bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Isaiah 43
Isaiah 43
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 42
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 49
Chapter 50
Chapter 51
Chapter 52
Chapter 53
Chapter 54
Chapter 55
Chapter 56
Chapter 57
Chapter 58
Chapter 59
Chapter 60
Chapter 61
Chapter 62
Chapter 63
Chapter 64
Chapter 65
Chapter 66
Chapter 44 →
1
Anois, seo mar a deir an Tiarna, do Chruthaitheoirse, a Iacóib, agus fear do dhealfa, a Iosrael: «Ná bíodh eagla ort, óir tá tú fuascailte agam; ghlaoigh mé ort i d' ainm, agus is liomsa thú.
2
Má ghabhann tú trí uiscí doimhne, táimse leat; má ghabhann tú trí aibhneacha, ní bháfaidh siad thú. Má shiúlann tú tríd an tine, ní dhófaidh tú thú féin, ná ní loiscfidh an lasair thú.
3
Óir is mise an Tiarna, do Dhia, Neach Naofa Iosrael, d' fhuascailteoir. Tugaim an Éigipt uaim mar luach d' fhuascailte, Cúis agus Saba mar éiric ionat.
4
Mar is luachmhar thú i mo shúile, is mór liom thú agus is mór é mo chion ort. Is ar an ábhar sin a thugaim daoine uaim i d' ionad, agus ciníocha in éiric d' anama.
5
Ná bíodh eagla ort, mar tá mise leat. As oirthear domhain tabharfaidh mé do shliocht agus cruinneoidh mé thú as an domhan thiar.
6
Déarfaidh mé leis an Tuaisceart: 'Tabhair ar ais iad!' agus leis an Deisceart: 'Ná coinnigh seilbh orthu!' Seol ar ais mo chlann mhac as an imigéin agus m' iníonacha ó chríocha na talún,
7
cách a nglaoitear dó m' ainmse, óir is ar mhaithe le mo ghlóir a chruthaigh mé iad, is í faoi deara dom a ndealbhú agus a ndéanamh.»
8
Chun tosaigh leis an bpobal seo atá dall cé go bhfuil súile iontu, an dream bodhar a bhfuil cluasa acu.
9
Bailíodh na náisiúin go léir le chéile agus cruinníodh na ciníocha. Cé ina measc a d' fhoilsigh sin nó a d' fhógair é anallód? Tugadh siad a bhfinnéithe i láthair le go dtugtar ceart dóibh, cloistear iad chun gur féidir á rá: «Tá sin fíor!' '
10
Is sibhse mo chuidse finnéithe briathar an Tiarna agus mo ghiollaí atá tofa agam, ionas go mbeidh aithne agaibh orm agus go gcreidfidh sibh mé agus go dtuigfidh sibh gur mise é. Romhamsa níor dealbhaíodh aon dia, ná ní bheidh a leithéid ann arís i mo dhiaidh.
11
Mise, is mise an Tiarna, agus níl slánaitheoir ann ach mé féin.
12
Is mise a rinne foilsiú agus slánú agus fógairt. Ní bheidh dia eachtrannach ar bith in bhur measc! Is sibhse mo chuid finnéithe briathar an Tiarna agus is mise Dia;
13
ó gheal an lá is mise é. Agus níl aon duine ann a bhogfaidh mo ghreim; déanaimse beart, agus cé chuirfeadh bac orm?
14
Is mar seo a deir an Tiarna, bhur bhfuascailteoir, Neach Naofa Iosrael: «Ar bhur sonsa tá mé ag cur chuig an Bhablóin; leagfaidh mé na Caildéigh agus iad ag teitheadh agus déanfar olagón dá ngártha caithréime.
15
Is mise an Tiarna, bhur Neach Naofa, bhur gCruthaitheoir, a Iosrael, agus bhur Rí.»
16
Is mar seo a deir an Tiarna, a rinne bealach mór tríd an bhfarraige, cosán thar an mbóchna thréamanta;
17
a sheol carbaid agus capaill chun catha agus slua ollmhór lena gcois; luigh siad fúthu gan éirí i ndán dóibh, múchadh iad mar bheadh barrach dóite:
18
«Ná meabhraígí níos mó na rudaí a tharla, ná cuimhnigí ar an tseanaimsir.
19
Féach an nuacht atá á cur i gcrích agam, tá sí ag gobadh amach, nach léir daoibh é? Sea, tá mé chun bealach a réiteach san fhásach agus cosáin san uaigneas.
20
Na hainmhithe allta, tabharfaidh siad glóir dom, na mic tíre agus na hulchabháin, óir beidh mé ag soláthar uisce san fhásach, aibhneacha sa dúiche fhiáin, chun tart mo phobail thofa a chosc.
21
An pobal seo a dhealbhaigh mé dom féin, déanfaidh siad mo mholadh a aithris!
22
A Iacóib, ní tusa a ghlaoigh ormsa, ná [níor chuir tú aon stró ort féin] ar mo shonsa, a Iosrael!
23
Níor thug tú tabhartas loiscthe chugam as do thréada, níor thug tú onóir dom le híobairtí. Níor leag mise ofrálacha ina ndaorsmacht ort, níor thuirsigh mé thú ag éileamh túise ort.
24
Níor cheannaigh tú giolcach chumhra dom ar luach airgid, níor líon tú mé le saill do chuid íobairtí. Ach leag tú daoirse do chuid peacaí orm, thuirsigh tú mé le do choireanna.
25
Ormsa, ormsa a bhí sé gach rud a chur ar ceal agus gan do pheacaí a mheabhrú níos mó.
26
Cuimhnigh siar agus tugaimis breith ar an scéal le chéile, déan do chuntas tú féin le go saortar thú ó chion.
27
Rinne do chéad sinsear peaca, agus do theangacha labhartha, d' éirigh siad amach i mo choinne.
28
Thruailligh do phrionsaí mo shanctóir. Dá bharr sin lig mé Iacób uaim faoi chrann smola agus Iosrael faoi ainíde agus faoi achasán.
← Chapter 42
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 49
Chapter 50
Chapter 51
Chapter 52
Chapter 53
Chapter 54
Chapter 55
Chapter 56
Chapter 57
Chapter 58
Chapter 59
Chapter 60
Chapter 61
Chapter 62
Chapter 63
Chapter 64
Chapter 65
Chapter 66
Chapter 44 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36
37
38
39
40
41
42
43
44
45
46
47
48
49
50
51
52
53
54
55
56
57
58
59
60
61
62
63
64
65
66