bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Isaiah 3
Isaiah 3
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 2
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 49
Chapter 50
Chapter 51
Chapter 52
Chapter 53
Chapter 54
Chapter 55
Chapter 56
Chapter 57
Chapter 58
Chapter 59
Chapter 60
Chapter 61
Chapter 62
Chapter 63
Chapter 64
Chapter 65
Chapter 66
Chapter 4 →
1
Sea, féach, tá an Tiarna Dia na Slua, ag dul an uile chrann taca a bhaint de Iarúsailéim agus de Iúdá, (taca aráin agus taca uisce);
2
gaiscíoch, ceithearnach, breitheamh agus fáidh, fear feasa, seanóir,
3
ceann feadhna, ceannasaí, comhairleoir, draoi agus ceard.
4
«Tabharfaidh mé ógánaigh mar phrionsaí dóibh, agus beidh siad faoi réir ag lucht baoise.»
5
Tá na daoine ag déanamh leatroim ar a chéile agus sin idir comharsana; an gasúr ag caitheamh sotail leis an seanduine, agus an daoscar leis an uasal,
6
ionas go bhfaighidh gach aon greim ar a dheartháir i dteach a athar: «Tá brat agat, bí i do thaoiseach orainn, agus tóg an fothrach seo de theaghlach idir lámha.»
7
Tabharfaidh an fear eile mar fhreagra air, an lá sin: «Ní fear leighis mise, níl arán ná brat i mo theach; ná déanaigí taoiseach díomsa ar an teaghlach.»
8
Go deimhin, tá Iarúsailéim ag dul in ainriocht, tá Iúdá ag titim i bhfothracha, óir, a gcaint agus a ngníomhartha i leith an Tiarna, is masla iad ar a ghlóir.
9
A sotal féin, is fianaise ina n-éadan é, déanann siad gaisce as a bpeaca, amhail Sodom. Is trua a gcás, mar rinne siad a gcreachadh féin.
10
Abraigí: «Is méanar don fhíréan, mar íosfaidh sé toradh a ghníomhartha;
11
Is mairg don ainbheartach, tá an t-olc anuas air, caithfear leis de réir saothar a lámh.»
12
A phobal liom, atá faoi ansmacht gasúra agus faoi anfhorlann ag mná. A phobal liom, tá do lucht rialtais ar seachrán agus iad ag milleadh an bhealaigh romhat.
13
Tá an Tiarna ag dul suas chuig a chathaoir bhreithiúnais, tá sé ina sheasamh chun a phobal a chiontú.
14
Tá an Tiarna ag daoradh seanóirí agus prionsaí a phobail. «Is sibhse a chreachann an fíonghort agus a cheileann seilbh an bhochtáin in bhur dtithe.
15
Cén ceart atá agaibh chun mo phobál a bhascadh, agus aghaidh na mbochtán a bhrú?» Is é sin fáistine Thiarna Dia na Slua.
16
Dúirt an Tiarna: «De bharr dhíomais iníonacha Shíón, mar go siúlann siad lena gceann suas agus iad ag caitheamh catsúile, mar go dtéann siad de ghearrchoiscéim, ag baint ceoil as a bhfáinní coise,
17
Fágfaidh an Tiarna a gcloigeann gearbach agus a náire tarnocht.»
18
Sa lá sin, tabharfaidh an Tiarna chun siúil fáinní múrnáin, corráin, síogairlíní,
19
bráisléid, caillí, filléid,
20
cóiriú gruaige, slabhairíní coise, criosanna, boscaí cumhráin agus briochtaí,
21
fáinní, sróiníní,
22
éadach luachmhar, fallaingeacha, cábaí, sparáin,
23
scátháin, línéadach mín, turbain agus caillí cloiginn.
24
In ionad an chumhráin, lofacht; in ionad creasa, súgán; in ionad gruaige cóirithe, cloigeann bearrtha, agus mar éide mhaiseach, éadach róin; in áit áilleachta, lorg an iarainn dheirg.
25
Titfidh do chuid fear leis an gclaíomh, agus do ghaiscígh sa choimheascar.
26
Beidh do gheataí ag caoineadh agus ag déanamh mairgní; agus beidh tú i do shuí ar an talamh, tarnocht.
← Chapter 2
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 49
Chapter 50
Chapter 51
Chapter 52
Chapter 53
Chapter 54
Chapter 55
Chapter 56
Chapter 57
Chapter 58
Chapter 59
Chapter 60
Chapter 61
Chapter 62
Chapter 63
Chapter 64
Chapter 65
Chapter 66
Chapter 4 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36
37
38
39
40
41
42
43
44
45
46
47
48
49
50
51
52
53
54
55
56
57
58
59
60
61
62
63
64
65
66