bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Isaiah 57
Isaiah 57
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 56
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 49
Chapter 50
Chapter 51
Chapter 52
Chapter 53
Chapter 54
Chapter 55
Chapter 56
Chapter 57
Chapter 58
Chapter 59
Chapter 60
Chapter 61
Chapter 62
Chapter 63
Chapter 64
Chapter 65
Chapter 66
Chapter 58 →
1
Téann an fíréan in éag agus ní mheabhraíonn aon duine ina chroí é. Tógtar lucht na caoindúthrachta ar shiúl gan duine ar bith a thabhairt aird air.
2
Is ea, de bharr na hurchóide tógtar an fíréan ar shiúl ach isteach sa tsíocháin a théann sé. Tá siad ag ligean a scíthe ar a leaba dheireanach, iad siúd a shiúil bealach na córa.
3
Ach tagaigí sibhse i leith anseo, a chlann na caillí feasa, a phór an adhaltranaigh agus na striapaí.
4
Cé faoi atá sibh ag fonóid, cé faoi an clab sin oraibh, agus cé chuige a shánn sibh amach bhur dteanga? Síol an pheaca atá ionaibh agus pór na mbréag!
5
Sibhse a dhéanann drúis faoi na crainn teiribinte, faoi gach crann glas ag íobairt páistí sna haltáin sléibhe, i scealpacha na gcarraig!
6
Clocha snoite na n-altán, sin iad do chuibhreann, is iad, is iad do chuid. Ar a son siúd a dhoirteann tú deochanna ofrála, chucusan a thugann tú ofrálacha bia. An bhfuil sásamh le fáil agam ina leithéid?
7
Ar shliabh mór ard atá do leaba cóirithe agat. Is ann freisin a chuaigh tú suas a dhéanamh do chuid íobairtí.
8
Ar chúl an dorais agus na hursan is ea a chuir tú do chloch chuimhne in airde. D' imigh tú uaim agus bhain tú díot, chuaigh tú ar an leaba fhairsing a bhí cóirithe agat. Tá conradh déanta agat leo siúd ar mhór leat a leaba, ag síorstriapachas leo agus do shúile ar an dia bréige.
9
Chuir tú maise ort féin le hola ar son Mhoilic, ag stealladh cumhrán ort féin; chuir tú do theachtairí i bhfad i gcéin, chuir tú iad síos go Seól fiú.
10
Tuirseach is mar bhí tú leis an bhfánaíocht ar fad, níor dhúirt tú: «Tá mé ag éirí as.» Fuair tú neart agus urra as an nua, mar sin níl tú tuirseach fós.
11
Cé a chuir an eagla agus an t-uamhan ort gur shéan tú mé, go ndearna tú dearmad orm agus nár choinnigh tú áit i do chroí dom? Ach mise, an ea nár fhan mé i mo thost, nár dhún mé mo shúile? Mar sin níl eagla ort romhamsa.
12
Ach anois tá mé chun an fhíréantacht seo agat a léiriú go hoscailte, agus do ghnóthaí gan rath.
13
Nuair a screadann tú, sábháladh do dhéithe bréige gránna thú! Cartfar ar shiúl leis an ngaoth an t-iomlán acu, siabfaidh anáil ar shiúl iad. Ach an té a chuireann a iontaoibh ionamsa, gheabhaidh sé an tír mar oidhreacht, agus beidh seilbh aige ar mo shliabh beannaithe.
14
Agus cloisfear glór á rá: Tógaigí suas tóchar agus réitigí an bealach, glanaigí gach constaic as cosán mo mhuintire
15
Óir is mar seo a deir an Té is airde, a bhfuil a chónaí sa tsíoraíocht agus a bhfuil a ainm naofa: «Tá cónaí orm in áras atá ard agus naofa, agus fós i bhfochair an té atá brúite uiríseal ó spiorad, chun misneach a mhúscailt arís i spiorad na n-uirísle, chun misneach a chur ar ais sna croíthe brúite.
16
Óir ní bheidh mé ag sárú oraibh i gcónaí, agus ní bheidh fearg á cothú istigh agam i dtólamh; mar sa tslí sin mheathfadh romham an bheatha féin agus gach dúil bheo dá ndearna mé.
17
Coiriúlacht agus bradaíl Iosrael a chuir fearg orm seal; cheil mé mo ghnúis air agus bhuail mé le teann feirge. D' imigh sé leis fiáin sna bealaí a b' áil lena chroí;
18
chonaic mé féin iad na bealaí céanna. Ach leigheasfaidh mé é agus tabharfaidh mé sólás dó; líonfaidh mé le suaimhneas é, é féin agus lucht a chaointe,
19
á dhéanamh sin le briathra mo bheola: Síocháin! Síocháin don uile dhuine, i bhfad agus i ngar! a deir an Tiarna. Sea go deimhin, tá mé chun tú a leigheas.»
20
Ach tá lucht na hurchóide ar nós farraige suaite, farraige nach féidir di bheith ciúin, a mbíonn a tonnta ag caitheamh suas salachair agus láibe.
21
«Níl síocháin i ndán,» a deir mo Dhia, «do lucht na hurchóide.»
← Chapter 56
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 49
Chapter 50
Chapter 51
Chapter 52
Chapter 53
Chapter 54
Chapter 55
Chapter 56
Chapter 57
Chapter 58
Chapter 59
Chapter 60
Chapter 61
Chapter 62
Chapter 63
Chapter 64
Chapter 65
Chapter 66
Chapter 58 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36
37
38
39
40
41
42
43
44
45
46
47
48
49
50
51
52
53
54
55
56
57
58
59
60
61
62
63
64
65
66