bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Isaiah 23
Isaiah 23
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 22
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 49
Chapter 50
Chapter 51
Chapter 52
Chapter 53
Chapter 54
Chapter 55
Chapter 56
Chapter 57
Chapter 58
Chapter 59
Chapter 60
Chapter 61
Chapter 62
Chapter 63
Chapter 64
Chapter 65
Chapter 66
Chapter 24 →
1
Fáistine i dtaobh na Tuíre. Caoinigí, a longa Thairsís, mar tá bhur longfort scriosta. Ar a mbealach ó thír Chitím is ea chuala siad an scéala.
2
Déanaigí mairgneach, a mhuintir an chósta, a cheannaithe Shíodóine, a mbíodh bhur bhfeidhmeannaigh ag taisteal na bhfarraigí
3
agus na bóchna móire. Arbhar na Níle agus fómhar na hAbhann a rinne a saibhreas, agus bhíodh sí ag díol leis an domhan mór.
4
Náire agus ceann faoi ort, a Shíodón, óir seo mar a labhraíonn an tréanmhuir: «Tinneas clainne níl orm feasta, ná ní bheirim leanbh; níl clann mhac agam le tógáil ná iníonacha le hoiliúint.»
5
Nuair a gheobhaidh siad an tuairisc san Éigipt, beidh siad ar crith de bharr chinniúint na Tuíre.
6
Tógaigí oraibh go Tairsís siar, a deir siad, bígí ag mairgneach, a mhuintir an chósta.
7
An é sin bhur gcathair ghriothalánach, a bhfuil cáil uirthi ón seanam anall, a dtugadh a cosa ag taisteal i bhfad i., chun cónaí a dhéanamh i gcéin?
8
Cé a cheap an beart seo i gcoinne Tuír na gcoróineacha, a mbíodh a ceannaithe ina bprionsaí, agus a trádálaithe ar mhóruaisle na talún?
9
Is é Tiarna na Slua a bheartaigh, chun díomas a scéimhe a ísliú, chun toicithe na talún a chaitheamh síos.
10
Téigí le talmhaíocht, a mhuintir Thairsís, níl an calafort ann níos mó!
11
Shín an Tiarna amach a lámh os cionn na farraige agus chroith sé a cuid ríochtaí; thug sé an t-ordú go scriosfaí dúnfoirt Chanán.
12
Dúirt sé: «Ná bíodh lúcháir ort níos mó, a mhaighdean ar a ndearnadh éigean, a iníon Shíodóine! Dá n-éireofá agus triall anonn go Citím; thall ansin fiú, níl scíth i ndán duit ach oiread.»
13
Féach an tír seo dár dhual longa! Thóg na Caildéigh a dtúir léigir. Leag siad a cuid daingean agus d' fhág ina ballóg í.
14
Caoinigí, a longa Thairsís, mar tá bhur longfort scriosta!
15
Tarlóidh sé an lá sin go ndéanfar dearmad ar an Tuír go cionn deich mbliana agus trí scór. Ach nuair a thiocfaidh rí eile i gcoróin, i gcionn deich mbliana agus trí scór, beidh an Tuír cosúil le striapach an amhráin:
16
Tóg do chláirseach, déan cuairt na cathrach, a striapach bhocht thréigthe! Seinn go binn, croch suas do cheol, spreag cuimhne ort sna daoine arís!
17
Mar sin i gcionn deich mbliana agus trí scór tiocfaidh an Tiarna ar a chuairt chuig an Tuír. Tosóidh sí arís ar chúiteamh a cuid striapachais a fháil. Deanfaidh sí striapach di féin le ríochtaí an domhain uile ar dhroim talún.
18
Ach déanfar a sochar agus a tuarastal a thiomnú don Tiarna; ní chruinneofar ná ní chuirfear i dtaisce iad. Is dóibh siúd a chaitheann a saol os comhair an Tiarna a rachaidh a sochar, chun go mbeidh a sáith le hithe acu agus éadach galánta.
← Chapter 22
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 49
Chapter 50
Chapter 51
Chapter 52
Chapter 53
Chapter 54
Chapter 55
Chapter 56
Chapter 57
Chapter 58
Chapter 59
Chapter 60
Chapter 61
Chapter 62
Chapter 63
Chapter 64
Chapter 65
Chapter 66
Chapter 24 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36
37
38
39
40
41
42
43
44
45
46
47
48
49
50
51
52
53
54
55
56
57
58
59
60
61
62
63
64
65
66