bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Isaiah 30
Isaiah 30
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 29
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 49
Chapter 50
Chapter 51
Chapter 52
Chapter 53
Chapter 54
Chapter 55
Chapter 56
Chapter 57
Chapter 58
Chapter 59
Chapter 60
Chapter 61
Chapter 62
Chapter 63
Chapter 64
Chapter 65
Chapter 66
Chapter 31 →
1
Is mairg do chlann na ceannairce! briathar an Tiarna é seo. Tá beart á chur i bhfeidhm acu nach liomsa é, ag snaidhmeadh páirtíochta nár shéid m' anáilse fúithi, ionas go bhfuil cion sa mhullach ar chion á charnadh acu.
2
Tá siad bailithe leo ag tarraingt ar an Éigipt, gan comhairle a iarraidh ó mo bhéal, ag lorg dídine faoi dhídean Fhorainn agus foscadh ar scáth na hÉigipte.
3
Ina hábhar náire agaibh a bheidh an dídean sin Fhorainn, foscadh scáth na hÉigipte ina chúis mearbhaill daoibh;
4
cé go bhfuil a thaoisigh tar éis teacht go Zoan, agus a theachtairí imithe fhad le Hánaes.
5
Tá féiríní ar iompar acu siúd uile chuig pobal nach fearrde iad é, nach dtabharfaidh cabhair ná cúnamh dóibh ach náire agus masla.
6
Fáistine dar teideal: Ainmhithe na Tíre Theas. Trí dhúiche an anró agus na hanbhuaine is fearann don leon baineann, do leon na búiríola, don nathair nimhe agus don dragan eiteogach, a saibhreas ar dhroim asal acu, a dtaiscí ar chruit chamall acu, agus iad á n-iompar chuig pobal nach fearrde iad é.
7
Óir tá cabhair na hÉigipte díomhaoin agus baoth; is é sin an fáth a dtugaim mar ainm uirthi: Ráhab na leisce.
8
Imigh anois, gearr ar tháibléad an méid seo, scríobh ar scrolla é, chun go mbeidh sé san am atá le teacht ina fhianaise bhuan:
9
Is pobal míréireach iad seo, is clann bhréagach, clann nach áil leo éisteacht le reacht an Tiarna.
10
Deir siad le lucht físe: «Ná bíodh físeanna agaibh». agus leis na fáithe: «Ná tuaraigí an ceart dúinn». «Déanaigí plámas linn, bíodh físeanna mealltacha agaibh dúinn;
11
fágaigí an bealach, casaigí i leataobh ón tslí; as ár radharc leis mar Neach Naofa Iosrael.»
12
Ar an ábhar sin a deir Neach Naofa Iosrael: «De bhrí gur beag libh an rabhadh seo, agus go bhfuil bhur muinín sa chamastaíl agus san fheall, agus gurb iad is crann taca agaibh,
13
léireofar daoibh an cion seo a bheith mar a bheadh balla ard agus gág anuas ann, bolg amach air agus é i ríocht titim, a dtagann maidhm air go tobann, i seal faiteadh súl,
14
a bhriseann ar nós soitheach potaire á smísteáil síos gan trua gan taise, ionas nach bhfuil le fáil sa chonamar oiread agus sligín a chorródh an tine ar an teallach nó a thaoscfadh uisce as an sistéal.»
15
Óir is mar seo a labhraíonn an Tiarna Dia, Neach Naofa Iosrael: San iompú croí agus sa chiúnas a bhí an slánú i ndán daoibh, sa suaimhneas agus sa mhuinín a bhí bhur neart, ach níorbh áil libh.»
16
Dúirt sibh: «Ní amhlaidh! Teithfimid ar muin chapaill!» Go deimhin féin, is ag teitheadh a bheidh sibh! «I gcarbaid mheara a theithfimid!» Maith go leor! Is mear mar a rachfar sa tóir oraibh!
17
Teithfidh míle, agus gan ach duine aonair ag bagairt, bagairt ó chúigear agus teithfidh deich míle, go dtí nach mbeidh fágtha díbh ach mar bheadh cuaille ar bharr cnocáin, mar bheadh comhartha ar mhullach sléibhe.
