bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Isaiah 32
Isaiah 32
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 31
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 49
Chapter 50
Chapter 51
Chapter 52
Chapter 53
Chapter 54
Chapter 55
Chapter 56
Chapter 57
Chapter 58
Chapter 59
Chapter 60
Chapter 61
Chapter 62
Chapter 63
Chapter 64
Chapter 65
Chapter 66
Chapter 33 →
1
Is é an ceart is bun le ríogacht an rí agus an chóir le flaitheas na bhflatha;
2
is cosúil gach aon acu le foscadh ón ngaoth, le fothain ón anfa, amhail srutháin uisce i dtalamh tirim, amhail fuarthan carraige móire i bhfearann spallta.
3
Ní bheidh sram ansin ar na súile a fheiceann, beidh na cluasa a chloiseann ar bior,
4
beidh croí lucht luathintinne ag cleachtadh críonnachta agus teanga na dtrudairí ag labhairt go héasca agus go soiléir;
5
ní thabharfar uasal feasta ar an amadán, ná ní bheidh clú na cneastachta ar an gcaimiléirí.
6
Óir bíonn an t-amadán ag stealladh amaidí agus a chroí ag meabhrú an oilc, chun an urchóid a chur i gcrích, chun labhairt go hiomrallach faoin Tiarna, chun an t-ocrach a fhágáil agus a bholg folamh agus deoch a dhiúltú don té a bhfuil tart air.
7
Maidir leis an gcaimiléirí, tá a chaimiléireacht mallaithe; bíonn sé ag ceapadh seifteanna chun na bochtáin a mhilleadh le bréaga, fiú agus an ceart ag cúis na ndearóile;
8
ach an té atá uasal, is uasal dá bhearta, agus an rud uasal, is é á chuireann sé i bhfeidhm.
9
A mhná an tsócúil, bígí in bhur seasamh, éistigí le mo ghlór; a iníonacha na rómhuiníne, tugaigí cluas do mo chaint!
10
I gcionn bliana agus corradh beidh sibh ar crith, a mhná na rómhuiníne, óir meathfaidh barr na fíniúna; fómhar ní bheidh ann ar aon chor.
11
Bígí ar crith, a mhná an tsócúil, bíodh buaireamh oraibhse atá rómhuiníneach; bainigí díbh, nochtaigí sibh féin, fáiscigí suas bhur gcóitiní oraibh!
12
Buailigí bhur n-ucht i ndiaidh na dtailte taitneamhacha, i ndiaidh na fíniúna a bhí torthúil,
13
i ndiaidh dúiche mo mhuintire mar a bhfuil sceacha agus driseacha ag fás, i ndiaidh gach teach a raibh lúcháir ann sa chathair chaithréimeach.
14
Óir tá an pálás tréigthe, agus torann an bhaile ina thost; beidh cnoc Oifil agus an Port Mór ina bpluaiseanna go deo, réimse macnais do na hasail allta, féarach na dtréad.
15
Doirtfear orainn as an nua an Spiorad ón aird thuas; déanfar gairdín den fhásach ansin agus fásfaidh an gairdín ina choill chraobhach.
16
Beidh an ceart ag lonnú san fhásach, agus an gairdín ina áit chónaithe ag an gcóir;
17
an tsíocháin a bheidh mar thoradh ar an gcóir, agus is é is tairbhe don cheart suaimhneas agus sábháilteacht go deo.
18
Lonnóidh mo phobal in áitreabh síochána, i dtithe iontaofa, in ionaid chónaithe shócúlacha,
19
- leagfar an choill agus tabharfar béim síos don chathair.
20
Is méanar daoibh ansin agus sibh ag cur síl le hais gach srutháin, agus an damh agus an t-asal a scaoileadh agaibh saor amach.
← Chapter 31
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 49
Chapter 50
Chapter 51
Chapter 52
Chapter 53
Chapter 54
Chapter 55
Chapter 56
Chapter 57
Chapter 58
Chapter 59
Chapter 60
Chapter 61
Chapter 62
Chapter 63
Chapter 64
Chapter 65
Chapter 66
Chapter 33 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36
37
38
39
40
41
42
43
44
45
46
47
48
49
50
51
52
53
54
55
56
57
58
59
60
61
62
63
64
65
66