bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Isaiah 54
Isaiah 54
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 53
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 49
Chapter 50
Chapter 51
Chapter 52
Chapter 53
Chapter 54
Chapter 55
Chapter 56
Chapter 57
Chapter 58
Chapter 59
Chapter 60
Chapter 61
Chapter 62
Chapter 63
Chapter 64
Chapter 65
Chapter 66
Chapter 55 →
1
Gáir le háthas, a bhean aimrid nár shaolaigh clann; bris amach i ngártha áthais agus lúcháire, tusa nach raibh i bpriacal riamh! Óir is líonmhaire clann na mná tréigthe ná clann na mná céile, a deir an Tiarna.
2
Cuir méid le hurlár do phubaill, sín amach bratacha d' áit chónaithe, scaoil amach iad; cuir fad le do chordaí agus téagar i do sháiteáin!
3
Óir réabfaidh tú amach as do chríocha ar dheis agus ar chlé. Cuirfidh do shliocht na ciníocha as a seilbh, agus déanfaidh áitreabh dóibh féin as cathracha tréigthe.
4
Ná bíodh eagla ort, mar ní thabharfar do náire; ná bí buartha, ní bhainfear lasadh asat níos mó. Óir déanfaidh tú dearmad ar náire d' óige agus ní bheidh cuimhne agat feasta ar mhíchlú do bhaintreachais.
5
Óir do Chruthaitheoir, is é is céile duit, agus Tiarna na Slua is ainm dó; Neach Naofa Iosrael, is é do shlánaitheoir é, ar a dtugtar Dia an domhain uile.
6
Sea! i do bhean tréigthe mar atá tú agus an t-anam cráite ionat, tá Dia ag glaoch ar ais ort. Cé a shéanfadh an bhean atá mar chéile aige óna hóige? a deir do Dhia.
7
Seal faiteadh súl a thréig mé thú, ach le barr dáimhe agus dúchais baileoidh mé chugam thú.
8
Seal beag agus racht fraoich agus feirge orm cheil mé mo ghnúis ort. Ach tá trua agam duit anois le caoindúthracht shíoraí, a deir an Tiarna, do shlánaitheoir.
9
Is ionann cás dom anois agus in aimsir Naoi nuair a mhionnaigh mé i dtaobh uiscí na Díleann nach sceithfeadh siad thar an talamh níos mó. Mionnaim mar an gcéanna i dtaobh na feirge a bhí orm leat agus i dtaobh na haithise a chaith mé leat.
10
Óir féadann na sléibhte imeacht agus na cnocáin bogadh leo, ach mo chaoindúthracht duitse ní imeoidh ná mo chonradh síochána leat ní bhogfar, a deir an Tiarna, a bhfuil trua aige duit.
11
A chathair atá cráite, stoirmshuaite, gan sólás, is amhlaidh a leagfaidh mé do chlocha ar charmhogail agus do dhúshraith ar shaifírí.
12
Déanfaidh mé binn agus buaic duit de rúibíní, geataí den chriostal duit, agus de liaga lómhara do chompal uile.
13
Do chlann go léir beidh siad á dteagasc ag an Tiarna agus is mór an rath a bheidh orthu mar chlann.
14
Beidh tú bunaithe ar an bhfíréantacht; i bhfad uait an leatrom, agus ní bheidh eagla ort, i bhfad uait an scéin, mar ní thiocfaidh sí i do chomhair.
15
Má dhéantar ionsaí ort, ní uaimse a thiocfaidh sé; an té a dhéanann ionsaí ort, caillfear é dá bharr.
16
Seo, is mise a chruthaigh an gabha, an té a shéideann tine na gceartaí agus a tháirgeann airm de réir na feidhme atá leo. Ach is mise fós a chruthaigh fear a scriosta agus a ndíobhála.
17
Níl arm dá ndearna gabha a mbeidh aon mhaith leis i do choinne. Duine ar bith a chuireann cúis dlí ort, casfaidh tú an t-éitheach lena bhéal. Sin mar atá i ndán do shearbhóntaí an Tiarna; sin mar a sheasfaidh mé a gceart dóibh, briathar an Tiarna.
← Chapter 53
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 49
Chapter 50
Chapter 51
Chapter 52
Chapter 53
Chapter 54
Chapter 55
Chapter 56
Chapter 57
Chapter 58
Chapter 59
Chapter 60
Chapter 61
Chapter 62
Chapter 63
Chapter 64
Chapter 65
Chapter 66
Chapter 55 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36
37
38
39
40
41
42
43
44
45
46
47
48
49
50
51
52
53
54
55
56
57
58
59
60
61
62
63
64
65
66