18
Ach tá an Tiarna ag fanacht le hionú an mhaithiúnais, is ar an ábhar sin a éiríonn sé agus a ghlacann trua daoibh; óir Dia cóir is ea an Tiarna, is méanar don dream a bhfuil a súil leis.
19
Sea, a phobal Shíón, a bhfuil cónaí ort in Iarúsailéim, ní bheidh tú ag gol níos mó. Maithfidh sé duit ar chloisteáil do chaoineadh dó, agus tabharfaidh sé toradh air ar an toirt.
20
Cé go dtugann an Tiarna duit arán na hanbhuaine agus uisce na duainéise, an té a theagascann thú, ní cheilfidh é féin feasta, agus feicfidh do shúile an Té a theagascann thú.
21
Cloisfidh do chluasa an focal seo i do dhiaidh: «Seo an bealach, leanaigí é», cuma ar dheis nó ar chlé a chasfaidh sibh.
22
Measfaidh tú ansin gur neamhghlan do phlátáil airgid do chuid íol agus do chlúdach óir do chuid dealbh. Caithfidh tú uait iad mar bheadh rud truaillithe ann; «Gread leat!» a déarfaidh tú leo.
23
Agus tabharfaidh sé báisteach le haghaidh an tsíl a chuirfidh tú sa talamh, agus an t-arán a thugann an talamh uaidh, beidh sé blasta agus beathúil. Beidh do chuid eallaigh ag innilt an lá sin ar fhéarach leathan.
24
Na daimh agus na hasail a threabhann an talamh, beidh coirce blasta le hithe acu, a ndearnadh cáitheadh air le sluasaid agus le cáiteog.
25
Agus ar gach sliabh ard agus gach cnoc mór beidh srutháin uisce agus sreabha lá an áir nuair a thitfidh na dúnfoirt.
26
Beidh solas na gealaí ar aon dul le solas na gréine agus solas na gréine seacht n-uaire níos gile fós, ar nós solas seacht lá le chéile, sa lá a gceanglóidh an Tiarna créacht a phobail agus a leigheasfaidh sé fearbacha a bhuillí.
27
Breathnaigí! Tá ainm an Tiarna ag teacht ó chríoch i gcéin, is loiscneach a fhearg, is trom an t-ualach atá air. tá a bheola ag cur thar maoil le cuthach, agus a theanga ina tine chraosach.
28
Tá a anáil mar thuile in abhainn, a thiocfadh go muineál ar dhuine. Tá sé ag teacht chun na náisiúin a chriathrú i gcriathar an mhillte, chun béalbhach a chuid srianta a chur le giall na gciníocha. ABN: 28, 30, 31, 32a, 29, 32b, 33
29
Beidh bhur gceolsa, áfach, mar bheadh oíche chinn féile ann, agus aoibhneas ar chroí gach aon. Ar nós an té a bhuaileann bóthar le ceol na bhfeadóg ar a bhealach ionsar shliabh an Tiarna, ionsar charraig Iosrael,
30
Tabharfaidh an Tiarna faoi deara go gcloisfear mórgacht a ghlóir, agus taispeánfaidh sé lascadh a láimhe, i bhfraoch a chuid feirge, i gceartlár tine craosaí, i séideán báistí agus clochshneachta.
31
Óir is é glór an Tiarna a chuirfidh coiscriú ar an Asaír, agus í faoi bhuillí a bhata.
32
32a gach buille den bhata agus den phionós a leagfaidh an Tiarna uirthi. 32b le bodhráin agus le cláirseacha agus le damhsaí?
33
Óir is fada leac teallaigh ullamh cois Toifit, agus ullamh le haghaidh Mhoilic chomh maith, clais dhomhain leathan, lán cocháin agus adhmaid, agus anáil an Tiarna ag cur tine leis, mar a bheadh rabharta ruibhe ann.
← Chapter 29
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 49
Chapter 50
Chapter 51
Chapter 52
Chapter 53
Chapter 54
Chapter 55
Chapter 56
Chapter 57
Chapter 58
Chapter 59
Chapter 60
Chapter 61
Chapter 62
Chapter 63
Chapter 64
Chapter 65
Chapter 66
Chapter 31 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36
37
38
39
40
41
42
43
44
45
46
47
48
49
50
51
52
53
54
55
56
57
58
59
60
61
62
63
64
65
66