bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Isaiah 26
Isaiah 26
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 25
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 49
Chapter 50
Chapter 51
Chapter 52
Chapter 53
Chapter 54
Chapter 55
Chapter 56
Chapter 57
Chapter 58
Chapter 59
Chapter 60
Chapter 61
Chapter 62
Chapter 63
Chapter 64
Chapter 65
Chapter 66
Chapter 27 →
1
An lá sin, beidh an laoi seo á ceol ar thalamh Iúdá: «Tá baile daingean againn; leag sé amach bábhún agus forbhalla dár ndídean.
2
Osclaígí na geataí! Isteach leis an bpobal fíréanta, an té a sheasann lena ghealltanas,
3
atá bunúsach ó chroí, a choinníonn an tsíocháin, óir is asatsa atá a mhuinín.
4
Bíodh bhur muinín as an Tiarna go deo, óir is é an Tiarna an charraig shíoraí;
5
d' ísligh sé an dream a bhí ina gcónaí ar na harda, muintir an dúnfoirt daingin, leagann sé iad, leagann iad ar lár, caitheann sé síos iad sa láib;
6
cosa na n-úiríseal agus na mbochtán, siúlann siad orthu ina gcoiscéim.»
7
Is díreach bealach an fhíréin, réitíonn tú bóthar díreach don fhíréan.
8
Is ea, ar bhealach do chuid breithiúnas tá muid ag fanacht ort, a Thiarna, is é d' ainm agus do chuimhne tnúthán ár n-anama.
9
Bíonn m' anam ag dréim leat san oíche, agus mo spiorad do do lorg ionam féin istigh; nuair a fhoilsítear do bhreithiúnais ar talamh, foghlaimíonn muintir an domhain ceart agus cóir.
10
Má thugtar fabhraíocht don urchóideach, ní fhoghlaimíonn sé ionracas. i dtír na córa, déanann sé urchóid; ní fheiceann sé maorgacht an Tiarna.
11
A Thiarna, tá do lámh tógtha in airde; ní fheiceann siad í. Feiceadh siad do dhúthracht i leith an phobail seo, is bíodh náire orthu; an tine a lasadh le haghaidh do naimhde, alpfaidh sí iad.
12
A Thiarna, is tú a thugann síocháin dúinn, óir caitheann tú linn de réir mar tá tuillte againn.
13
A Thiarna, a Dhia linn, bhí réim ag tiarnaí seachas tú féin orainn ach ní aithnímid ach tusa feasta, ní aithnímid ach d' ainmse amháin.
14
Marbh atá siad siúd, agus níl saol i ndán dóibh arís. Scáilí is ea iad, ní éireoidh siad níos mó, mar tá siad smachtaithe scriosta agat agus tá a gcuimhne curtha ar ceal.
15
Méadaigh do phobal, a Thiarna, méadaigh é; tabhair glóir don phobal, cuir fairsinge le críocha na tíre go léir!
16
A Thiarna, san anbhroid dúinn tá muid do do lorg; anacair agus ansmacht, ba iad siúd do phionós orainn.
17
Mar bhean ag iompar, ag lúbarnach is ag screadach i dtinneas clainne, is amhlaidh dúinn féin, a Thiarna, os do chomhair;
18
ghabh muid gin, tá muid i bpriacal mar bheimis ag saolú; ach níor thug muid spiorad an tslánaithe ar an saol, níl áitritheoirí á mbreith don domhan níos mó.
19
Beidh saol ag do chuid marbhánach arís, éireoidh a gcoirp as an nua; músclaígí, déanaigí gairdeas, sibhse uile atá sínte sa láib; óir is geal é mar dhrúcht do dhrúchtsa, agus tiocfaidh sliocht ar thír na scáth.
20
Imigh, a phobal liom, gabh isteach i do sheomraí agus dún na doirse i do dhiaidh. Gabh i bhfolach seal nóiméid go dtí go dté an fhearg thart.
21
Óir féach, tá an Tiarna ag teacht as a áras amach chun a n-urchóid a aifirt ar mhuintir an domhain go léir. Tá an talamh chun an fhuil a doirteadh air a aiseag, agus ní choinneoidh sé a chuid marbh faoi chlúdach níos mó.
← Chapter 25
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 49
Chapter 50
Chapter 51
Chapter 52
Chapter 53
Chapter 54
Chapter 55
Chapter 56
Chapter 57
Chapter 58
Chapter 59
Chapter 60
Chapter 61
Chapter 62
Chapter 63
Chapter 64
Chapter 65
Chapter 66
Chapter 27 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36
37
38
39
40
41
42
43
44
45
46
47
48
49
50
51
52
53
54
55
56
57
58
59
60
61
62
63
64
65
66