bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Isaiah 2
Isaiah 2
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 1
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 49
Chapter 50
Chapter 51
Chapter 52
Chapter 53
Chapter 54
Chapter 55
Chapter 56
Chapter 57
Chapter 58
Chapter 59
Chapter 60
Chapter 61
Chapter 62
Chapter 63
Chapter 64
Chapter 65
Chapter 66
Chapter 3 →
1
Fís Íseáia mhic Ámóz i dtaobh Iúdá agus Iarúsailéim.
2
Titfidh sé amach san am atá le teacht go mbeidh an sliabh a bhfuil teach an Tiarna air os cionn na sléibhte, agus go dtógfar níos airde ná na cnoic é. Tiocfaidh na ciníocha go léir ina sruth go dtí é;
3
is iomaí pobal a rachaidh ann agus a déarfaidh: «Seo linn, téimis suas go sliabh an Tiarna go teach Dhia Iacóib, chun go múine sé dúinn a shlite agus go siúlaimis a bhealaí.» Óir ó Shíón rachaidh an dlí amach, agus ó Iarúsailéim briathar an Tiarna.
4
Beidh smacht aige ar na ciníocha agus déanfaidh sé réiteach idir an iomad pobal, agus buailfidh siad a gclaímhte amach ina soic chéachta agus a sleánna ina gcorráin. Ní thógfaidh na ciníocha an claíomh in aghaidh a chéile a thuilleadh ná ní chleachtfaidh siad cogadh níos mó.
5
A theaghlach Iacóib, tagaigí, agus siúlaimis i solas an Tiarna!
6
Is ea, dhiúltaigh tú do do phobal, do mhuintir Iacóib; tá an tír lán le lucht feasa, agus le draíodóirí ar nós na bhFilistíneach; agus bítear ag bualadh boise le heachtrannaigh.
7
Tá a ndúiche lán airgid agus óir agus níl deireadh go deo lena dtaiscí; tá a ndúiche lán de chapaill agus níl deireadh lena gcarbaid;
8
tá a dtír lán de dhéithe bréige? Sléachtann siad go talamh i láthair saothar a lámh féin; os comhair an rud a dhealbhaigh a méara féin.
9
Ísleofar an duine, tabharfar céim síos don duine; ná maith dóibh é.
10
Imigh leat i measc na n-ailteanna, gabh i bhfolach sa láib, ar aghaidh scéin an Tiarna agus maise a mhórgachta, nuair a éiríonn sé chun an talamh a chroitheadh.
11
Beidh ceann faoi ar an uabhar daonna; ísleofar díomas an duine. Is é an Tiarna amháin a ardófar, an lá sin.
12
Sea, lá Thiarna na Slua a bheidh ann, i gcoinne an uile uabhair agus dhíomais, i gcoinne an uile ghradaim, chun a bhascadh,
13
i gcoinne chéadras na Liobáine go léir agus chrann darach Bháiseán go léir,
14
i gcoinne na sléibhte buacacha ar fad agus na gcnocán ard ar fad,
15
i gcoinne na dtúr ard uile agus na mbábhún crioslaithe uile
16
i gcoinne loingeas Thairsís go léir agus a n-earraí luachmhara go léir?
17
Ísleofar an t-uabhar daonna, tabharfar béim síos do dhíomas an duine. Is é an Tiarna amháin a ardófar, an lá sin,
18
agus caithfear síos na déithe bréige go léir.
19
Imígí libh faoi scailpeacha na gcarraig, isteach i bpluaiseanna an talaimh, ar aghaidh scéin an Tiarna agus maise a mhórgachta, nuair a éiríonn sé chun an talamh a chroitheadh.
20
An lá sin, caithfidh an duine chuig na caocháin agus chuig na sciatháin leathair na híola airgid agus na híola óir a dhealbhaigh sé dó féin lena n-adhradh,
21
nuair a rachaidh sé a lorg dídine i ngága na gcarraig agus i scoilteanna na n-ailteanna ar aghaidh scéin an Tiarna agus maise a mhórgachta, nuair a éiríonn sé chun an talamh a chroitheadh.
22
Ná bíodh do mhuinín sa duine a thuilleadh, nach bhfuil ach puth ghaoithe ina pholláirí. Cén luach a chuirfí síos dó?
← Chapter 1
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 49
Chapter 50
Chapter 51
Chapter 52
Chapter 53
Chapter 54
Chapter 55
Chapter 56
Chapter 57
Chapter 58
Chapter 59
Chapter 60
Chapter 61
Chapter 62
Chapter 63
Chapter 64
Chapter 65
Chapter 66
Chapter 3 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36
37
38
39
40
41
42
43
44
45
46
47
48
49
50
51
52
53
54
55
56
57
58
59
60
61
62
63
64
65
66