bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Isaiah 49
Isaiah 49
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 48
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 49
Chapter 50
Chapter 51
Chapter 52
Chapter 53
Chapter 54
Chapter 55
Chapter 56
Chapter 57
Chapter 58
Chapter 59
Chapter 60
Chapter 61
Chapter 62
Chapter 63
Chapter 64
Chapter 65
Chapter 66
Chapter 50 →
1
A insí na farraige, éistigí liomsa; tugaigí aire, a chiníocha i gcéin! Ghairm an Tiarna mé sa bhroinn dom, agus mé i gcoim mo mháthar luaigh sé m' ainm.
2
Rinne sé claíomh faobhrach de mo bhéal, chuir sé i bhfolach mé faoi scáth a láimhe. Saighead líofa a rinne sé díom, agus leag sé thart mé ina bholgán saighead.
3
Dúirt sé liom: «Is tú mo ghiolla Iosrael trína saothróidh mé glóir dom féin.»
4
Agus bhí mise á rá liom féin: «Tá mo shaothar in aisce agam, tá mo neart caite agam gan éifeacht.» Ach bhí mo cheart le fáil agam i bhfochair mo Thiarna, agus mo chúiteamh i bhfochair mo Dhé.
5
Bhí maise orm i súile an Tiarna, ba é mo Dhia mo neart. Agus anois tá an Tiarna tar éis labhairt, an té a dhealbhaigh mé ón mbroinn i leith i mo ghiolla dó, le go mbailínn Iacób ar ais chuige, le go gcruinnínn Iosrael le chéile dó:
6
«Is fánach an mhaise duit a bheith i do ghiolla agam chun treibheanna Iacóib amháin a thabhairt chucu féin, chun ar slánaíodh d' Iosrael a thabhairt ar ais. Ceapfaidh mé thú i do sholas do na ciníocha, chun go dté mo shlánú go críocha na cruinne.»
7
Is amhlaidh seo a deir an Tiarna, fuascailteoir agus Neach Naofa Iosrael, leis an té atá ina ábhar tarcaisne agus gráin ag na ciníocha air, le sclábh na dtíoránach: Éireoidh ríthe ina seasamh ach súil a leagan ort, rachaidh prionsaí ar a mbéal fúthu, de dheasca an Tiarna agus a dhílseachta, Neach Naofa Iosrael a thogh thú.
8
Is amhlaidh seo a deir an Tiarna: i dtráth mo pháirte tabharfaidh mé toradh ort, lá na fuascailte tiocfaidh mé i gcabhair ort. (Tá tú coinnithe caomhnaithe agam mar chonradh leis an bpobal.) Cuirfidh mé an tír ina ceart arís; roinnfidh mé oraibh as an nua na gabháltais scriosta;
9
déarfaidh mé leis na cimí: «Amach libh!» agus leo siúd atá sa dorchadas: «Amach go bhfeicimid sibh!» Ar na bealaí go léir beidh siad ag iníor, ar gach dumhach ghainimh gheabhaidh siad féarach.
10
Ocras ná tart ní bheidh orthu feasta, ní loiscfear iad le gaoth ná le grian. Óir an té a ghlac trua dóibh, beidh sé á gcinnireacht agus á mbuachailleacht cois toibreacha fíoruisce.
11
Déanfaidh mé slí de na sléibhte uile agus leagfar síos dúshraith do na bealaí móra.
12
Tá dream acu ag triall ó chríoch i gcéin, dream aduaidh agus dream aniar, dream eile fós ó Shíním aneas.
13
Canaigí le lúcháir, a spéartha, agus déan gairdeas, a thalaimh! a shléibhte, gairigí amach bhur racht áthais! Óir tá an Tiarna ag tabhairt sóláis dá mhuintir agus ag glacadh trua dá chlann dearóil.
14
Mar bhí Síón á rá: «Tá mé tréigthe ag an Tiarna, tá mé ligthe i ndearmad ag mo Dhia.»
15
An ndéanann bean dearmad ar leanbh a cíche, an mbíonn deireadh lena grá do mhac a broinne? Agus dearmad dá ndéanfadh féin, ní dhéanfaidh mise dearmad ortsa go deo!
16
Féach, tá tú greanta ar bhosa mo lámh agam, is gnách do bhallaí os comhair mo shúl.
17
Tá lucht d' atógála chugat faoi dheifir, agus lucht do scriosta agus do chreachta ag imeacht asat amach.
18
Ardaigh do shúile agus breathnaigh mórthimpeall uait: tá siad siúd go léir ag cruinniú agus ag déanamh ort. Ar mo bheo is é an Tiarna atá á mhionnú seoda is ea iad le tú féin a mhaisiú, le cur ort ar nós feisteas brídeoige!
19
Óir na ceantair bhánaithe chreachta sin agat, agus do dhúiche shladta go léir róchúng a bheidh tú feasta do do lucht áitrithe, agus beidh an dream a thug aghaidh a gcraois ort i bhfad i gcéin.
20
Beidh siad á rá arís i d' éisteacht, an chlann mhac sin a shíl tú a bheith caillte: «Tá an áit seo róchúng dom, déan slí dhom go socraí mé isteach!»
21
Beidh tú á rá leat féin i do chroí istigh: «Cé a shaolaigh iad siúd go léir dom? Bhí mé gan chlann agus mé aimrid, ach iad seo, cé a thóg suas iad?» Bhí mé fágtha liom féin, an dream úd mar sin, cá has a dtagann siad?
22
Is amhlaidh seo a labhraíonn an Tiarna Dia: Seo chuige! Bagraím lámh ar na ciníocha agus cuirim suas mo mheirge le haghaidh na náisiún. Tabharfaidh siad do mhic ar ais chugat ina mbaclainn agus d' iníonacha ar a ngualainn.
23
Beidh ríthe ina n-aithreacha altrama agat agus a mbanríona agat mar bhanaltraí cíche. Sléachtfaidh siad romhat agus a mbéal fúthu ar an talamh agus lífidh siad an dusta de do chosa. Beidh a fhios agat gur mise an Tiarna; an dream a bhfuil a súil liom, ní chuirfear iad dá ndóchas.
24
An féidir an chreach a bhaint den ghaiscíoch, nó príosúnach an aintiarna a tharrtháil?
25
Is ea, ach seo é freagra an Tiarna: Bainfear a phríosúnach den ghaiscíoch féin, déanfar creach an aintiarna a tharrtháil! Troidfidh mise lena dtroidfidh leat, agus sábhálfaidh mé do chlann orthu.
26
Cuirfidh mé lucht do bhrúite ag ithe a bhfeola féin, beidh siad ar meisce lena bhfuil féin mar a bheadh fíon úr ann. Agus beidh a fhios ag an uile fheoil gur mise an Tiarna do Shlánaitheoir, agus gurb é d' fhuascailteoir Tréanlaoch Iacóib.
← Chapter 48
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 49
Chapter 50
Chapter 51
Chapter 52
Chapter 53
Chapter 54
Chapter 55
Chapter 56
Chapter 57
Chapter 58
Chapter 59
Chapter 60
Chapter 61
Chapter 62
Chapter 63
Chapter 64
Chapter 65
Chapter 66
Chapter 50 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36
37
38
39
40
41
42
43
44
45
46
47
48
49
50
51
52
53
54
55
56
57
58
59
60
61
62
63
64
65
66