éirim a lucht éirime.»
15
Is mairg dóibh siúd a théann i bhfolach go domhain d' fhonn a seifteanna a cheilt ar an Tiarna, ag beartú a gcealga sa dorchadas agus á rá: «Cé fheiceann sinn ná cé aithníonn sinn?»
16
Bunoscionn atá cúrsaí agaibh! An ionann an criadóir agus a chuid cré? An féidir don déantús a rá faoi fhear a dhéanta: «Ní dá dhéanamh siúd mise»? nó don bpota a rá faoin bpotaire: «Níl ceird ar bith aige»?
17
Achar gairid fós, agus is gairid é, go mbeidh an Liobáin ag tiontú ar ais ina ghairdín, agus gairdín a áireofar ina choill ar a bhoirbe fáis.
18
An lá sin, beidh na focail le clos ag bodhair agus leabhar á léamh, agus as lár an dúcháin agus an dorchadais tiocfaidh radharc i súile na ndall.
19
Beidh gairdeas ar na dearóile as an Tiarna arís, agus aoibhneas ar dhaoine bochta as Neach Naofa Iosrael,
20
mar ní ann don aintiarna níos mó, tá críoch le fear na fonóide, agus tá lucht drochfhuadair á ndísciú go léir:
21
an dream seo a chiontaíonn duine le focal, a chuireann gaiste i mbealach an bhreithiúin sa gheata, a chuireann cúis chóir ó mhaith le fianaise bhréige.
22
Dá thairbhe sin, is mar seo a labhraíonn an Tiarna, Dia theaghlach Iacóib, an té a rinne Abrahám a fhuascailt: «Ní bheidh náire ar Iacób feasta, ní bheidh sé bán san aghaidh níos mó,
23
óir feicfidh sé saothar mo lámh ina láthair agus déanfaidh sé m' ainmse a naomhú. Beidh Neach Naofa Iacóib á naomhú, beidh eagla roimh Dhia Iosrael.
24
Tiocfaidh lucht an mhearbhall intinne chun tuisceana, agus rachaidh lucht manráin le foghlaim.»
← Chapter 28
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 49
Chapter 50
Chapter 51
Chapter 52
Chapter 53
Chapter 54
Chapter 55
Chapter 56
Chapter 57
Chapter 58
Chapter 59
Chapter 60
Chapter 61
Chapter 62
Chapter 63
Chapter 64
Chapter 65
Chapter 66
Chapter 30 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36
37
38
39
40
41
42
43
44
45
46
47
48
49
50
51
52
53
54
55
56
57
58
59
60
61
62
63
64
65
66