bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Isaiah 14
Isaiah 14
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 13
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 49
Chapter 50
Chapter 51
Chapter 52
Chapter 53
Chapter 54
Chapter 55
Chapter 56
Chapter 57
Chapter 58
Chapter 59
Chapter 60
Chapter 61
Chapter 62
Chapter 63
Chapter 64
Chapter 65
Chapter 66
Chapter 15 →
1
Sea, glacfaidh an Tiarna trua do Iacób agus toghfáidh sé Iosrael arís agus bunóidh sé iad ina dtír féin. Tiocfaidh an coimhthíoch a cheangal leo agus cloífidh sé le teaghlach Iacóib.
2
Tiocfaidh na ciníocha faoina gcoinne agus déanfaidh siad iad a thionlacan ar ais ionsar a n-áit dúchais, agus fostóidh teaghlach Iosrael iad mar sclábhaithe agus searbhóntaí dóibh féin ar thalamh an Tiarna. Tógfaidh siad mar bhraighdeanaigh iad siúd ag a raibh siad ina mbraighdeanaigh, agus beidh smacht acu ar lucht a mbrúite.
3
An lá a dtabharfaidh an Tiarna faoiseamh duit tar éis do chrá agus do chorraíola, agus tar éis na daoirse déine a raibh tú daortha ann, crochfaidh tú suas an t-amhrán seo mar aoir ar rí na Bablóine:
4
Féach mar tá deireadh leis an aintiarna! Féach mar tá deireadh lena dhíomas!
5
Tá bata na n-urchóideach briste ag an Tiarna, agus slat ríoga na bhflatha,
6
an té a ghreadadh na ciníocha go fíochmhar le buillí agus le béimeanna, a smachtaíodh na náisiúin le fraoch, á gciapadh gan sos.
7
Tá an talamh uile ag ligean a scíthe faoi shuaimhneas; gáireann sé amach a racht áthais.
8
Na crainn ghiúise féin, tá lúcháir orthu as do chás, tá agus ar chéadrais na Liobáine: «Óir thit tusa ar lár,» arsa siad, «ní thagann aon duine aníos dár leagan.»
9
Tá Seól thíos corraithe faoi do chionn chun teacht ag fáiltiú romhat. Dúisíonn sé taisí na sean in onóir duit, a raibh ina dtaoisigh ar talamh; cuireann sé suas as a suíocháin ríoga ríthe na náisiún ar fad.
10
Seo mar chuireann an t-iomlán acu forrán ort: «Tusa freisin, tá tú scriosta mar atáimidne; rinneadh leat mar rinneadh linn féin.»
11
Tá do phoimp caite síos go Seól, mar aon le ceol do chuid cláirseach; na péisteanna atá mar leaba fút agus na cnumhóga ina gclúdach os do chionn.
12
Nach breá mar tá tú tite ó na spéartha, a sholas na solas agus a mhic na maidine! Nach breá mar caitheadh anuas ar talamh thú, tusa a mbíodh na ciníocha uile faoi do réir!
13
Bhítheá á rá leat féin i do chroí: «Dreapfaidh mé go barr na bhflaitheas; os cionn réaltaí Dé a thógfaidh mé mo chathaoir ríoga. Suífidh mé ar an sliabh mar a mbailíonn na déithe i ndáil chomhairle in iargúil an tuaiscirt i gcéin.
14
Rachaidh mé suas go barr na néalta dubha, beidh mé cosúil leis an Té is airde.
15
Ach féach, tá tú caite síos go Seól, go híochtar an duibheagáin féin.»
16
Iad siúd a fheiceann thú, breathnaíonn siad ort, stánann ort agus déanann a machnamh: «An é sin an fear a chuireadh an domhan ar crith, a leagadh na ríochtaí ar lár,
17
a rinne fásach den talamh agus fothracha de na bailte, agus nár scaoil cime as braighdeanas riamh?»
18
Ríthe uile na náisiún, tá siad ina luí faoi ghradam, gach aon ina thuama féin.
19
Ach tusa, tá tú caite amach as d' uaigh mar bheadh dramhaíl déistineach, ár agus coscairt chlaímh sa mhullach ort, agus tú ar chlocha na díge i do chosair chró.
20
Ní bheidh cuid ar bith leo siúd agat san adhlacadh. Óir tá do thír féin scriosta agat, agus do mhuintir díothaithe. Ní bheidh iomrá go deo arís ar ál sin na n-urchóideach.
21
Cuirigí eirleach in áirithe dá chlann mhac i gcúiteamh ar mhírún a n-athar. Ná héirídís go deo arís chun an domhan a ghabháil ina seilbh, chun aghaidh na talún a chlúdach lena líon.
22
«Éireoidh mé suas ina n-éadan briathar Thiarna na Slua agus teascfaidh mé den Bhablóin a hainm agus a hiarsma. Gan síol gan sliocht a bheidh sí briathar an Tiarna.
23
Déanfaidh mé fearann don ghráinneog aisti, agus riasc. Scuabfaidh mé í le scuab an scriosta briathar Thiarna na Slua.»
24
Thug Tiarna na Slua a mhionn air, á rá: «Cinnte! Díreach mar a thuar mé, is amhlaidh a thiocfaidh isteach. An rud a shocraigh mé, is é a chuirfear i gcrích:
25
An Asaír a bhriseadh i mo dhúiche féin, í a bhascadh ar mo shléibhte. Sleamhnóidh a cuing díbh, sleamhnóidh a hualach de bhur ngualainn.'
26
Is é seo an beart ar cinneadh air in éadan na talún go hiomlán; is í seo an lámh atá sínte amach in éadan na náisiún.
27
Ó chinn Tiarna na Slua ar a bheart, cé a leomhfadh a chur ar ceal? Má shíneann sé amach a lámh, cé a thabharfadh air í a tharraingt chuige isteach?
28
An bhliain a bhfuair Áchaz rí bás a tugadh an fháistine seo:
29
Ná bíodh gairdeas ortsa, a Fhilistía go léir, de bharr gur briseadh an bata a bhíodh do do léasadh, óir as pór na péiste tiocfaidh nathair, agus a thoradh sin arís, beidh ina dhragan sciathánach.
30
Ach beidh na bochtáin ag iníor ar mo thailte féaraigh, agus na truáin ag ligean a scíthe go slán sábháilte. Maidir le do shliochtsa, áfach, tabharfaidh mé a mbás le hocras agus maróidh mé a bhfuil fágtha díbh.
31
Lig uaill sa gheata! Glaoigh ar chabhair sa chathair! Bíodh scéin ort, a Fhilistía go léir! Óir tá namhaid ag triall aduaidh ina dheatach agus fágálach ní bheidh ina chuid cathlán.
32
Cén freagra a thabharfar ansin do theachtairí an chine sin? An méid seo, gurb é an Tiarna a bhunaigh Síón ina háit, agus is ann a gheobhaidh dearóile a mhuintire dídean.
← Chapter 13
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 49
Chapter 50
Chapter 51
Chapter 52
Chapter 53
Chapter 54
Chapter 55
Chapter 56
Chapter 57
Chapter 58
Chapter 59
Chapter 60
Chapter 61
Chapter 62
Chapter 63
Chapter 64
Chapter 65
Chapter 66
Chapter 15 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36
37
38
39
40
41
42
43
44
45
46
47
48
49
50
51
52
53
54
55
56
57
58
59
60
61
62
63
64
65
66