bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Isaiah 34
Isaiah 34
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 33
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 49
Chapter 50
Chapter 51
Chapter 52
Chapter 53
Chapter 54
Chapter 55
Chapter 56
Chapter 57
Chapter 58
Chapter 59
Chapter 60
Chapter 61
Chapter 62
Chapter 63
Chapter 64
Chapter 65
Chapter 66
Chapter 35 →
1
Gabhaigí i leith, a chiníocha, go n-éiste sibh; a phobala, tugaigí aire; éisteadh an talamh agus gach a bhfuil ann, an domhan cláir agus a shliocht go léir!
2
Óir tá fearg ar an Tiarna leis na ciníocha ar fad, tá sé i bhfíoch leis an slua acu go léir; tá siad curtha faoi gheasa a millte aige, tá siad tugtha suas aige don ár.
3
Tá a gcuid marbhán á gcartadh amach, agus boladh ag éirí óna gcoirp; tá a gcuid fola ina slaoda ar na sléibhte;
4
tá slua na spéartha ar fad ag titim as a chéile. Tá na spéartha á gcornadh suas mar bheadh scrolla ann agus slua na reann ag feo, mar a bheadh craobhacha fíniúna ag feo, mar dhuilliúr feoite an chrann figí.
5
Óir tá mo chlaíomh ar maos sna spéartha? Féach, tá sé ag tuirlingt ar Eadóm, ar an gcine atá daortha damhnaithe agam.
6
Tá claíomh ag an Tiarna agus é sách le fuil, tá sé bealaithe le blonag, le fuil na n-uan agus na ngabhar, le geir cheathrún na reithí. Mar tá íobairt ag an Tiarna i mBozrá agus eirleach mór aige i bhfearann Eadóm.
7
Tá ciníocha ag titim mar a thitfeadh damhra allta, in ionad tarbh, tá pobal gaiscíoch á leagan. Tá a dtalamh siúd múchta le fuil, agus a gcréafóg á leasú le geir.
8
Óir lá díoltais ag an Tiarna atá ann agus bliain chúitimh ag curadh cosanta Shíón.
9
Beidh srutháin thír Eadóm arna n-iompú ina bpic agus a créafóg ina cloch ruibhe; tá an dúiche in aon dóiteán pice amháin.
10
Oíche nó lá ní théann múchadh uirthi, tá an toit ag dul suas uaithi de shíor; beidh ina fásach ó ghlúin go glúin, duine daonna ní ghabhfaidh tríthi go deo.
11
Beidh sí ina gnáthóg ag an mbonnán buí agus ag an ngráinneog; beidh cónaí ann ag an scréachóg agus ag an bhfiach dubh; sínfidh an Tiarna dorú an éagrutha léi, agus leibhéal na foilmhe.
12
Beidh [a n-áit chónaithe ag na púcaí inti]; ní bheidh a cuid uaisle ar fáil níos mó, ní ghairfear ríthe inti feasta agus beidh a taoisigh go léir ina neamhní.
13
Ina cuid pálás beidh sceacha ag fas, agus driseacha agus feochadáin ina dúnta; beidh sí ina huaimheanna ag madraí allta, mar áitreabh ag ulchabháin.
14
Casfaidh cait allta le faolchúnna inti, agus beidh na púcaí ansin ag glaoch ar a chéile; is inti a rachaidh an chailleach oíche ar ceathrúin, ar lorg suaimhnis di féin.
15
Déanfaidh an nathair a nead inti agus béarfaidh a cuid uibheacha; is inti a rachaidh sí ar gor agus a ligfidh amach a hál; is inti fós a bhaileoidh na seabhaic le chéile,
16
16a Cuardaigí i leabhar an Tiarna agus léigí; oiread agus ceann amháin níl in easnamh! 16b Óir is é a bhéalsan a d' ordaigh é, agus a spioradsan a thug le chéile iad. 16c gach aon acu agus a leathéan in éineacht leis. ABN: 16c, 16a, 16b
17
Óir tá a gcinniúint uile curtha ar chrainn aige. is í a lamhsan a roinn a gcuid orthu leis an dorú. Beidh seilbh acu uirthi go deo, beidh siad ina gcónaí inti ó ghlúin go glúin.
← Chapter 33
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 49
Chapter 50
Chapter 51
Chapter 52
Chapter 53
Chapter 54
Chapter 55
Chapter 56
Chapter 57
Chapter 58
Chapter 59
Chapter 60
Chapter 61
Chapter 62
Chapter 63
Chapter 64
Chapter 65
Chapter 66
Chapter 35 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36
37
38
39
40
41
42
43
44
45
46
47
48
49
50
51
52
53
54
55
56
57
58
59
60
61
62
63
64
65
66