bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Isaiah 52
Isaiah 52
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 51
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 49
Chapter 50
Chapter 51
Chapter 52
Chapter 53
Chapter 54
Chapter 55
Chapter 56
Chapter 57
Chapter 58
Chapter 59
Chapter 60
Chapter 61
Chapter 62
Chapter 63
Chapter 64
Chapter 65
Chapter 66
Chapter 53 →
1
Dúisigh, dúisigh suas! Cuir umat do neart, a Shíón! Cuir ort an chuid is galánta de d' éadach, a Iarúsailéim, a chathair bheannaithe. Óir ní thiocfaidh isteach chugat níos mó duine gan timpeallghearradh ná duine neamhghlan.
2
Craith díot an dusta sin! Bí i do shuí, a Iarúsailéim, a bhraighdeanaigh! Scaoil do mhuineál as a gheimhleacha, a iníon Shíón, a bhraighdeanaigh!
3
Sea, seo mar a deir an Tiarna: Díoladh saor in aisce sibh agus ceannófar ar ais sibh gan airgead.
4
Sea, seo mar a deir an Tiarna: Chuaigh mo mhuintir síos chun na hÉigipte anallód agus d' fhan ansin; ina dhiaidh sin d' imir an Asaír ansmacht agus foréigean orthu.
5
Ach anois cad atá agam anseo? a deir an Tiarna, ó tógadh mo mhuintir ar shiúl saor in aisce agus lucht smachtaithe ag déanamh gaisce, a deir an Tiarna, agus ó mhaidin go hoíche gan stad tá m' ainm á mhaslú.
6
Sin é an fáth a gcuirfidh mo mhuintir aithne ar m' ainm; tuigfidh siad, an lá sin, gur mise a deir: «Seo anseo mé!»
7
Nach álainn ar na sléibhte cosa an té a bhfuil dea-scéala leis, síocháin á craoladh aige, maitheas á fógairt aige, fuascailt á craoladh aige, á rá le Síón: «Tá do Dhia tar éis teacht i réim.»
8
Éist! Tá do lucht faire ag ardú a nglór, ag liúireach le háthas in éineacht, óir is léir dóibh lena súile cinn an Tiarna ag filleadh ar Shíón.
9
Scairtigí amach le háthas, a bhallóga Iarúsailéim! mar tá an Tiarna ag tabhairt sóláis dá mhuintir, tá sé ag fuascailt Iarúsailéim.
10
Tá an Tiarna ag nochtadh a láimhe naofa os comhair súile na gciníocha go léir, agus feicfidh críocha uile na talún beart tarrthála ár nDé.
11
«Amach libh! Amach! Amach as an mBablóin, ná bainigí le rud ar bith atá neamhghlan! Amach libh as lár na háite sin! Glanaigí sibh féin, a lucht iompair shoithigh an Tiarna!
12
Óir ní rachaidh sibh amach faoi dheifir, ní imeoidh sibh mar bheadh teifigh ionaibh. Ar cheann bhur slua beidh an Tiarna ag máirseáil, agus ag déanamh sciath thar lorg oraibh beidh Dia Iosrael.»
13
Is amhlaidh a bheidh rath ar mo Ghiolla, gheobhaidh sé gradam agus céimíocht agus oirearcas thar cuimse.
14
Mar a bhí scéin trath ar na sluaite ar a fheiceáil, (bhí sé chomh loite sin ina chuma ní raibh cruth duine dhaonna air níos mó)
15
is amhlaidh fós a bheidh alltacht ar an iomad ciníocha; fágfar ríthe ina mbalbháin os a chomhair. Óir feicfidh siad rud nach raibh insint scéil air agus breathnóidh siad rud nár chualathas a leithéid riamh:
← Chapter 51
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 49
Chapter 50
Chapter 51
Chapter 52
Chapter 53
Chapter 54
Chapter 55
Chapter 56
Chapter 57
Chapter 58
Chapter 59
Chapter 60
Chapter 61
Chapter 62
Chapter 63
Chapter 64
Chapter 65
Chapter 66
Chapter 53 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36
37
38
39
40
41
42
43
44
45
46
47
48
49
50
51
52
53
54
55
56
57
58
59
60
61
62
63
64
65
66