bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Isaiah 60
Isaiah 60
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 59
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 49
Chapter 50
Chapter 51
Chapter 52
Chapter 53
Chapter 54
Chapter 55
Chapter 56
Chapter 57
Chapter 58
Chapter 59
Chapter 60
Chapter 61
Chapter 62
Chapter 63
Chapter 64
Chapter 65
Chapter 66
Chapter 61 →
1
Aiséirí Iarúsailéim
2
ainneoin go bhfuil an dorchadas ag leathadh thar an talamh agus dúchan na hoíche ar na ciníocha. Os do chionnsa tá an Tiarna ag éirí agus tá a ghlóir le feiceáil anuas ort.
3
Tá na náisiúin ag triall ar do sholas agus a ríthe ar ghile do mhaidneachain.
4
Ardaigh do shúile agus breathnaigh mórthimpeall: táthar ag bailiú le chéile agus ag triall ort. Tá do chlann mhac ag teacht ó i bhfad i gcéin, d iníonacha fós agus iad á n-iompar ar an leis.
5
Ar a fheiceáil duit, beidh loinnir i do ghnúis, beidh do chroí ag borradh ionat le tocht: óir casfar flúirse na farraige i do threo, tiocfaidh saibhreas na náisiún ag triall ort.
6
Beidh tú ar do chlúdach le camaill ina sluaite, scoth chamaill Mhidián agus Éafá, iad siúd go léir ag triall as Seabá, ór agus túis ar iompar acu, agus iad ag fógairt moltaí an Tiarna.
7
Tréada uile Chéadar, cruinneoidh siad le chéile duit; beidh reithí Nabáiót ag riar ar do ghá. Rachaidh siad suas agus beidh glacadh leo air m' altóir, cuirfear maise le maise mo Theampaill.
8
Cé hiad siúd ag seoladh leo ar nós na néalta, mar a bheadh colúir ag filleadh ar a gcró?
9
Soithí is ea iad ag bailiú as críocha na farraige, agus longa Thairsís ar a gceann, ag iompar do chlann mhac ó i bhfad i gcéin agus a gcuid óir agus airgid in éindí leo, ar son ainm an Tiarna do Dhia agus Neach Naofa Iosrael, os é a chuir maise ort.
10
Beidh clann na gcoimhthíoch ag tógáil do mhúrtha as an nua, agus a ríthe ag déanamh freastail ort. Óir cé gur bhasc mé thú nuair a bhí an taom feirge orm, is tú mo pháirt anois agus ghlac mé trua duit.
11
Beidh do gheataí ar leathadh de shíor, de lá ná d' oíche ní bheidh siad dúnta, chun go dtugtar chugat saibhreas na gciníocha agus a ríthe ar téad dá gcinnireacht.
12
Óir náisiún nó ríocht nach stríocann duit, caillfear iad, agus déanfar slad ar thíortha iomlána.
13
Maise na Liobáine tiocfaidh ag triall ort, giúis agus ailm agus cufróg ar fad le chéile, chun slacht a chur ar láthair mo shanctóra, agus scéimh san áit ar lonnaigh mo chosa.
14
Tiocfaidh clann lucht an ansmachta ag cromadh síos i do láthair; sléachtfaidh ag do chosa an dream a mba tháir leo thú. Tabharfaidh siad Cathair an Tiarna ort, Síón Neach Naofa Iosrael.
15
In ionad a bheith tréigthe mar a bhí tú, i do chéile a raibh fuath ort agus tú fágtha, déanfaidh mé ábhar mórála díot go deo, cúis ghairdis ó ghlúin go glúin.
16
Diúlfaidh tú bainne na gciníocha, diúlfaidh tú saibhreas na ríthe. Agus tuigfidh tú gur mise an Tiarna is slánaitheoir duit, gurb é Neach Tréan Iacóib d' fhuascailteoir.
17
In ionad umha, tabharfaidh mé ór chugat; in ionad iarainn, tabharfaidh mé airgead; in ionad adhmaid, umha; in ionad cloiche, iarann. Gnó do chuid reachtairí fágfaidh mé ag an tsíocháin, agus feidhm do mhaor ag an bhfíréantacht.
18
Ní bheidh trácht ar fhoréigean i do dhúiche níos mó, ar scrios ná ar shlad i do chríocha. Goirfidh tú Saoirse do do mhúrthaí.
19
Ní bheidh an ghrian mar sholas agat feasta sa lá ná loinnir ghealaí le teacht na hoíche. Is é an Tiarna a bheidh agat ina sholas síoraí agus do Dhia ina bharr maise ort.
20
Ní rachaidh do ghrian faoi go deo arís ná urú ní thiocfaidh ar do ghealach, óir beidh an Tiarna agat mar sholas síoraí agus cuirfear críoch le laethanta do bhróin.
21
Beidh do mhuintir go léir ina bhfíréin agus seilbh acu ar an tír go deo, ina mbachlóg de chuid plandála an Tiarna, saothar ó mo lámha féin ar mhaithe le mo ghlóir.
22
An té is lú díobh déanfar míle de, agus cine láidir as an mbaicle bheag. Mise an Tiarna, tá mé tar éis labhairt; in am trátha cuirfidh mé i gcrích é.
← Chapter 59
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 49
Chapter 50
Chapter 51
Chapter 52
Chapter 53
Chapter 54
Chapter 55
Chapter 56
Chapter 57
Chapter 58
Chapter 59
Chapter 60
Chapter 61
Chapter 62
Chapter 63
Chapter 64
Chapter 65
Chapter 66
Chapter 61 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36
37
38
39
40
41
42
43
44
45
46
47
48
49
50
51
52
53
54
55
56
57
58
59
60
61
62
63
64
65
66