bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Isaiah 9
Isaiah 9
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 8
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 49
Chapter 50
Chapter 51
Chapter 52
Chapter 53
Chapter 54
Chapter 55
Chapter 56
Chapter 57
Chapter 58
Chapter 59
Chapter 60
Chapter 61
Chapter 62
Chapter 63
Chapter 64
Chapter 65
Chapter 66
Chapter 10 →
1
San am atá thart thug sé béim síos do thír Zabúlun agus do thír Naftáilí, ach san am atá ag teacht ardóidh sé bealach na farraige, an taobh thall den Iordáin, Gailíl na gciníocha. 23 An ea nach mbíonn gruamacht mar a mbíonn anbhuain?
2
1 An pobal a bhí ag siúl sa dorchadas, chonaic siad solas mór; agus ar mhuintir na tíre gruama tá solas ag lonrú.
3
2 Chuir tú go mór lena n-áthas, mheadaigh tú ar a lúcháir; tá siad ag déanamh gairdis os do chomhair, mar a dhéanann in aimsir an fhómhair, amhail an gairdeas lena roinntear an chreach.
4
3 Óir an chuing a bhí anuas orthu, an choirb ar a nguaillí, agus slat an aintiarna, déanann tú smionagar díobh mar a rinne tú lá briste Mhidián.
5
4 Óir gach coisbheart catha, agus gach fallaing a tumadh san fhuil, tá siad loiscthe, tá siad dóite le tine.
6
5 Óir rugadh leanbh dúinn, tugadh mac dúinn; tá an tiarnas ar a ghualainn, agus is é ainm atá air: «Comhairleoir iontach», «Dia láidir», «Athair síoraí», «Prionsa na síochána».
7
6 Níl teorainn lena thiarnas ná críoch lena shíocháin ar chathaoir ríoga Dháiví agus ar a ríogacht, ag cur bun agus taca leo, sa cheart agus san fhíréantacht feasta go brách. Díograis dhílis an Tiarna a chuirfidh sin i gcrích.
8
Caitheann an Tiarna focal le Iacób agus titeann sé ar Iosrael. 7
9
8 Pobal iomlán Eafráim agus muintir na Samáire, aithníonn siad é. Dúirt siad ina ndíomas agus i sotal a gcroí:
10
9 «Tá na brící tar éis titim, tógfaimid le clocha gearrtha; tá na seiceamair leagtha, cuirfimid céadrais ina n-áit.»
11
10 Ach tá an Tiarna ag dreasú a naimhde i gcoinne an phobail seo, tá sé ag gríosú a gcéilí comhraic:
12
11 Arám thoir agus na Filistínigh thiar, alpann siad Iosrael go cíocrach. Ach níl a fhearg síothlaithe; tá a lámh sínte amach i gcónaí.
13
12 Ach níor fhill an pobal ar an té a bhí á bhualadh, níor lorg sé Tiarna na Slua;
14
13 mar sin tá an Tiarna i ndiaidh ceann agus eireaball a theascadh d' Iosrael, pailm agus giolcach in aon lá amháin.
15
14 (Seanóir agus móruasal sin é an ceann; fáidh na bhfíseanna bréagacha, is é sin an t-eireaball.)
16
15 Lucht treoraithe an phobail seo, tá siad ar strae, agus an dream atá siad a threorú, tá siad ar seachrán.
17
16 Sin é an fáth nach dtabharfaidh an Tiarna anacal dá n-ógánaigh, ní bheidh trua aige dá ndílleachtaí ná dá mbaintreacha. Tá an pobal seo aindiaga ainbheartach ar fad, tá a gcaint seafóideach. Ach níl a fhearg síothlaithe, tá a lámh sínte amach i gcónaí.
18
17 Is ea, loisceann an urchóid mar bheadh tine ann; alpann sé driseacha agus sceacha, ansin cuireann sé tine le mothair na foraoise agus téann an deatach in airde ina ghuairneáin.
19
18 Fearg Thiarna na Slua is í chuir an tír trí thine, agus is cuma nó breosla an pobal. Níl duine acu a thugann anacal dá bhráthair,
20
19a Gearrann siad ar dheis, agus tá ocras orthu fós; slogann siad ar chlé, agus níl siad sásaithe. 19b gach aon ag alpadh feoil a chomharsan. ABN: 19b, 19a
21
20 Alpann Manaise Eafráim, agus Eafráim Manaise, agus tá an bheirt acu in éadan Iúdá. Ach níl a fhearg síothlaithe, tá a lámh sínte amach i gcónaí.
← Chapter 8
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 49
Chapter 50
Chapter 51
Chapter 52
Chapter 53
Chapter 54
Chapter 55
Chapter 56
Chapter 57
Chapter 58
Chapter 59
Chapter 60
Chapter 61
Chapter 62
Chapter 63
Chapter 64
Chapter 65
Chapter 66
Chapter 10 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36
37
38
39
40
41
42
43
44
45
46
47
48
49
50
51
52
53
54
55
56
57
58
59
60
61
62
63
64
65
66