bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Isaiah 66
Isaiah 66
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 65
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 49
Chapter 50
Chapter 51
Chapter 52
Chapter 53
Chapter 54
Chapter 55
Chapter 56
Chapter 57
Chapter 58
Chapter 59
Chapter 60
Chapter 61
Chapter 62
Chapter 63
Chapter 64
Chapter 65
Chapter 66
1
Seo mar a deir an Tiarna: Is iad na spéartha mo chathaoir ríoga agus an talamh stól mo chos! Cá bhfuil an teach a d' fhéadfadh sibh a thógáil dom? Cén áit a dhéanfadh cónaí dom?
2
Na rudaí seo ar fad is de dhéantús mo láimhe iad; is liom féin an t-iomlán, briathar an Tiarna. Ach an té a dtugaimse aird air, is é an bochtán é agus fear an chroí bhrúite, an té a bhfuil urraim aige do mo bhriathar.
3
An té a íobraíonn mart, agus a leagann duine mar an gcéanna, a mharaíonn uan agus a thachtann madadh, a ofrálann arbhar, agus a thoirbhríonn fuil mhuice, a dhónn túis mar chuimhneachán, agus a thugann ómós d' íola, tá a mbealach féin roghnaithe ag a leithéidí, agus dúil a n-anama ina gcuid gráiniúlachta.
4
Ar an gcuma chéanna, roghnóidh mé féin amhgar dóibhsean, agus tarraingeoidh mé orthu na rudaí is mó is eagal leo. Óir ghlaoigh mé agus níor fhreagair aon duine, labhair mé agus ní raibh aon duine ag éisteacht. Rinne siad an rud a b' olc i mo shúile, agus an rud a thaitneodh liom, níorbh áil leo.
5
Éistigí le briathar an Tiarna, sibhse a bhfuil urraim agaibh dá bhriathar Bhur muintir féin gur fuath leo sibh, agus a thugann droim láimhe libh de dheasca m' ainm, deir siad: «Taispeánadh an Tiarna a ghlóir, go bhfeicimid sibh ag déanamh gairdis.» Ach is orthu féin a bheidh an náire.
6
An ghlóraíl agus an ghlafarnach sin sa chathair, an glór ag teacht ón Teampall, glór an Tiarna is ea é agus é ag baint sásaimh as a naimhde.
7
Bean a bhreith clainne gan tinneas agus mac a shaolú gan bheith i bpriacal!
8
Cé a chuala trácht ar a leithéid, cé a chonaic a leithéid riamh? An saolaítear tír in aon lá amháin, an dtugtar náisiún chun breithe d' aon uain amháin? Ach níor luaithe Síón ina luí seoil ná thug sí clann mhac ar an saol!
9
An dtabharfaidh mé chun breithe, gan an bhreith a thabhairt chun críche? a deir an Tiarna. Mise a ghin, an ndúnfaidh mé an bhroinn? a deir do Dhia.
10
Bíodh lúcháir ort, a Iarúsailéim, bíodh áthas oraibh, a lucht na páirte, mar gheall uirthi! Gáirigí le gairdeas mar gheall uirthi, sibh uile a raibh éide bhróin oraibh ina diaidh!
11
Ionas go dtálfar bhur sáith oraibh ó chíocha na sólás, ionas go mblaisfidh sibh go fonnmhar de dhiúl a glóire.
12
Óir is mar seo a deir an Tiarna: Cuirfidh mé an tsíocháin uaim ag triall uirthi mar bheadh abhainn ann, agus ar nós tuile ag sceitheadh thar bruacha saibhreas na gciníocha. Beidh a leanaí cíche á n-iompar ar an leis agus á luascadh ar ghlúine.
13
Mar a bheadh máthair ag cur páiste chun suaimhnis, mise chomh maith, tabharfaidh mé suaimhneas daoibhse. (In Iarúsailéim a gheobhaidh sibh suaimhneas.)
14
Ar a fheiceáil daoibh, beidh lúcháir ar bhur gcroí, agus beidh bhur gcnámha chomh húr le geamhar féir. Léireoidh an Tiarna a neart dá sheirbhísigh agus cuirfidh a naimhde aithne ar a fhearg.
15
Óir féach, tá an Tiarna ag teacht i gcaor thine agus a charbadra ar nós guairneán gaoithe, chun a chuid feirge a scaoileadh ina fraoch, agus a aithis in aon bharr amháin lasrach.
16
Mar tá an Tiarna chun breith a thabhairt le tine, chun an cine daonna a chiontú lena chlaíomh, agus marófar mórán leis an Tiarna.
17
An dream a choisreacann agus a ghlanann iad féin i ngairdíní, duine i ndiaidh an duine i bhfáinne draíochta, a itheann feoil mhuice agus luchóg agus péisteanna gránna, béarfaidh drochchríoch ar an iomlán acu, briathar an Tiarna.
18
Tá mé ag teacht chun ciníocha na n-uile theanga a chruinniú le chéile. Tiocfaidh siad a bhreathnú ar mo ghlóir.
19
Tabharfaidh mé comhartha dóibh agus cuirfidh mé cuid dár tháinig slán díobh amach chuig na náisiúin: chuig Tairsís, Pút, Lúd, Móiséic, Róis, Túbal agus Iáván, i dtreo insí na farraige i gcéin nár chuala trácht orm agus nach bhfaca mo ghlóir.
20
Agus ar ais as na náisiúin uile, ina dtabhartais don Tiarna, tabharfaidh siad leo bhur muintir go léir ar muin capaill, i gcarbaid agus ar eileatroim, ar mhiúileanna agus ar chamaill rásaíochta go dtí mo shliabh beannaithe in Iarúsailéim, a deir an Tiarna, ar nós mar iompraíonn clann Iosrael an tabhartas i soithí glana go teampall an Tiarna.
21
Agus cuid acu, déanfaidh mé sagairt agus Léivítigh díobh dom féin, a deir an Tiarna.
22
Óir na spéartha nua agus an talamh nua atá á gcruthú agam, díreach mar a bheidh siadsan buan i mo láthair, briathair an Tiarna, is amhlaidh a bheidh bhur gcine agus bhur n-ainm buan chomh maith.
23
Mí in aghaidh na míosa le teacht na ré nua, agus seachtain in aghaidh na seachtaine lá na sabóide, tiocfaidh an cine daonna go léir ag sléachtadh i mo láthair, a deir an Tiarna.
24
Agus nuair a théann siad amach, feicfidh siad corpáin na ndaoine sin a rinne ceannairc i m' aghaidh. A gcnumhóg siúd, ní rachaidh in éag ná a dtine ní mhúchfar ábhar gránach a bhéas iontu ag an gcine daonna go léir.
← Chapter 65
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 49
Chapter 50
Chapter 51
Chapter 52
Chapter 53
Chapter 54
Chapter 55
Chapter 56
Chapter 57
Chapter 58
Chapter 59
Chapter 60
Chapter 61
Chapter 62
Chapter 63
Chapter 64
Chapter 65
Chapter 66
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36
37
38
39
40
41
42
43
44
45
46
47
48
49
50
51
52
53
54
55
56
57
58
59
60
61
62
63
64
65
66